“Tugaimidne san Údarás Náisiúnta Iompair an-aird ar ár ról agus ar ár bhfreagracht maidir le héifeachtaí an athraithe aeráide a laghdú. Is é atá i gceist le bheith cróga ó thaobh na haeráide de ná bearta ceannasacha a dhéanamh chun todhchaí a bheidh neodrach ó thaobh carbóin de a bhaint amach, agus déanaimid dianiarracht gach lá athshainiú a dhéanamh ar ról na hearnála iompair i saol mhuintir na hÉireann. Trí úsáid talún níos fearr agus trí phleanáil iompair níos fearr, tá sé mar aidhm againn iompar poiblí a thabhairt chuig an oiread daoine agus is féidir chun an gá le feithiclí pearsanta atá dochrach don chomhshaol a laghdú. Dar leis an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, tógann 92% de dhaoine ar domhan aer atá ar chaighdeán atá níos ísle ná na treoirlínte molta isteach. I dteannta a chéile, áfach, is féidir linn dearcthaí a aistriú i dtreo modhanna gluaiseachta atá níos inbhuanaithe agus, ar an mbealach sin, is féidir linn cáilíocht an aeir a thógaimid isteach a dhéanamh níos sláintiúla do chách.”
A message from our CEO