Ráiteas Tosaigh don Chomhchoiste um Iompar (Tithe an Oireachtais) an 28 Bealtaine 2025, ag Hugh Creegan, Príomhfheidhmeannach (Eatramhach) an ÚNI
“A Chathaoirligh, comhaltaí an Choiste, go raibh maith agaibh as an gcuireadh chun teacht os comhair an Choiste inniu. Tuigim gur mian leis an gCoiste forléargas a fháil ar obair an Údaráis Náisiúnta Iompair (ÚNI). Chun cuidiú liom dul i ngleic le ceisteanna a d’fhéadfaí teacht chun cinn le linn an tseisiúin, tá Eoin Gillard, Stiúrthóir Cúnta – Infheistíocht Iompair agus John Nott, Ceannasaí Phleanáil Seirbhísí Iompair Phoiblí i mo theannta.
Mar a aithneoidh comhaltaí an Choiste, tá réimse leathan gníomhaíochtaí faoi shainchúram an ÚNI lena gcumhdaítear iompair a phleanáil go straitéiseach, seirbhísí iompair a sholáthair, bonneagair iompair a fhorbairt agus gníomhaíochtaí rialála agus ceadúnaithe éagsúla.
Is é an tAcht um Údarás Iompair Bhaile Átha Cliath 2008 an t-acht lárnach lena bunaíodh an ÚNI agus lena beartaíodh i dtús báire go mbeadh eintiteas dírithe ar chúrsaí iompair i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath, ar a dtabharfaí Údarás Iompair Bhaile Átha Cliath. Mar sin féin, sular bunaíodh sinn i mí na Nollag 2009, athraíodh an t-ainm seo agus ár sainchúram le hAcht um Rialáil Iompair Phoiblí na bliana sin. De bharr na hathruithe seo, is feidhmeanna náisiúnta roinnt dár bhfeidhmeanna agus dírítear ar Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath go fóill leis an gcuid eile.
Le reachtaíocht a tháinig níos déanaí cuireadh rialú feithiclí beaga seirbhíse poiblí leis, amhail tacsaithe, hacnaithe agus limisíní, agus cuireadh feidhmeanna an Choimisiúin um Rialáil Tacsaithe arna scor san áireamh ann. Agus in 2015, thug an tAcht um Theanntáil Feithiclí freagracht don ÚNI as gníomhaíochtaí teanntála a rialáil agus as córas achomhairc teanntála a sholáthar.
Oibríonn an ÚNI i gcomhpháirt le líon mór eagraíochtaí comhpháirtíochta chun a shainchúram a chomhlíonadh, lena n-áirítear an Roinn Iompair, údaráis áitiúla, Bonneagar Iompair Éireann, oibreoirí iompair Stáit agus príobháideacha agus páirtithe éagsúla eile.
I bhfianaise cé chomh leathan is atá sainchúram an ÚNI agus a ghníomhaíochtaí gaolmhara, agus ar mhaithe le giorracht an ráitis réamhráitigh seo, tá aguisín curtha i gceangal agam ina bhfuil sonraí sonracha maidir le feidhmeanna éagsúla an ÚNI, i dteannta le faisnéis maidir le réimse leathan de ghníomhaíochtaí tionscadal agus seirbhísí atá ar bun. Tá súil agam go soláthraítear leibhéal réasúnta faisnéise maidir le gnéithe éagsúla dár gcuid oibre leis an nóta agus féadfar tuilleadh sonraí a thabhairt ar mhír ar bith de réir mar is gá.
Seo deireadh le mo ráiteas tosaigh agus fáiltím aon cheisteanna a d’fhéadfaí a bheith ag comhaltaí an Choiste.”