Fógraíonn an tAire Naughton Babhta a Dó den Chlár Bealaí Sábháilte chun na Scoile

Tacaíonn Daidí na Nollag leis an Aire ag deimhniú go mbainfidh leanaí ó 108 scoil ar fud na tíre leas as

12 December 2022

Tagann an Nollaig go luath don líon daoine óga atá ag dul i méid agus iad ag rothaíocht, ag siúl agus ag rothaíocht chun na scoile.

An tAire Stáit sa Roinn Iompair, Hildegarde Naughton TD, in éineacht leis an Údarás Náisiúnta Iompair agus Daidí na Nollag, ag fógairt go mbeidh 108 scoil san áireamh i gClár Bealaí Sábháilte chun na Scoile.

Tá sé mar aidhm ag an gClár Bealaí Sábháilte chun na Scoile bealaí siúlóide agus rothaíochta níos sábháilte a chruthú laistigh de phobail, plódú ag geataí na scoile a mhaolú agus líon na ndaltaí a shiúlann nó a théann ar rothar chun na scoile a mhéadú trí fheabhsuithe ar áiseanna siúil agus rothaíochta a chur ar fáil.

Agus í ag labhairt óna contae dúchais féin i nGaillimh ag seoladh bhabhta a dó den Chlár Bealaí Sábháilte chun na Scoile, dúirt an ​tAire Stáit sa Roinn Iompair, Hildegarde Naughton TD​: “Tá lúcháir orm a bheith in ann spiorad na féile a thabhairt chuig scoileanna ar fud na tíre trí dheimhniú go mbainfidh na mílte leanaí eile ar fud na tíre tairbhe as bonneagar níos sábháilte a chuirfidh ar a gcumas a bheith ag siúl, ag rothaíocht agus ag gabháil ar a scútar ar scoil gach lá.​

 “Le míonna beaga anuas bhí sé de phribhléid agam cuairt a thabhairt ar scoileanna ar fud na tíre agus chonaic mé go díreach an tionchar dearfach atá ag tionscadail Bealaí Sábháilte chun na Scoile ar shaol laethúil ár leanaí. Bhí an teachtaireacht glórach agus soiléir i rith na cuairteanna sin go bhfuil dúil mhór ann leanúint ar aghaidh le feidhmiú céimneach an Chláir Bealaí Sábháilte chun na Scoile inár sráidbhailte, bailte agus cathracha ar fud na tíre. Anois, tar éis an maoiniú riachtanach a fháil mar chuid de Bhuiséad 2023, is iontach an rud é an clár a fheiceáil ag dul ó neart go neart.. Is é an sprioc atá agam ná go mbeidh an rogha ag gach leanbh in Éirinn a gcuid comaitéireachta laethúil a dhéanamh chuig an seomra ranga de shiúl na gcos, ar rothar nó ar scútar ar bhealach ina mbeidh siad sábháilte agus cosanta; rún atá mé cinnte de atá i gcoiteann i measc leanaí, a dtuismitheoirí, múinteoirí agus an phobail scoile i gcoitinne .”

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Naughton “Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na leanaí go léir atá anseo linn inniu i Scoil Fursa, Cathair na Gaillimhe, as a gcabhair chun an dea-scéal a roinnt le buachaillí agus cailíní eile ar fud na tíre. Tá buíochas speisialta ar leith ag gabháil do Dhaidí na Nollag freisin as am a thógáil amach as a sceideal gnóthach a bheith anseo linn ar maidin.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach an Údaráis Náisiúnta Iompair, Anne Graham:Tá an tÚdarás Náisiúnta Iompair freagrach seachadadh rathúil na dtionscadal Bealaí Sábháilte chun na Scoile ar fud na tíre a chinntiú.  Tá ár bhfoireann Taisteal Gníomhach ag obair go dlúth cheana féin le húdaráis áitiúla ar fheidhmiú céimneach scéimeanna Babhta 1, agus ba mhór an t-údar misnigh é níos mó daoine óga a fheiceáil ag rothaíocht, ag siúl/ ag gabháil ar a scútar ar scoil dá bharr.

“I gcomhar le Scoileanna Glasa – An Taisce agus na húdaráis áitiúla, tosóimid anois ag obair ar an dara sciar tionscadal a sheachadadh. Trí oibriú le pobail scoile ag leibhéal áitiúil chun turais a dhéanamh níos sábháilte ná riamh, is féidir linn leanúint ar aghaidh ag spreagadh daoine óga chun modhanna iompair níos inbhuanaithe a úsáid“.

Tá an clár á mhaoiniú ag an Roinn Iompair tríd an Údarás Náisiúnta Iompair (NTA) agus faigheann sé tacaíocht ón Roinn Oideachais. ​Tá an clár á chomhordú ag Scoileanna Glasa – An Taisce, agus cuirfear maoiniú ar fáil do na húdaráis áitiúla a mbeidh ról lárnach acu i seachadadh an bhonneagair. Leithdháileadh​ €20m​ ar thionscadail a chuimsítear i mBabhta 2 agus fuarthas na cistí ó leithdháileadh bliantúil gach údaráis áitiúil le haghaidh oibreacha Taistil Ghníomhach.

Le seachtainí beaga anuas, tá roinnt scoileanna a ghlac páirt i mBabhta 1 i ndiaidh na tionscadail a fheiceáil ag teacht chun críche, lena n-áirítear an chéad Scoil Sráide i Luimneach ag an Mhodhscoil ar Shráid Uí Chonaill i lár na cathrach, agus Crios Scoile nua i mBunscoil Rinn an Chablaigh i gCóbh, Contae Chorcaí, chun limistéar níos sábháilte agus níos ciúine a chruthú chun tacú le leanaí a bheith ag siúl, rothaíocht nó ag gabháil ar a scútar.