Cairt Custaiméirí

Tá Plean Gníomhaíochta Custaiméirí i bhfeidhm againn freisin, rud ina gcuirtear síos ar an dóigh a gcomhlíonfaimid na gealltanais agus na caighdeáin atá leagtha amach sa Chairt Custaiméirí thíos. Is féidir an Plean a íoslódáil tríd an nasc seo a leanas – Plean Gníomhaíochta Custaiméirí an Údaráis Náisiúnta Iompair.

  1. Ár ngealltanas dár gcustaiméirí

Déanann an tÚdarás Náisiúnta Iompair formhaoirseacht ar an dóigh a soláthraítear seirbhísí bus, traenach, tram agus tacsaí in Éirinn.  Cuirimid rothaíocht, siúl agus comhroinnt carranna chun cinn freisin. Inár gCairt Custaiméirí, cuirtear síos ar ár ngealltanais dár gcustaiméirí.

  • Glacfaimid cur chuige atá dírithe ar an gcustaiméir i leith gach ní a dhéanfaimid. Forbrófar oibríochtaí leanúnacha, tionscadail nua agus cláir go rialta chun cabhrú lenár gcustaiméirí.
  • Is mór againn aiseolas ónár gcustaiméirí agus féachaimid leis an aiseolas sin a chur san áireamh inár n-oibríochtaí.
  • Táimid tiomanta do fhreagra tráthúil, soiléir agus iomlán a thabhairt ar cheisteanna agus ar ghearáin.
  • Táimid tiomanta do sheirbhís atá gairmiúil, éifeachtúil agus cairdiúil a sholáthar i gcomhréir leis an 12 Phrionsabal um Sheirbhís Ardchaighdeáin do Chustaiméirí (mar atá leagtha amach sa Tionscnamh um Sheirbhís Ardchaighdeáin do Chustaiméirí, atá á reáchtáil ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe).

Tá breac-chuntas tugtha thíos ar na seirbhísí a sholáthraímid go díreach, ar na seirbhísí a sholáthraíonn oibritheoirí iompair atá ceadúnaithe againn agus ar na seirbhísí a sholáthraítear faoi chonarthaí Oibleagáide Seirbhíse Poiblí.

  1. Na seirbhísí a sholáthraímid go díreach

Soláthraímid raon leathan seirbhísí do chustaiméirí agus do ghnólachtaí ar bhealaí difriúla. Tá freagracht dhíreach orainn as na nithe seo a leanas:

  • Tacsaithe a cheadúnú;
  • Seirbhísí iompair phoiblí bhus a cheadúnú;
  • Scéim ticéadaithe TFI Leap Card a sholáthar;
  • Uirlisí idirmhódúla Pleanála Turais a sholáthar;
  • Bainistiú a dhéanamh ar na scéimeanna réigiúnacha rothar i gCorcaigh, i nGaillimh agus i Luimneach;
  • Faisnéis Idirmhódúil Fíor-Ama;
  • Forbairt a dhéanamh ar phleananna infheistíochta straitéisí san iompar poiblí agus infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar agus i bhfeithiclí/i rothstoc;
  • An tionscal teanntála a rialáil; agus
  • Bainistiú a dhéanamh ar chonarthaí atá i bhfeidhm le heagraíochtaí a oibríonn seirbhísí iompair phoiblí.
  1. Seirbhís ardchaighdeáin a sholáthar

Tá sé mar aidhm againn seirbhís ardchaighdeáin a sholáthar dár gcustaiméirí uile, bíodh siad ag baint úsáid as seirbhís a sholáthraímid go díreach nó as seirbhís a sholáthraíonn oibritheoir iompair thar ár gceann.

Déanaimid iarracht leanúnach feabhas a chur ar eispéireas an chustaiméara. Déanfaimid na nithe seo a leanas chun an feabhas sin a bhaint amach.

