Foilsíonn an ÚNI a Thuarascáil Bhliantúil le haghaidh 2022

Le linn 2022, baineadh amach roinnt príomh-gharspriocanna pleanála straitéisí

18 September 2023

D’fhoilsigh an tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) a thuarascáil bhliantúil agus a gcuid ráiteas airgeadais le haghaidh 2022 inniu.

2022-Bliain shuntasach a bhí ann

Bliain shuntasach a bhí ann don ÚNI le líon na bpaisinéirí ar iompar poiblí ag filleadh ar agus ag dul thar an ráta is airde a baineadh amach, roimh COVID, in 2019.

Príomh-gharspriocanna pleanála straitéisí

Le linn 2022, baineadh amach roinnt príomh-gharspriocanna pleanála straitéisí. Chríochnaigh agus d’fhoilsigh an ÚNI Straitéis Iompair Cheantar Uirbeach Luimneach na Sionainne (LSMATS) agus Straitéis Iompair Cheantar Uirbeach Phort Láirge (WMATS). Cuireadh an Dréacht-Straitéis Iompair do Mórlimistéar Bhaile Átha Cliath 2022-2042 i gcrích.

Leanadh de phleanáil le haghaidh trí mhórthionscadal caipitil in 2022 – BusConnects, MetroLink agus DART+.  Cuireadh iarratas ar Ordú Iarnróid le haghaidh DART+ West faoi bhráid An Bord Pleanála lena bhreithniú i mí Iúil leanadh le pleanáil ar ghnéithe eile de Thionscadail DART+. Cuireadh an t-iarratas ar Ordú Iarnróid le haghaidh Metrolink faoi bhráid An Bord Pleanála i mí Mheán Fómhair.  Cuireadh an comhairliúchán poiblí neamh-reachtúil do bhealach tosaíochta Luas Fhionnghlaise i gcrích freisin.

I mBaile Átha Cliath

I mBaile Átha Cliath, cuireadh feabhas ar sheirbhísí bus do chomaitéirí nuair a tugadh isteach dhá chéim d’athdhearadh an líonra BusConnects.  Le linn na bliana, chuir an ÚNI sé cinn de na 12 conair bhus lárnacha faoi bhráid An Bhoird Pleanála.

I gCorcaigh

I gCorcaigh. reáchtáladh an chéad bhabhta de chomhairliúchán poiblí do na Conairí Iompair Inbhuanaithe (STC)atá mar chuid de BusConnects Chorcaí. Fuarthas os cionn 3,000 aighneacht.

D’oibrigh oibreoirí an ÚNI agus oibreoirí bus le chéile le linn 2022 chun saincheisteanna a bhain le hearcú tiománaithe a réiteach, ach bhí brú tráchta, i ngeall ar théarnamh an gheilleagair, dúshlánach don iompar poiblí le linn na bliana freisin.

Rinne an ÚNI athruithe tábhachtacha ar tháillí agus ar thicéadú, le tabhairt isteach an Chárta Leap do Dhaoine Fásta Óga agus do Mhic Léinn do dhaoine idir 18 agus 24 bliain d’aois, le laghdú 50% ar tháillí, agus laghdú 20% ar na táillí do gach duine eile.  Chuir na bearta seo, i dteannta forbairt bealaí agus seirbhísí nua go mór le daoine a spreagadh chun filleadh ar iompar poiblí a úsáid.

Cuireadh tús le cur i bhfeidhm Éire a Nascadh in 2022 lenar tugadh isteach 38 bealach nua nó feabhsaithe i dtuaithe na hÉireann, mar chuid den phlean cúig bliana – an Plean Soghluaisteachta Tuaithe.

Chomh maith leis na forbairtí sin, ordaíodh 165 bus leictreach ceallraí aonair agus deisce dúbailte le húsáid ar sheirbhísí uirbeacha.  D’ordaigh an ÚNI 90 carráiste breise DART, rud a fhágann gur ionann le 185 líon na gcarráistí atá á dtáirgeadh anois le seachadadh ón mbliain seo chugainn.

I rith na bliana, rinneadh na céad orduithe freisin do bhusanna leictreacha ceallraí aon urlár agus dhá urlár, agus tá cuid acu le teacht i seirbhís in 2023.

In 2022, chuir an ÚNI tús leis an próiseas soláthair ar dhá thionscadal suntasach eile: AVL na Chéad Ghlúine Eile (Uath-Aimsitheoir Feithiclí) agus Ticéadú na Chéad Ghlúine Eile (NGT).

Bliain rathúil a bhí ann freisin dár dtionscadail Taisteal Gníomhach agus infheistíodh €310m sna céadta tionscadal i ngach cathair agus contae ar fud na tíre.

Thug an ÚNI freisin rialacháin leasaithe in 2022 d’earnáil na mBeagfheithiclí Seirbhíse Poiblí (SPSV) chun iarracht a dhéanamh oiread SPSVanna agus is féidir a choinneáil sa tionscal.

Tá an leagan Béarla ar fáil.

Féach: NTA publishes Annual Report for 2022 – National Transport