Tá daoine cumasacha díograiseacha á lorg againn chun bheith mar chuid dár bhfoireann de ghairmithe tiomanta, agus iad ag cabhrú le todhchaí iompar poiblí na hÉireann a mhúnlú agus a fhíorú.
Glac páirt lárnach i seachadadh na dtionscadal iompair is mó in Éirinn
Is eagraíocht spleodrach shíorathraitheach atá ag dul i méid é an tÚdarás Náisiúnta Iompair. Táimid i mbun roinnt mórthionscadail iontacha a chur i bhfeidhm, a bhfuil clár BusConnects, MetroLink, DART+ agus seirbhísí nua iompair phoiblí ina measc, in éineacht le teicneolaíocht a thacaíonn le Cártaí Leap, Eolas Fíor-ama do Phaisinéirí agus an t-athrú chuig íocaíochtaí gan airgead tirim le haghaidh seirbhísí.
Deiseanna Gairme le hÚdarás Náisiúnta Iompair
Eagraíocht ionchuimsitheach lena mbaineann réimse leathan sochar fostaithe, amhail beartais a thacaíonn le baill foirne cothromaíocht oibre is saoil a bhaint amach, is ea an ÚNI. Táimid ag earcú daoine cumasacha, díograiseacha agus tiomanta faoi láthair do na poist seo a leanas:
- Ceannaire Slándála Iompair
- Bainisteoir Sinsearach Cláir – MetroLink
Is féidir leis na hiarrthóirí rathúla a bheith ag dúil le hobair atá dúshlánach ach tairbheach, mar aon le scoth na hoiliúna agus na ndeiseanna forbartha.
Chun na leabhráin a íoslódáil, lena n-áirítear foirmeacha iarratais, agus chun tuilleadh a fháil amach faoinár sochair fostaíochta, tabhair cuairt ar ár suíomh gréasáin: An tÚdarás Náisiúnta Iompair – Gairmeacha
( www.nationaltransport.ie/ga/about-us/careers/ )
Dáta deiridh le haghaidh iarratais a fháil: 12pm Dé hAoine, an 18 Meán Fómhair 2026.