Ráiteas Tosaigh ag Hugh Creegan, Príomhfheidhmeannach (Eatramhach) an ÚNI
Ráiteas Tosaigh don Chomhchoiste um Bonneagar agus Seachadadh an Phlean Forbartha Náisiúnta
“A Chathaoirligh, comhaltaí an Choiste, go raibh maith agaibh as an gcuireadh chun teacht os comhair an Choiste inniu. Tuigim gur mian leis an gCoiste ról an ÚNI mar an tÚdarás Formheasa do thionscadail iompair phoiblí a phlé, lena n-áirítear na tionscadail a leagtar amach sa Phlean Forbartha Náisiúnta reatha. Chun cuidiú liom dul i ngleic le ceisteanna a d’fhéadfaí teacht chun cinn le linn an chruinnithe, tá Eoin Gillard, Stiúrthóir Cúnta – Infheistíocht Iompair i mo theannta inniu.”
Soláthar bonneagair iompair phoiblí a áirithiú
“Ceann de phríomhfheidhmeanna an Údaráis Náisiúnta Iompair (ÚNI) faoina acht bunaidh – an tAcht um Údarás Iompair Bhaile Átha Cliath 2008 – is ea “soláthar bonneagair iompair phoiblí a áirithiú”.
Agus é ag tabhairt faoin ról seo, ceanglaítear ar an ÚNI an fhoráil sin a bhaint amach, a oiread agus is féidir, trí Iarnród Éireann i gcás bonneagair iarnróid throm agus trí Bhonneagar Iompair Éireann i gcás iarnróid éadroim agus meitreo.”
Údarás Formheasa le haghaidh cuid mhaith na dtionscadal iompair phoiblí
“Feidhmíonn an ÚNI mar an tÚdarás Formheasa le haghaidh cuid mhaith na dtionscadal iompair phoiblí, le líon beag de thionscadail iarnróid lasmuigh de Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath taobh amuigh dár sainchúram reachtúil. Maidir leis na tionscadail ollmhóra, feidhmíonn sinn mar an tÚdarás Formheasa laethúil don Chlár DART+, don Chlár BusConnects agus don MetroLink.
Leagtar amach ról an Údaráis Formheasa i dTreoirlínte Bonneagair an Rialtais agus is iad príomhchuspóirí an ról maoirseacht a dhéanamh ar tionscadail a chur i bhfeidhm, cinntí tábhachtacha a dhéanamh maidir le dul chun cinn an tionscadail agus monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm foriomlán na scéime ábhartha.”
Rinne an ÚNI Treoirlínte um Thionscadail a Fhormheas a fhorbairt
“Agus é ag tabhairt faoina ról mar an tÚdarás Formheasa, rinne an ÚNI Treoirlínte um Thionscadail a Fhormheas a fhorbairt, lena ndéantar saolré an tionscadail a roinnt i seacht gcéim, na príomhphointí cinnteoireachta a leagan amach sna céimeanna sin agus an doiciméadú ábhartha atá le soláthar a bhunú i ngach cás. Rinne an ÚNI Treoirlínte um Chostais a Bhainistiú a fhorbairt freisin chun cabhrú le comhlachtaí cur chun feidhme buiséid scéime iomchuí a fhorbairt i gcomhréir le ceanglais Threoirlínte Bonneagair an Rialtais agus Treoirlínte um Thionscadal a Fhormheas an ÚNI. Forbraíodh uirlisí agus córais éagsúla eile chun tacú le tionscadal iompair a chur i bhfeidhm go héifeachtach agus chun a chinntiú go gcomhlíontar ról an ÚNI mar an tÚdarás Formheasa le haghaidh na scéimeanna sin.
Ar mhaithe le giorracht, tá aguisín curtha i gceangal agam ina bhfuil faisnéis faoi réimse tionscadal atá á mbainistiú faoi Chlár Caipitil an ÚNI – féadfar tuilleadh sonraí a thabhairt ar mhír ar bith de réir mar is gá.
Seo deireadh le mo ráiteas tosaigh agus fáiltím aon cheisteanna a d’fhéadfaí a bheith ag comhaltaí an Choiste.”