D’fhógair an tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI), i gcomhar le Bus Éireann, tuilleadh feabhsuithe ar Sheirbhís Bhealach 424, a fhreastalaíonn ar Chathair na Gaillimhe, Bearna, An Spidéal agus An Cheathrú Rua, le teacht i bhfeidhm ón 1 Samhain.
Mar fhreagairt ar an éileamh méadaitheach ó phaisinéirí
Tá na seirbhísí breise á dtabhairt isteach mar fhreagairt ar an éileamh méadaitheach ó phaisinéirí agus ar an mbrú ar thoilleadh an bhealaigh, go háirithe le linn buaicthréimhsí.
I ndlúthchomhar le Bus Éireann, tá an ÚNI ag tabhairt isteach seirbhísí breise ar maidin agus sa tráthnóna chun toilleadh méadaithe agus roghanna taistil níos fearr a chur ar fáil do phaisinéirí.
Cuireann na feabhsuithe seo leis na seirbhísí breise
Cuireann na feabhsuithe seo leis na seirbhísí breise a tugadh isteach ar Bhealach 424 an 27 Meán Fómhair, lena n-áirítear seirbhís bhreise ar maidin ón Spidéal go Gaillimh agus seirbhís bhreise sa tráthnóna ó Ghaillimh go dtí an Spidéal.
Ag labhairt dó faoi na feabhsuithe, dúirt Ceann Pleanála Seirbhísí Iompair Phoiblí ag an Údarás Náisiúnta Iompair, John Nott, an méid seo a leanas:
“Táimid ar an eolas faoin mbrú ar thoilleadh a bhíonn ar phaisinéirí ar Bhealach 424, agus creidimid go dtabharfaidh na feabhsuithe seo aghaidh ar a laghad, ar chuid de na deacrachtaí sin. Cuirfidh na seirbhísí breise toilleadh níos mó ar fáil, go háirithe le linn buaicthréimhsí, agus feabhsóidh siad an tseirbhís ar an mbealach”
Beidh an t-amchlár iomlán ar fáil ar shuíomhanna gréasáin Transport for Ireland agus Bus Éireann sula dtiocfaidh na hathruithe i bhfeidhm ar an 1 Samhain.
Feabhsuithe ar Sheirbhís Bhealaigh 424 :
Feabhsuithe ar Sheirbhís Bhealaigh 424 le Teacht i bhFeidhm ón 1 Samhain 2026
Seirbhísí Breise i rith na Seachtaine
- Maidin
- 07:00 Stáisiún Cheannt na Gaillimhe go Bearna
- 07:45 Bearna go Stáisiún Cheannt na Gaillimhe
- 08:30 Stáisiún Cheannt na Gaillimhe go Bearna
- 09:00 Bearna go Stáisiún Cheannt na Gaillimhe
- Tráthnóna
- 16:15 Stáisiún Cheannt na Gaillimhe go Bearna
- 16:45 Bearna go Stáisiún Cheannt na Gaillimhe
- 17:45 Stáisiún Cheannt na Gaillimhe go dtí An Cheathrú Rua (trí Bhearna)
- 19:10 An Cheathrú Rua go Stáisiún Cheannt na Gaillimhe
- Tugadh seirbhísí breise isteach an 27 Meán Fómhair
- 08:10 An Spidéal go Gaillimh
- 17:15 Gaillimh go dtí An Spidéal
