Seolann an tÚdarás Náisiúnta Iompair an chéim is fairsinge de BusConnects go dtí seo chun níos mó pobail a nascadh i mBaile Átha Cliath ná riamh

Céim 7 d’Athdhearadh Líonra BusConnects, an chéim is fairsinge ó thaobh tíreolaíochta de go dtí seo.

13 October 2025

Sheol an tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI), i gcomhar le Bus Átha Cliath agus Go-Ahead Ireland, Céim 7 d’Athdhearadh Líonra BusConnects, an chéim is fairsinge ó thaobh tíreolaíochta de go dtí seo.

Beidh na seirbhísí nua ag tosú Dé Domhnaigh, an 19 Deireadh Fómhair 2025, rud a thabharfaidh céim mhór chun cinn i gclaochlú líonra iompair phoiblí Bhaile Átha Cliath.

Trí bhealach nua 24 uair a chloig chun nascacht oíche Bhaile Átha Cliath a fheabhsú

abharfaidh Céim 7 naoi mbealach bus nua isteach, lena n-áirítear trí sheirbhís 24 uair a chloig, F1, F2 agus Bealach 80, a bhfuil sé mar aidhm acu nascacht a fheabhsú ar fud na príomhchathrach agus tacú le geilleagar oíche atá ag fás i mBaile Átha Cliath.

Beidh pobail ó Bhaile Munna agus Fionnghlas go Tamhlacht agus Teach Mealóg ag baint leas as naisc fheabhsaithe faoin rolladh amach nua seo, a thacóidh freisin le naisc le ceantair mar Ghlas Naíon, Marino, Ráth Maonais, Baile Phámar, Gleann na Life, Baile an Bhailcín, Camaigh, Droichead Broome, agus Lár na Cathrach. Clúdaíonn an leathnú seo an limistéar is leithne de chuid céime BusConnects go dtí seo, rud a thugann feabhas suntasach ar rochtain ar phoist, ar oideachas agus ar chaitheamh aimsire ar fud Bhaile Átha Cliath.

Tá méadú de bhreis is 14% le teacht ar na leibhéil seirbhíse bus sna ceantair sin go ginearálta mar thoradh ar na hathruithe seo.

Mar chuid den athdhearadh, déanfar roinnt bealaí atá ann faoi láthair a tharraingt siar, lena n-áirítear na bealaí 9, 26, 40, 40B, 49, 54A, 83, 83A, 123 agus 140. Ina theannta sin, atreorófar Bealach 122 trí Bhóthar Chnoc Mór na nGaibhlte, agus athailíneofar Bealach 150 chun freastal ar Choláiste na nGlaschnoc trí Bhóthar na Tiníleach agus Ascaill na Tiníleach.

Cuireadh tuilleadh deiseanna Pointí Aistrithe ar fáil freisin, le príomhphointí nasctha ag Sráidbhaile Fhionnghlaise, Bóthar Gharraithe na Lus, Sráid Uí Chonaill, Stáisiún Heuston, Tamhlacht (An Chearnóg), agus Stáisiún Dhroichead Broome.

Billy Hann, CEO Dublin Bus, Dervla McKay, Managing Director Go Ahead Ireland, Hugh Creegan interim CEO NTA, Dublin Bus and Go Ahead Drivers

Iosta nua-aimseartha busanna chun tacú le todhchaí inbhuanaithe iompair

Chun tacú le leathnú na seirbhísí faoi Chéim 7 agus chun leictriú fhlít Bus Átha Cliath a chur chun cinn, d’fhógair ÚNI agus Bus Átha Cliath inniu go bhfuil iosta nua-aimseartha busanna le hoscailt ar Bhóthar Bhaile Shéamais. Beidh ról lárnach ag an tsaoráid seo maidir le fás a chumasú amach anseo agus le hinbhuanaitheacht an chórais iompair phoiblí sa chathair a fheabhsú. I dtosach báire, beidh 86 feithicil lonnaithe san iosta le 93 tiománaí ag feidhmiú thar 35 bealach laethúil sa chéim is luaithe. Cuideoidh sé sin le líonra iompair níos glaine, níos éifeachtaí a chur ar fáil. Le 178 spás páirceála bus tiomnaithe ar an láthair, tá an t-iosta feistithe go hiomlán chun tacú leis na hoibríochtaí reatha agus le haon leathnú seirbhíse amach anseo.

