Faisnéis do Chustaiméirí

17 December 2021

Mar thoradh ar líon ard ball foirne a bheith as láthair de bharr Covid-19, níl roinnt seirbhísí iompair phoiblí ag oibriú de réir an sceidil. Molaimid do phaisinéirí súil a choinneáil ar an Aip “Real Time Ireland” agus ar shuíomhanna Gréasáin na n-oibritheoirí chun an fhaisnéis is cothroime le dáta a fheiceáil. Gabhaimid ár leithscéal le custaiméirí as aon mhíchaoithiúlacht agus gabhaimid buíochas libh as bheith chomh tuisceanach sin.