Straitéis iompair do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath

Rinne an tÚdarás Náisiúnta Iompair an Straitéis Iompair do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath 2016-2035 a ullmhú agus a fhoilsiú de réir alt 12 den Acht um Údarás Iompair Bhaile Átha Cliath, 2008.

Leagtar amach sa straitéis an dóigh a bhforbrófar an t-iompar ar fud an réigiúin, ina gcumhdaítear Baile Átha Cliath, an Mhí, Cill Mhantáin agus Cill Dara, thar thréimhse na straitéise. Cheadaigh an tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt an straitéis de réir na reachtaíochta ábhartha.

Is féidir an Straitéis Iompair a íoslódáil ón nasc thíos:

Tar éis na tréimhse le haghaidh aighneachtaí a dhéanamh, ullmhaíodh tuarascáil ina n-achoimrítear an freagra ón Údarás ar gach ceann de na haighneachtaí a fuarthas le linn an dara babhta comhairliúcháin phoiblí. Foilsíodh an dréacht-Straitéis Iompair agus na hathruithe a rinneadh uirthi ina dhiaidh sin freisin.

I gcomhréir le hAirteagal 9(1) de I.R. Uimh. 435 de 2004, rinneadh Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta ar an dréacht-Straitéis. Ullmhaíodh Tuarascáil Timpeallachta ina ndéantar measúnú, ar leibhéal straitéiseach, ar an tionchar suntasach is dóigh go n-imreoidh forfheidhmiú na dréacht-Straitéise ar an timpeallacht. Ullmhaíodh Ráiteas maidir leis an Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta tar éis an Straitéis a cheadú.

I gcomhréir le Treoir 92/43/CEE ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáin a chaomhnú, rud ar a dtugtar an Treoir maidir le Gnáthóga de ghnáth, rinneadh Measúnacht Chuí agus ullmhaíodh Ráiteas Tionchair Natura chun a chinneadh cé acu a bheadh nó nach mbeadh tionchar ag an dréacht-Straitéis ar chuspóirí sláine agus caomhantais láithreáin ábhartha Natura 2000. Ullmhaíodh Ráiteas Conclúide a ghabhann leis an Measúnacht Chuí tar éis an Straitéis a cheadú.

Is féidir gach ceann de na doiciméid sin a íoslódáil ó na naisc thíos: