PAINDÉIM COVID-19: An Dúshlán a Athmheas, Leanúint lenár dTéarnamh agus Athnascadh

1 March 2022

Is é seo a leanas an chomhairle is déanaí ón Rialtas ón Luan an 28 Feabhra i leith:

  • cuirfear deireadh leis an gceanglas éigeantach chun maisc a chaitheamh, agus is é an chomhairle sláinte poiblí ná gur cheart leanúint de mhaisc a chaitheamh ar iompar poiblí agus i suíomhanna cúram sláinte
  • ba cheart do dhaoine leanúint leis an riosca dóibh féin agus do dhaoine níos soghonta a íoslaghdú trí mhaisc a chaitheamh, trí scaradh fisiciúil a choinneáil ar bun, trí shluaite daoine a sheachaint agus trí chloí le sláinteachas bunúsach láimhe agus riospráide

Déanfaidh an Roinn Iompair idirchaidreamh leis an earnáil iompair phoiblí agus leis an earnáil tacsaithe chun a phlé cad é an dóigh is fearr ar féidir an chomhairle sláinte poiblí is déanaí a chur in iúl, agus aird á tabhairt ar na hábhair imní a d’fhéadfadh a bheith ag cliaint shoghonta.

Chun an t-alt iomlán a léamh, cliceáil anseo.