Feabhsaíonn Nasc Áitiúil TFI seirbhísí bus lena gceanglaítear Dún Garbháin agus Eochaill

8 December 2023

Tá Nasc Áitiúil Phort Láirge ag feabhsú seirbhísí bus ó Dhún Garbháin go dtí Eochaill, ón Luan an 11ú Nollaig.

Tá an feabhsúchán sin ina chuid de Phlean Soghluaisteachta Tuaithe Connecting Ireland, mór-thionscnamh náisiúnta iompair phoiblí arna fhorbairt agus arna mhaoiniú ag an Údarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) mar chuid de Líonra Transport for Ireland (TFI).

Oibreofar naoi seirbhís fhillte laethúla ar Bhealach 361 anois ó Luan go Domhnach. Cuirfear minicíocht fheabhsaithe ar fáil freisin ar an mbealach chuig Dún Garbháin, An Rinn, Ceann Heilbhic agus Eochaill.

Cuirfear seirbhís ag buaic-amanna agus sna tráthnónta ar fáil do chomaitéirí agus beidh nasc nua ag baint leis ó Aird Mhór go dtí Eochaill, mar aon le nascacht le seirbhísí bus réigiúnacha.

Agus é ag labhairt roimh an tseolta, dúirt James O’Donoghue, Bainisteoir Ginearálta Nasc Áitiúil TFI Phort Láirge: “Leis an bhfeabhsúchán sin beidh nasc á dhéanamh againn le hEochaill agus chomh maith leis sin méadófar líon na seirbhísí laethúla ó Luan go Domhnach.

“Mholfaimis dár gcustaiméirí chun an t-amchlár nua a sheiceáil mar tá roinnt athruithe ar an amchlár reatha agus ar láithreacha stad.

“Táimid thar a bheith sásta le forbairt leanúnach na seirbhísí iompair áitiúil faoi Phlean Soghluaisteachta Tuaithe Connecting Ireland, agus seirbhísí á gcruthú lena ligfear do dhaoine smaoineamh ar thurais áirithe a athrú ó fheithiclí príobháideacha go líonra iompair phoiblí TFI níos inbhuanaithe.”

Faisnéis Bhreise:

Le haghaidh faisnéis a fhail maidir le bealaí agus amchláir, glaoigh ar (058) 22076 nó tabhair cuairt ar www.locallinkwaterford.ie

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Phlean Soghluaisteachta Tuaithe cúig bliana Connecting Ireland tabhair cuairt ar: www.nationaltransport.ie/connecting-ireland/