  • Ardáin teicneolaíochta amhail TFI Leap Card, Pleanálaí Turais TFI agus Faisnéis Fíor-Ama do Phaisinéirí a fhorbairt chun cabhrú le custaiméirí a mbealach a dhéanamh tríd an ngréasán;
  • Faisnéis chruinn shoiléir a thabhairt faoi sheirbhísí a sholáthraíonn soláthraithe seirbhíse thar ár gceann;
  • Leanúint le feabhas a chur ar inrochtaineacht seirbhísí iompair phoiblí;
  • Caighdeáin agus spriocanna feidhmíochta a leagan síos d’oibritheoirí iompair a sholáthraíonn seirbhísí thar ár gceann agus faireachán leanúnach a dhéanamh ar na caighdeáin agus na spriocanna sin trí thuarascálacha ráithiúla a fhoilsiú;
  • Caitheamh go cothrom le gach duine, beag beann ar inscne, stádas sibhialta, stádas teaghlaigh, gnéaschlaonadh, reiligiún, aois, míchumas, cine nó eitneacht;
  • Tabhairt faoi shuirbhéanna rialta custaiméirí agus dul i mbun comhairliúcháin fhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla, nuair is cuí, chun aiseolas fairsing trédhearcach a fháil ó gheallsealbhóirí;
  • Freagra tráthúil a thabhairt ar cheisteanna ó chustaiméirí; agus
  • Glacadh le haon tuairimí atá ag custaiméirí maidir leis an gcairt custaiméirí seo. Déanfaimid athbhreithniú ar ár gcairt gach bliain chun a chinntiú go mbítear ag freastal ar riachtanais ár gcustaiméirí léi.

3.1 Seirbhísí Bus agus Iarnróid a Sholáthar faoi Chonarthaí Seirbhíse Poiblí

Táimid freagrach as bainistiú a dhéanamh ar chonarthaí Oibleagáide Seirbhíse Poiblí atá i bhfeidhm le roinnt Oibritheoirí Iompair. Leagtar amach sna conarthaí sin na caighdeáin a bhfuil oibleagáid ar oibritheoirí iad a chomhlíonadh. Áirítear iad seo a leanas leis na hoibritheoirí atá i gceist.

Déanfaimid cinnte de go mbeidh Cairt Custaiméirí mhionsonraithe foilsithe ar shuíomh Gréasáin gach oibritheora iompair a sholáthraíonn seirbhísí Oibleagáide Seirbhíse Poiblí thar ár gceann agus go gcinnteoidh siad go mbeidh an Chairt sin i gcroílár a n-éitis oibriúcháin. Ba cheart gearáin faoi sheirbhísí oibritheoirí iompair phoiblí a dhéanamh de ghnáth leis an oibritheoir a sholáthraíonn an tseirbhís go díreach. I gcás go dtabharfaidh soláthraí seirbhíse freagra míshásúil ar ghearán faoina sheirbhísí ar an gcéad ásc, déanfaimid imscrúdú ar an ngearán agus tabharfaimid freagra air.

3.2 Seirbhísí Bus Iompair Tuaithe a Sholáthar (Nasc Áitiúil)

Táimid freagrach as bainistiú a dhéanamh ar an Scéim Iompair Tuaithe, rud a soláthraíonn 15 Aonad Comhordaithe Iompair ar fud na hÉireann é thar ár gceann.

I gcás go dtabharfaidh Aonad freagra míshásúil ar ghearán faoina sheirbhísí ar an gcéad ásc, déanfaimid imscrúdú ar an ngearán agus tabharfaimid freagra air.

3.3 Seirbhísí Ceadúnúcháin Tacsaí a Sholáthar

Rialálaimid an dóigh a soláthraíonn tacsaithe, fruilcharranna agus limisíní seirbhísí beagfheithicle seirbhíse poiblí in Éirinn. Áirítear leis sin na tiománaithe, na feithiclí agus na seirbhísí áirithinte do gach seirbhís ar cíos nó ar íocaíocht do phaisinéirí i gcás ina soláthraítear iad le feithiclí innealltiomáinte ina bhfuil spás d’ochtar paisinéirí ar a mhéad, i dteannta an tiománaí.

