A Chathaoirligh, a chomhaltaí an Choiste, gabhaim buíochas libh as an gcuireadh a bheith os comhair an Choiste inniu. Tuigim gur mian leis an gCoiste plé a dhéanamh ar “Iompar Uirbeach agus Inbhuanaithe”. Chun cabhrú liom déileáil leis na ceisteanna a d’fhéadfadh teacht aníos i rith an tseisiúin, tá Jeremy Ryan, Stiúrthóir na Seirbhísí Iompair Phoiblí, i mo theannta.
Creat Straitéiseach d’Iompar Uirbeach
Tá infheistíocht agus soláthar iompair i gceantair cathrach na hÉireann á dtreorú anois ag straitéisí foilsithe iompair. Maidir le réigiún Bhaile Átha Cliath, glacadh go foirmiúil leis an Straitéis Iompair do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath 2022-2042 mar phlean reachtúil iompair don réigiún go luath in 2023. Cuireann sí creat ar fáil d’fhorbairt bonneagair iompair agus soláthar seirbhísí iompair ar fud an réigiúin thar thréimhse fiche bliain, le foráil chun í a athbhreithniú agus a nuashonrú gach sé bliana.
Straitéisí Iompair i gCeantair Uirbeacha Eile
Cé gur forbraíodh Straitéis Iompair do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath mar phlean reachtúil faoi reachtaíocht shonrach, tá straitéisí iompair eile forbartha ar bhonn neamhreachtúil i gcathracha eile. I gcomhar leis na húdaráis áitiúla ábhartha, foilsíodh straitéisí iompair do Mhórcheantair na Gaillimhe, Chorcaí, Luimnigh/Shionainne agus Phort Láirge. Cuireadh straitéis na Gaillimhe i gcrích in 2016, straitéis Chorcaí in 2020, straitéis Luimnigh/Shionainne in 2022 agus straitéis Phort Láirge in 2022.
Leagann gach ceann de na straitéisí seo amach na príomhthionscadail iompair agus na seirbhísí ábhartha is gá a chur ar fáil chun freastal ar fhás an éilimh ar thaisteal trí mhodhanna inbhuanaithe. Clúdaíonn siad gach modh iompair talún – siúl, rothaíocht, bus, iarnród éadrom, iarnród trom, bóithre agus lastais – agus cuireann siad san áireamh riachtanais inrochtaineachta, comhtháthú le beartais phleanála agus cuspóirí aeráide.
Fás agus Feidhmíocht an Iompair Phoiblí
Tá úsáid iompair phoiblí ag fás ar leibhéil eisceachtúla i gcónaí. San iomlán, bhí 32 milliún paisinéir breise ar sheirbhísí bus agus iarnróid conarthacha in 2024 i gcomparáid le 2023, méadú de 10.6%. D’ardaigh líon na bpaisinéirí ar gach cineál seirbhíse anuraidh, ó iompar tuaithe go seirbhísí uirbeacha iarnróid, agus ba iad na méaduithe ba mhó a bhí le sonrú ar an líonra bus i mBaile Átha Cliath.
Murab ionann agus go leor dlínsí idirnáisiúnta eile, tá líon iomlán na bpaisinéirí ar iompar poiblí in Éirinn anois i bhfad níos airde ná na leibhéil réamh-phaindéime 2019, agus 344 milliún paisinéir iompaithe ar sheirbhísí stáit anuraidh, i gcomparáid le 295 milliún in 2019.
Cé gur forbairtí an-dearfacha agus tairbheacha iad na figiúirí seo, cruthaíonn siad dúshláin dá gcuid féin — go háirithe an gá atá ann a bheith solúbtha chun freagairt do riachtanais acmhainne méadaithe i dtimpeallacht gar-fhostaíochta ina bhfuil cineálacha áirithe acmhainní gann.
Sin a chuireann deireadh le mo chuid nótaí tosaigh, agus cuirim fáilte roimh aon cheisteanna atá ag comhaltaí an Choiste.