Cearta Paisinéirí an Aontais Eorpaigh

Cearta Paisinéirí an Aontais Eorpaigh – an tEolas is Deireanaí i bhfianaise Covid-19

I gcomhthéacs an cháis Covid-19 a bhíonn ag athrú, d’eisigh an Coimisiún Eorpach Treoirlínte Léirmhínitheacha ar na Rialacháin maidir le Cearta Paisinéirí an Aontais Eorpaigh le haghaidh gach modha. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach anseo

Is é an tÚdarás Náisiúnta Iompair an comhlacht forfheidhmiúcháin dóibh seo:

 

Fágann sé sin gurb é atá i ról an Údaráis Náisiúnta Iompair a chinntiú go bhfuil oibritheoirí iompair ag caitheamh le gach paisinéir i gcomhréir leis na cearta a leagtar amach sna trí Rialachán thuas.

Foirm Ghearáin um Chearta Paisinéirí

Ba cheart don phaisinéir an gearán uaidh/uaithi a tharchur chuig an iompróir nó an oibritheoir iomchuí nó chuig an Údarás Náisiúnta Iompair má chreideann sé/sí gur sáraíodh a chearta/cearta.

Chun a chinntiú go mbeidh an tÚdarás Náisiúnta Iompair in ann déileáil leis an ngearán uait go mear, bain úsáid as an bhfoirm ghearáin ar líne, agus cóip den chumarsáid ar fad idir tú agus an t-oibritheoir, mar aon le do sheoladh agus d’fhaisnéis teagmhála, á seoladh ina teannta.

Ba cheart duit bunchóipeanna a choinneáil de na cumarsáidí ar fad idir tú agus an tÚdarás Náisiúnta Iompair.

Seoladh:

An tÚdarás Náisiúnta Iompair

Dún Scéine

Lána Fhearchair

Baile Átha Cliath 2

Teileafón: +353 (0)1 879 8300

Tuarascálacha maidir le Gníomhaíochtaí ó na Comhlachtaí Náisiúnta Forfheidhmiúcháin

Faoi fhorálacha Airteagal 29 de Rialachán (AE) Uimh. 181/2011, ceanglaítear ar na Comhlachtaí Náisiúnta Forfheidhmiúcháin de chuid gach Ballstáit den Aontas Eorpach tuarascáil maidir lena ngníomhaíochtaí sa dá bhliain féilire roimhe a fhoilsiú.

Amharc ar na tuarascálacha is déanaí anseo.