Seolann an ÚNI comhairliúchán poiblí maidir le Feabhsuithe atá Beartaithe ar Sheirbhís Bus do Bhaile Átha an Rí

D’oscail an tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) comhairliúchán poiblí inniu maidir le pleananna chun nascacht bus do Bhaile Átha an Rí a fheabhsú.

25 November 2025

D’oscail an tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) comhairliúchán poiblí inniu maidir le pleananna chun nascacht bus do Bhaile Átha an Rí a fheabhsú.

Fáiltíonn an comhairliúchán, a bheidh ar siúl go dtí 5:00pm Dé hAoine, an 9 Eanáir 2026

Fáiltíonn an comhairliúchán, a bheidh ar siúl go dtí 5:00pm Dé hAoine, an 9 Eanáir 2026, roimh aiseolas ó chónaitheoirí, ó ghnólachtaí agus ó pháirtithe leasmhara maidir le feabhsuithe seirbhíse ata beartaithe, atá ceaptha chun naisc iompair áitiúla agus réigiúnacha a neartú.

Faoi na moltaí, tá sé beartaithe ag an ÚNI seirbhís 425a Bhus Éireann, a fheidhmíonn idir an Chreagáin agus Cathair na Gaillimhe a athtródú chun freastal ar Bhaile Átha an Rí. Tá sé mar aidhm ag an moladh seo an bhearna a líonadh ó tharraingt siar bhus Tráchtála Bhaile Átha an Rí go Cathair na Gaillimhe in 2024, rud a chuir deireadh leis an tseirbhís. Tá sé beartaithe an tseirbhís a athainmniú mar an 415 freisin.

 Seirbhís nua Bealach 416, seirbhís 425a leasaithe

Chun tacú leis an 425a leasaithe, tá sé beartaithe seirbhís nua, Bealach 416, a thabhairt isteach faoi na moltaí agus tá sé beartaithe go bhfeidhmeoidh sí idir Baile Átha an Rí agus Tuaim trí Chora Finne, Mainistir Chnoc Muaidhe agus Muine Mheá. Tá sé beartaithe go bhfeidhmeoidh an tseirbhís nua seo ceithre nó cúig thuras fillte in aghaidh an lae, seacht lá na seachtaine, agus go n-oibreodh Nasc Áitiúil na Gaillimhe í.

Na feabhsúcháin seirbhíse atá beartaithe a chur i bhfeidhm in 2026

Dhéanfaí na seirbhísí nua a chomhtháthú leis an aip TFI Beo le haghaidh pleanáil taistil áisiúil, agus d’éascódh córas táillí an Chárta Leap íocaíochtaí gan airgead tirim. Bheadh Pasanna Saorthaistil bailí freisin ar sheirbhísí infheidhme feadh na conaire.

Is aidhm le ÚNI na feabhsúcháin seirbhíse atá beartaithe a chur i bhfeidhm in 2026, ach an méid sin faoi réir an maoiniú agus na hacmhainní breise riachtanacha a fháil.

Tá aiseolas ón bpobal riachtanach chun na feabhsuithe atá beartaithe a mhúnlú do riachtanais na bpobal i gceantar Bhaile Átha an Rí. Spreagann an ÚNI cónaitheoirí agus gnólachtaí chun athbhreithniú a dhéanamh ar na pleananna agus páirt a ghlacadh sa phróiseas comhairliúcháin.

Chun athbhreithniú a dhéanamh ar na moltaí agus aiseolas a chur isteach, tabhair cuairt ar: Baile | National Transport Authority Consultation Portal

Plean Soghluaisteachta Tuaithe – Éire a Nascadh

Tá an leasú atá beartaithe ar sheirbhís bus 425a agus tabhairt isteach sheirbhís bus 416 mar chuid de Phlean Soghluaisteachta Tuaithe – Éire a Nascadh, tionscnamh náisiúnta atá dírithe ar iompar poiblí tuaithe a neartú mar chuid de Líonra Transport for Ireland (TFI). Tá an plean atá forbartha agus maoinithe ag an Údarás Náisiúnta Iompair, ailínithe le spriocanna Thionscadal Éireann 2040 agus an Phlean Gníomhaíochta ar son na hAeráide.