Beidh gach bealach Chéim 7 clúdaithe faoin scéim táille 90-Nóiméad TFI, a cheadaíonn paisinéirí aistriú idir seirbhísí bus, Luas agus DART laistigh de thréimhse 90 nóiméad trí úsáid a bhaint as cárta Leap TFI.

Leanann an chéim seo de chóras nua-aimseartha comhtháite iompair phoiblí a chur i bhfeidhm do Bhaile Átha Cliath, i gcomhréir le cuspóirí náisiúnta na soghluaisteachta inbhuanaithe, na hinrochtaineachta uirbí agus na gníomhaíochta ar son na haeráide.

“Seirbhísí feabhsaithe do níos mó pobal” – Hugh Creegan, ÚNI

Ag labhairt ag an seoladh, dúirt an tAire Iompair, Darragh O’Brien: “Is céim mhór chun cinn é Céim 7 de BusConnects maidir le gealltanas an Chláir Rialtais a chur i bhfeidhm chun iompar poiblí níos fearr agus níos inbhuanaithe a sholáthar.

“Le seirbhísí leathnaithe agus bealaí nua 24 uair a chloig, táimid ag nascadh níos mó pobal, ag tacú leis an ngeilleagar oíche agus ag éascú rogha an iompair phoiblí do dhaoine. Is dul chun cinn fiúntach é seo i dtreo Baile Átha Cliath níos glaine, níos inrochtana.”

Dúirt Hugh Creegan, Príomhfheidhmeannach Gníomhach ÚNI: “Is cloch mhíle shuntasach í Céim 7 maidir le clár BusConnects a chur i bhfeidhm. Is í seo an chéim is fairsinge go dtí seo, agus tabharfaidh sí seirbhísí feabhsaithe do níos mó pobal ar fud Bhaile Átha Cliath.

“Le bealaí nua 24 uair a chloig agus naisc fheabhsaithe ar fud na cathrach, táimid ag cur iompar poiblí ar fáil atá níos minice, níos inrochtana, agus níos freagraí do riachtanais laethúla daoine. Neartóidh na hathruithe seo ról an iompair phoiblí i dturais laethúla daoine agus tacóidh siad le forbairt fhadtéarmach cathair atá níos inbhuanaithe agus níos nasctha.”

Dúirt Billy Hann, Príomhfheidhmeannach Bus Átha Cliath: “Is céim thábhachtach é oscailt Iosta Bhaile Shéamais chun tacú le fás ár bhflít leictrigh agus le feabhsú seirbhísí do chustaiméirí. Léiríonn an t-ionad nua-aimseartha seo an chomhpháirtíocht láidir idir Bus Átha Cliath, an tÚdarás Náisiúnta Iompair agus an Roinn Iompair, agus gabhaimid buíochas leis an Aire as a thacaíocht leanúnach chun iompar poiblí níos inbhuanaithe a chur ar fáil don chathair. Léiríonn seoladh Chéim 7 de BusConnects, ina bhfuil trí bhealach nua 24/7, céim mhór eile maidir le seirbhísí bus a bhunathrú chun freastal níos fearr ar riachtanais na ndaoine”

Dúirt Dervla McKay, Stiúrthóir Bainistíochta Go-Ahead Ireland: “Is cloch mhíle eile atá tábhachtach do líonra iompair Bhaile Átha Cliath í Céim 7 de BusConnects, agus táimid bródúil as ár ról maidir le níos mó pobal ar fud na cathrach a nascadh. Mar chuid den chéim seo, d’fhostaíomar beagnach 50 tiománaí áitiúil nua a chuirfidh lenár bhfoireann thiomnaithe i mBaile an Mhóta, chun seirbhísí iontaofa, ardchaighdeáin agus inrochtana a sholáthar do phaisinéirí.”

Tagann seoladh Chéim 7 i ndiaidh cur i bhfeidhm rathúil Chéim 6A níos luaithe i mbliana, arb é an pointe leathbhealaigh é i dtaca le hAthdhearadh Líonra BusConnects do Bhaile Átha Cliath a chur i gcrích.

Chun tuilleadh eolas a fháil, téigh chuig: Ceim 7 – Dromlach F – 9 mbealach nua