Fáiltíonn an tAire Ryan roimh an nuacht go soláthrófar fiche Leabharlann Rothar nua do Bhunscoileanna i mBaile Átha Cliath

Tá tionscadal na Leabharlainne Rothar á chistiú ag Clár Taistil Ghníomhaigh an Údaráis Náisiúnta Iompair agus beidh an Scoil Ailtireachta, Pleanála agus Beartas Comhshaoil sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, i gceannas air.

22 March 2023

Tá na céadta teaghlach ar tí eispéireas a ghnóthú sna tairbhí a thagann as an rothaíocht a roghnú le haghaidh a gcomaitéireachta laethúla chun na scoile agus amach aisti mar chuid de chomhpháirtíocht nua idir an tÚdarás Náisiúnta Iompair agus an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (COBÁC), ar dá bharr a thabharfar 20 “Leabharlann Rothar” nua isteach ag bunscoileanna ar fud Chathair Bhaile Átha Cliath.

Le tionscadal na Leabharlainne Rothar, tabharfar deis do theaghlaigh rothar leictreach, rothar lasta nó rothar infhillte a fháil ar iasacht saor in aisce ar feadh tréimhse shocraithe le linn an téarma scoile. Cuirfidh sé sin ar a gcumas eispéireas a ghnóthú sna rothair sin a úsáid sula gcinneann siad cé acu a cheannóidh nó nach gceannóidh siad ceann – “triail é sula gceannaíonn tú é”.  Tá sé mar aidhm leis an tionscadal seo teaghlaigh a spreagadh chun aistriú modha iompair buan a dhéanamh chuig taisteal inbhuanaithe gníomhach le haghaidh a gcomaitéireachta laethúla.

Glacfaidh na deich scoil thosaigh páirt i dtionscadal na Leabharlainne Rothar i dtéarma an earraigh/an tsamhraidh i mbliana. Beidh Assumption Senior GNS i mBaile Bhailcín ina measc. Ina dhiaidh sin, tosóidh an dara tráinse scoileanna é sa bhliain acadúil nua i mí Mheán Fómhair (ar feadh tréimhse trí mhí). Déanann COBÁC na rothair a sholáthar agus a bhainistiú, agus cistíonn an Roinn Iompair an tionscadal trí Chlár Taistil Ghníomhaigh an Údaráis Náisiúnta Iompair.

Rinne an tOllamh Francesco Pilla, bunaitheoir thionscadal na Leabharlainne Rothar agus Ollamh agus Cathaoirleach ar Chathracha Cliste agus Inbhuanaithe in COBÁC, an chéad Leabharlann Rothar de chuid na hÉireann riamh a bhunú i mí Mheán Fómhair anuraidh nuair a thriail sé an tionscadal ag scoil i gCrois Araild. Ag teacht sna sála ar an éileamh ollmhór ar na leabharlanna rothar ar fud bunscoileanna eile i Limistéar Chathair Bhaile Átha Cliath, chuaigh an tOllamh Pilla i gcomhpháirt le foireann Taistil Ghníomhaigh an Údaráis Náisiúnta Iompair chun an tionscadal a chur i bhfeidhm i scoileanna eile.

Dúirt Eamon Ryan, an tAire Iompair: “Cabhraíonn rothaíocht chun na scoile agus amach aisti le taisteal gníomhach a fhorbairt mar nós maireachtála ó aois óg aníos – agus is gnách gur breá le leanaí a bheith ag rothaíocht. In amanna, áfach, tá an fíoras nach bhfuil rothar nó go leor taithí rothaíochta ag a dtuismitheoirí ar cheann de na bacainní ar roinnt leanaí a chur i mbun rothaíochta. Is é sin is cúis le heaspa muiníne as an aistriú a dhéanamh amach ó charranna agus chuig rothair le haghaidh a gcomaitéireachta laethúla. Is féidir le tionscadal na Leabharlainne Rothar an scéal sin a athrú, agus táthar dóchasach go mbeidh sé sin mar chúis le haistriú modha iompair buan sa turas chun na scoile do mhórán teaghlach.”

Dúirt Anne Graham, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin an Údaráis Náisiúnta Iompair: “Tacaíonn an tÚdarás Náisiúnta Iompair le taisteal gníomhach, rothaíocht san áireamh, ag na céadta scoileanna ar fud na tíre tríd an gclár um Bealaí Sábháilte chuig an Scoil, atá ag soláthar timpeallachtaí rothaíochta agus siúil níos sábháilte os comhair scoileanna. Is é atá sa Leabharlann Rothar ná uirlis shármhaith eile lena gcabhrófar linn níos mó teaghlach a spreagadh chun glacadh le taisteal gníomhach agus níos mó turas neamhriachtanach de charr fós a bhaint de bhuaicthráth tráchta plódaithe na maidine.”

Dúirt an tOllamh Francesco Pilla, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath: “Is faoi ghníomhú ar son na haeráide atá an leabharlann rothar, agus tugann an tionscadal an deis do theaghlaigh le ról gníomhach a bheith acu in astaíochtaí tráchta a laghdú agus i ndlús a chur leis an aistriú i dtreo aeráidneodrachta in Éirinn. Is é an smaoineamh taobh thiar den Leabharlann Rothar ná deis a thabhairt do thuismitheoirí raon Rothar Leictreach, Rothar Leictreach Lasta agus Rothar Infhillte, mar aon le roghanna difriúla le haghaidh leanaí a iompar, mar atá leantóirí agus suíocháin linbh, i measc nithe eile, a thástáil agus a thriail. Dá bharr sin, cuirfear ar a gcumas na tairbhí a bhaineann le soghluaisteacht leictreach a fheiceáil agus spreagfar aistriú modha iompair gan gá a bheith acu leis na costais tosaigh a bhaineann lena rothar leictreach féin a cheannach lom láithreach a íoc.”

 

Tá mionsonraí faoi conas a oibríonn an Leabharlann Rothar agus faoi conas is féidir le teaghlaigh páirt a ghlacadh inti ar fáil anseo 

Gallery

Photos: New “Bike Libraries” project launched by the NTA and UCD
Background: On Wednesday, 22nd March, The National Transport Authority (NTA) in partnership with University College Dublin (UCD) will launch an initiative that will see new “Bike Libraries” introduced in Dublin.
The Bike Library project will give families the opportunity to borrow either an e-bike, cargo bike or foldable bike for a set period during the school term at no charge. The project hopes to encourage families to make a permanent modal shift to sustainable travel for their daily commutes.
Photos show : Kaori Mc Nulty, a student at Assumption Senior G.N.S, Walkinstown with her dad Thomas; Anne Graham, CEO of the NTA, and Professor Francesco Pila, UCD
Photos by Julien Behal