Chun tacsaí, fruilcharr nó limisín a oibriú, ní mór an fheithicil a bheith ceadúnaithe againn agus a bheith cláraithe linn fad a bheidh sí in úsáid. Beidh tiománaithe ceadúnaithe ag an nGarda Síochána i gcás gur éirigh leo sa nós imeachta grinnfhiosrúcháin agus sa Tástáil Iontrála do Thiománaithe. Ní mór don tiománaí ceadúnaithe a bheith cláraithe linn fad a bheidh sé/sí ag oibriú freisin. Is féidir le custaiméirí tacsaí úsáid a bhaint as Aip Seiceála Tiománaí TFI chun a fháil amach cé acu atá nó nach bhfuil an fheithicil agus an tiománaí atá le húsáid acu ceadúnaithe agus cláraithe go cuí. Tá foireann oifigeach comhlíonta ar bun againn ar fud na tíre, a chinntíonn go gcloíonn gach ball den tionscal leis na rialacháin um beagfheithiclí seirbhíse poiblí.  I gcás go gcinnfear nach mbítear ag cloí leis na rialacháin, eiseofar fíneálacha ar an láthair agus tionscnófar ionchúisimh sa chúirt.

Is é an sprioc atá againn seirbhísí beagfheithicle seirbhíse poiblí a fheabhsú ó thaobh sábháilteachta, inrochtaineachta, cáilíochta agus inacmhainneachta de don phobal taistil agus a bheith cóir ag an am céanna do thiománaithe agus d’oibritheoirí.  Geallaimid don tionscal go ndéanfaimid dianiarracht gach gníomhaíocht ceadúnúcháin agus forfheidhmiúcháin a phróiseáil ar bhealach tráthúil, trédhearcach agus cothromasach. Tugaimid an gealltanas céanna don phobal. Is ar bhealach tráthúil, trédhearcach agus cothromasach a dhéileálfar le gach gearán a thagann faoinár sainchúram.

3.4 Seirbhísí Ceadúnúcháin Bhus a Sholáthar

Táimid freagrach as rialáil, ceadúnú agus faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh gach seirbhíse bus poiblí do phaisinéirí laistigh den Stát. Táimid freagrach freisin as seirbhísí trasteorann a rialáil.

Déanaimid dianiarracht gach ceist, gearán agus iarratas a phróiseáil ar bhealach cóir, neamhchlaon agus tráthúil.

3.5 Seirbhísí Ticéadaithe, Fíor-Ama agus Pleanála Turais a Sholáthar

Déanfaimid ár ndícheall na seirbhísí a sholáthraímid a oibriú agus a chothabháil de réir an chaighdeáin is airde. Cé gur féidir go ndéanfar difear d’oibriú na seirbhísí sin ar chúiseanna nach mbeidh aon smacht againn orthu ó am go chéile, féachfaimid i ngach cás leis na fadhbanna sin a réiteach ar bhealach tráthúil.

3.6 Forbairt a dhéanamh ar phleananna infheistíochta straitéisí san iompar poiblí

Táimid freagrach as pleananna bonneagair iompair phoiblí a fhorbairt. Cuirimid na pleananna chun feidhme go díreach ansin i gcomhar le raon comhpháirtithe, lena n-áirítear oibritheoirí iompair, comhairlí áitiúla agus gníomhaireachtaí eile sa stát. Rachaimid i gcónaí sa tóir ar leibhéil mhéadaithe infheistíochta thar ceann ár gcustaiméirí. Rachaimid i gcomhairle le custaiméirí agus pleananna á bhforbairt againn agus cuirfimid an t-aiseolas a fhaightear uathu san áireamh sna pleananna nuair is féidir.

3.7 Teanntáil a Rialáil

Is sinne an rialálaí reachtúil ar an teanntáil in Éirinn. Tháinig an tAcht um Theanntáil Feithiclí, 2015, i lánéifeacht an 1 Deireadh Fómhair 2017. Foráiltear leis an Acht go ndéanfaidh an tÚdarás Náisiúnta Iompair rialáil ar ghníomhaíochtaí teanntála feithiclí in áiteanna teanntála reachtúla agus in áiteanna teanntála neamhreachtúla araon (atá faoi úinéireacht phríobháideach) ar fud an Stáit. Cuimsítear san Acht freisin roinnt forálacha reachtacha eile a bhaineann leis an teanntáil.

