FOILSIONN ÚDARÁS NÁISIÚNTA IOMPAIR RÁITEAS STRAITÉISE 2018 – 2022

11 March 2018

Tá Ráiteas Straitéise nua foilsithe ag Údarás Náisiúnta Iompair (UNI) inniu. Is é seo an cheathrú Ráiteas Straitéise de chuid UNI agus leagtar amach ann an chlár oibre don tréimhse ón mbliain 2018 go dtí 2022.

Ráiteas Straitéise 2018 – 2022

Cuireann on Straitéis síos ar fhís an Údaráis mar: “Iompar poiblí atá ar ardchaighdeán, atá inrochtana agus inbhuanaithe a chur ar fáil chun daoine ar fud na hÉireann a nascadh le chéile.”

De réir on Straitéis:

Déanfaimid na nithe seo a leanas chun ár bhfís a bhaint amach:

  1. Soláthair córas iompair atá éifeachtach, inrochtana agus comhtháite i gceantair thuaithe agus i gceantair uirbeacha na hÉireann a dheimhniú;
  2. Eispéaras na gcustaiméirí a athrú agus a fheabhsú;
  3. Seirbhísí bus príobháideach a rialáil ar son leasa na gcustaiméirí;
  4. Cabhraigh le comhtháthú éifeachtach ar pholasaithe a bhaineann le hiompar agus le húsáid talaimh; agus
  5. Aistriú pobal na hÉireann chuig córas iompair le níos lú astaíochtaí a chur chun cinn.

Dúirt Anne Graham Príomhfheidhmeannach UNI: “Tá sé soiléir go bhfuil maoiniú ríthábhachtach i gcomhair forbairt agus feidhmiú príomhphleananna an Údaráis.

“Agus é sin in uachtar na hintinne, díreofar ar fheidhmiú na bpleananna sin lena n-áirítear Metro, BusConnects, clár sínte DART agus cur leis na naisc de chosáin shábháilte siúil agus rothaíochta i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath agus ar fud an stáit.

“Ní minic a bhíonn ár gcuid oibre sna ceannlínte.

“Tá réimse fairsing feidhmeanna ag an Údarás lena n-airítear pleanáil, feidhmiú agus maoiniú iompair poiblí; conradh a dhéanamh le seirbhísí iompair poiblí fóirdheonaithe; earnálacha amhail busanna tráchtála agus feithiclí beaga seirbhíse poiblí a rialáil; áiseanna agus bonneagar a chuideoidh leis an rothaíocht agus an siúl a dhéanamh níos sábhátacha agus níos tarraingtí a chur ar fáil; oibriú leis na húdaráis áitiúla agus comhlachtaí poiblí chun polasaithe maidir le hiompar agus le húsáid talaimh a chur le chéile; tacaíocht a thabhairt do chláir oideachais chun taisteal inbhuanaithe a chur chun cinn.

“Mar aon leis an ról reachtúla agus an ról riaracháin atá againn, bímid i dteagmháil leis an bpobal go laethúil agus muid ag cur faisnéis taistil iompair ar fáil don lucht a bhíonn ag taisteal.

“Tacaíonn na feidhmeanna sin uile le polasaí an rialtais chun an pobal a mhealladh níos mó leas a bhaint as modhanna iompair atá inbhuanaithe.

“Agus na feidhmeanna seo á gcomhlánú ag an Údarás, is é príomhchúram an Údaráis cinntiú go bhfuil na seirbhísí agus an bonneagar iompair poiblí deartha agus ag feidhmiú go mbeadh an t-eispéireas is fearr ag an lucht a bhíonn ag taisteal agus an luach is fearr a fháil le hinfheistíocht an Stáit. Bíonn sé sin i gcroílár gach rud a dhéanaimid.

“Léirítear sa Ráiteas Straitéise seo na héilimh atá ar an Údarás agus na héilimh sin ag méadú, chun seirbhísí iompair poiblí atá éifeachtúil, feidhmiúil agus atá ar phraghas réasúnta a chur ar fáil don phobal a bhíonn ag taistil.

“Beidh an deis ag an Údarás sa chúig bliana atá le teacht tús a chur le feidhmiú an bhonneagair a theastaíonn chun tacú leis an méadú éilimh seo ar iompar inbhuanaithe.”

The English version of this press release is available here.