Seirbhís bus nua chun Tuaim a nascadh le Gaillimh seolta ag Nasc Áitiúil TFI na Gaillimhe

Tá bealach bus nua á sheoladh ag Nasc Áitiúil TFI na Gaillimhe lena ndéanfar nascacht a fheabhsú idir Tuaim agus Gaillimh ón 22ú Bealtaine 2023.

16 May 2023

Tá bealach bus nua á sheoladh ag Nasc Áitiúil TFI na Gaillimhe lena ndéanfar nascacht a fheabhsú idir Tuaim agus Gaillimh ón 22ú Bealtaine 2023.

Tá an bealach nua sin ina chuid de Phlean Soghluaisteachta Tuaithe Connecting Ireland, mór-thionscnamh iompair phoiblí náisiúnta arna fhorbairt agus arna mhaoiniú ag an Údarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) mar chuid de Líonra Transport for Ireland.

Oibreofar 3 sheirbhís fhillte in aghaidh an lae, 7 lá in aghaidh na seachtaine le Bealach 438. Déanfar an bealach a sheirbhísiú ag feithicil leictreach a bheidh inrochtana ina hiomláine lena soláthrófar turas níos glaine, níos ciúine agus níos compordaí do phaisinéirí.

Cuirfear nascacht níos fearr ar fáil ar an mbealach ó Ghaillimh go dtí Tuaim do shráidbhailte agus do cheantair amhail Béal Chláir, Cathair Loistreáin, Áth Cinn, Áth an Chloigín, Cor an Dola, Eanach Dhúin, Cluain Bú, Baile an Dúlaigh agus Mionlach.

Cuirfear nasc nua ar fáil leis freisin idir Tuaim agus Áth Cinn, chomh maith le nasc nua ó Chor an Dola isteach go Cathair na Gaillimhe ag dul thar Loch Coirib agus déanfar seirbhís bhuaic-ama a thairiscint leis do chomaitéirí. Leis an mbealach feabhsófar nascacht freisin le hOspidéal na hOllscoile, Gaillimh, le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh (OÉG) agus le hArd-Eaglais na Gaillimhe.

Dúirt an tAire Iompair Eamon Ryan:Le Bealach 438, nascfar roinnt pobal in Oirthear na Gaillimhe le seirbhísí sláinte, oideachais agus seirbhísí sóisialta i gCathair na Gaillimhe. Is ceann amháin de roinnt bealaí é i nGaillimh atá á gcur i bhfeidhm ar bhonn céimneach i mbliana faoi Phlean Soghluaisteachta Tuaithe Connecting Ireland a bhfuil mar aidhm aige nascacht iompair a fheabhsú ar bhonn suntasach do dhaoine atá ina gcónaí faoin tuath in Éirinn.

Ar bhonn náisiúnta, tá seirbhís bus nua nó feabhsaithe á sholáthar againn gach seachtain. Seo an infheistíocht is mó in iompar tuaithe a chonacthas le fiche nó tríocha bliain, agus roghanna bus nua agus níos minice á gcur ar fáil do dhaoine, agus pobail á nascadh le príomhsheirbhísí mar aon le hiompar ar aghaidh ar iarnróid agus ar bhusanna náisiúnta.

Dúirt Anne Graham, POF ÚNI: Seo an dara céim de chúig chéim faoi chlár Connecting Ireland agus tá ag éirí go hiontach léi cheana féin.   Sheol Connecting Ireland 38 seirbhís bus nua agus feabhsaithe anuraidh, agus tá 67 mbealach nua agus feabhsaithe beartaithe do 2023, lena ndéanfar nascacht níos mó a thairiscint idir bailte agus sráidbhailte ar fud na tíre.

Beidh tionchar dearfach suntasach ag an tseirbhís 438 nua ó Thuaim go Gaillimh ar an bpobal áitiúil mar feabhsófar rochtain léi ar sheirbhísí ospidéil ríthábhachtacha, ar an Ollscoil agus ar thaitneamhachtaí áitiúla eile.  Tá ÚNI tiomanta do sheirbhísí bus Connecting Ireland a fheabhsú a thuilleadh ar fud na tíre.

Agus é ag labhairt roimh an seoladh, dúirt Joe Greally, Bainisteoir Nasc Áitiúil TFI na Gaillimhe:Cuirimid fáilte roimh an bhfeabhsúchán is déanaí seo ar líonra Nasc Áitiúil TFI na Gaillimhe. Táimid an-tógtha le bheith in ann an tseirbhís bhunriachtanach seo a fhógairt tar éis míonna fada de chomhairliúchán agus de phleanáil.

Táimid cinnte go ndéanfar saolta daoine a bhíonn ag taisteal a fheabhsú leis an tseirbhís nua seo agus go soláthrófar rogha inmharthana eile maidir le hiompar príobháideach sa réigiún seo. Is comhpháirt thábhachtach iad seirbhísí iompair phoiblí Nasc Áitiúil TFI den saol laethúil trína nasctar daoine le poist, oideachas, cúram sláinte, siopaí agus áiseanna fóillíochta/turasóireachta. Téann dearadh bonneagair iompair atá inbhuanaithe i bhfeidhm go bunúsach ar shláinte agus ar fholláine daoine sa phobal.

Le haghaidh faisnéis a fhail maidir le bealaí nó amchláir, glaoigh ar (091) 842 384 nó tabhair cuairt ar www.locallinkgalway.ie

 

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Phlean Soghluaisteachta Tuaithe cúig bliana Connecting Ireland tabhair cuairt ar: www.nationaltransport.ie/connecting-ireland/