  1. Caitheamh go cothrom le gach custaiméir agus éagsúlacht a éascú

Táimid tiomanta do sheirbhís ardchaighdeáin atá oiriúnach dár gcustaiméirí uile a sholáthar. Táimid tiomanta freisin do chomhionannas a chur chun cinn, d’éagsúlacht a éascú agus dá chinntiú nach ndéanfar leithcheal ar ár bhfostaithe ná ar ár gcustaiméirí. Ní ghlacfaimid le haon idirdhealú atá bunaithe ar inscne, aois, míchumas, cine, reiligiún, stádas sibhialta, stádas teaghlaigh, gnéaschlaonadh nó eitneacht.

  1. Sábháilteacht, slándáil agus inrochtaineacht

Táimid tiomanta d’fheabhas leanúnach a chur ar a shábháilte, a shláine agus a inrochtana atá seirbhísí iompair phoiblí. Cuirfimid an tiomantas sin san áireamh inár bpleananna infheistíochta caipitil trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • Feithiclí nua atá sábháilte agus inrochtana a sholáthar;
  • Feabhas a chur ar cháilíocht na teilifíse ciorcaid iata (TFI) ar an ngréasán iompair phoiblí;
  • Leanúint le rialáil a dhéanamh ar an tionscal tacsaí agus ar an tionscal príobháideach bus;
  • Aip Seiceála Tiománaí TFI a chothabháil;
  • A chinntiú go mbeidh tiománaithe ceadúnaithe agus oilte go cuí; agus
  • Leanúint lenár nósanna imeachta sábháilteachta agus slándála a fhorbairt.
  1. Cabhrú leis an gcomhshaol

Is lú i bhfad an líon astaíochtaí in aghaidh an chiliméadair chustaiméara ón iompar poiblí ná ó charranna. Táimid tiomanta d’astaíochtaí an iompair phoiblí a laghdú trína chinntiú go gcomhlíonfaidh ár bhfeithiclí caighdeáin astaíochtaí na hEorpa agus trí choinneáil cab ar chab le teicneolaíochtaí nua. Táimid tiomanta d’aistriú cóir iompair i dtreo an iompair phoiblí a spreagadh ar bhonn náisiúnta agus d’fheithiclí nua íseal-astaíochtaí a sholáthar chun tionchar an iompair phoiblí ar an gcomhshaol a laghdú tuilleadh.

  1. Íoc as do thuras

7.1 Cárta Léime TFI

Táimid tiomanta dá chinntiú go ngabhann an luach is fearr ar airgead le TFI Leap Card. Ar mhaithe le feabhas a chur ar eispéireas an chustaiméara, bímid ag déanamh uasghrádú ar chóras Chárta Léime TFI i gcónaí trí ghnéithe breise amhail Uasteorannú, Léim 90 Nóiméad agus Uathbhreisiú Creidmheasa a chur leis agus trí ardáin dhigiteacha amhail Aip Uathbhreisiú Creidmheasa Chárta Léime TFI a fhorbairt. Coinneoimid ionad teagmhála ar bun chun freastal ar cheisteanna ó chustaiméirí agus coinneoimid ár suíomh Gréasáin cothrom le dáta tríd an bhfaisnéis is déanaí a chur leis. Forbróimid teicneolaíocht nua chun feabhas leanúnach a chur ar eispéireas an úsáideora.

7.2 Luach ar airgead a sholáthar

Rialálaimid táillí oibritheoirí Oibleagáide Seirbhíse Poiblí trí athbhreithniú a dhéanamh gach bliain ar iarrataí athrú táillí ó gach oibritheoir. Eisímid “cinntí ar tháillí” gach bliain, ina mínítear na hathruithe beachta táillí agus an réasúnaíocht taobh thiar de na hathruithe sin a dheonú. Bíonn aimhrialtachtaí táillí ó oidhreacht á gceartú againn go leanúnach ar mhaithe le struchtúr níos córa táillí a bhaint amach.

