Seolann ÚNI feachtas nua maidir le Feasacht Chlampála

Bí i do Sheaimpín Clampála

3 June 2025

Tá feachtas nua feasachta don phobal, “Bí i do Sheaimpín Clampála”, seolta inniu ag an Údarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) chun cabhrú le hoideachas a chuir ar thiománaithe maidir le sáruithe páirceála coitianta agus conas clampáil a sheachaint go hiomlán.

Is é cuspóir an fheachtais ná comhairle shoiléir phraiticiúil a thabhairt chun cabhrú le líon na n-eachtraí clampála a laghdú i mbailte agus i gcathracha ar fud na tíre.

Eascraíonn go leor cásanna de chlampáil feithiclí as sáruithe beaga ach fós féin cinn atá inchoiscthe, amhail teorainneacha ama a shárú, páirceáil ar chosáin nó mainneachtain táille cheart a íoc ag meaisíní Íoc agus Taispeáin.

Is é cuspóir an fhíseáin ná botúin choitianta a mhíniú agus noda a thabhairt, amhail:

  • Léigh comharthaí bóthair agus marcanna colbha go cúramach
  • Bain úsáid as aipeanna páirceála fíoraithe chun dlisteanacht agus teorainn ama a dheimhniú
  • Nuair a úsáideann tú ticéad páirceála priontáilte nó cead páirceála, déan cinnte go bhfuil sé ar taispeáint go follasach sa ghaothscáth

Is é an ÚNI atá ina rialálaí ordaithe maidir leis an Acht um Theanntáil Feithiclí 2015.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, moltar do thiománaithe cuairt a thabhairt ar Rialachán um Theanntáil Feithiclí – ÚNI.