Cabhraigh le todhchaí iompar poiblí na hÉireann a mhúnlú agus a fhíorú.

Dáta deiridh le haghaidh iarratais a fháil: 12pm Dé hAoine, 22 Bealtaine 2026

1 May 2026

Is eagraíocht spleodrach shíorathraitheach atá ag dul i méid é an tÚdarás Náisiúnta Iompair. Táimid i mbun roinnt mórthionscadail iontacha a chur i bhfeidhm, a bhfuil clár BusConnects, MetroLink, DART+ agus seirbhísí nua iompair phoiblí ina measc, in éineacht le teicneolaíocht a thacaíonn le Cártaí Leap, Eolas Fíor-ama do Phaisinéirí agus an t-athrú chuig íocaíochtaí gan airgead tirim le haghaidh seirbhísí.

Eagraíocht ionchuimsitheach lena mbaineann réimse leathan sochar fostaithe, amhail beartais a thacaíonn le baill foirne cothromaíocht oibre is saoil a bhaint amach, is ea an ÚNI. Táimid ag earcú daoine cumasacha, díograiseacha agus tiomanta faoi láthair do na poist seo a leanas:

  • Oifigeach Saoráidí
  • Oifigeach Feidhmiúcháin um Cheadúnú Bus
  • Bainisteoir Conarthaí Iompair Phoiblí
  • Bainisteoir Córas Teicniúil
  • Ceannasaí Deisce Freastail do Teicneolaíocht Iompair
  • Oifigeach Feidhmiúcháin Rialáil Iompair
  • Cúntóir Feidhmiúcháin don Phríomhfheidhmeannach
  • Pleanálaí Úsáide Talún agus Iompair

Is féidir leis na hiarrthóirí rathúla a bheith ag dúil le hobair atá dúshlánach ach tairbheach, mar aon le scoth na hoiliúna agus na ndeiseanna forbartha.

Chun na leabhráin a íoslódáil, lena n-áirítear foirmeacha iarratais, agus chun tuilleadh a fháil amach faoinár sochair fostaíochta, tabhair cuairt ar ár suíomh gréasáin Gairmeacha – National Transport 

Dáta deiridh le haghaidh iarratais a fháil: 12pm Dé hAoine, 22 Bealtaine 2026