7.3 An Scéim Saorthaistil

Más rud é go bhfuil tú 66 bliana d’aois nó níos sine agus go bhfuil cónaí buan ort sa stát, cumasaítear leis an Scéim Saorthaistil duit taisteal saor in aisce ar gach seirbhís de chuid Iarnród Éireann agus Luas, ar roinnt seirbhísí de chuid Nasc Áitiúil agus ar fhormhór na seirbhísí de chuid Bhus Átha Cliath, Go-Ahead Ireland agus Bhus Éireann. Tá an scéim ar fáil freisin ar roinnt seirbhísí iompair phoiblí de chuid líon mór oibritheoirí príobháideacha i gcodanna éagsúla den tír.

Ní mór do Shealbhóirí Pas Saorthaistil bheith in ann an pas a thaispeáint ag gach cuid dá dturas.

7.4 Táillí caighdeánacha

Mura bhfuil ticéad bailí agat ar sheirbhís atá fóirdheonaithe ag an stát, eiseoidh an t-oibritheoir iompair táille chaighdeánach chugat, á cheangal ort pionós a íoc. Más rud é nach n-íocfaidh tú an pionós, is féidir go dtabharfar os comhair na cúirte thú agus go ngearrfar fíneáil €1000 ort.

  1. Comhairliúcháin Phoiblí

Reáchtálfaimid comhairliúcháin phoiblí fhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla go rialta chun aiseolas a iarraidh ón bpobal ar thionscnaimh thábhachtacha. Cinnteoimid go ndéanfar grinnanailís ar na freagraí a fhaightear agus go gcuirfear iad san áireamh, nuair is féidir, agus an tionscnamh á fhorbairt.

  1. Daoine a choinneáil ar an eolas

Cinnteoimid go bhforbrófar go leanúnach na suíomhanna Gréasáin atá faoinár rialú agus go gcoinneofar cothrom le dáta iad.

Cinnteoimid go gcoinneofar custaiméirí ar an eolas faoinár bpleananna forbartha bonneagair agus faoi athruithe rialála agus go rachfar i gcomhairle leo nuair is cuí.

Leanfaimid le forbairt agus cothabháil a dhéanamh ar ár gcórais lena soláthraítear faisnéis ilmhódúil fíor-ama agus acmhainn pleanála turais.

Cinnteoimid go mbeidh cairt custaiméirí i bhfeidhm ag gach oibritheoir Oibleagáide Seirbhíse Poiblí, rud ina leagtar amach na hoibleagáidí atá orthu custaiméirí a choinneáil ar an eolas faoi athruithe, faoi mhalairtí slí agus faoi mhoilleanna ar a seirbhísí.

  1. Do thuairimí agus do cheisteanna

Is mór againn do thuairimí agus do cheisteanna, toisc go n-úsáidtear aiseolas chun cabhrú linn an tseirbhís a fheabhsú dár gcustaiméirí uile. Má tá gearán nó moladh agat maidir leis an dóigh ar féidir linn feabhas a chur ar ár seirbhís, ba mhaith linn cluinstin uait ar aon cheann de na bealaí seo a leanas:

  • Ríomhphost: info@nationaltransport.ie
  • Fón: 01 879 8300
  • Litir: An tÚdarás Náisiúnta Iompair, Dún Scéine, Cúirt Uíbh Eachach, Lána Fhearchair, Baile Átha Cliath 2
  • Twitter: @TFIupdates

Seolfar admháil i leith gach gearáin. Féachaimid le freagra iomlán a eisiúint ar bhealach tráthúil.

Bainimid úsáid as soláthraithe neamhspleácha taighde margaidh chun ár seirbhísí a iniúchadh agus chun feabhsuithe a mholadh ina leith. Leanfaimid le taighde a dhéanamh ar thuairimí custaiméirí ar ár seirbhísí agus úsáidfimid iad chun feabhsuithe leanúnacha a dhéanamh.

Ní dhéantar lenár gcairt custaiméirí aon difear do na cearta dlíthiúla atá agat nó againn ná do na dualgais dhlíthiúla atá ort nó orainn.

Samhain 2017