Tá Aip Breisithe Creidmheasa Chárta TFI Leap ar fáil ar Ghléasanna Apple anois

27 April 2021

D’eisigh an tÚdarás Náisiúnta Iompair an Aip ‘Leap Top-Up’ ar Shiopa Aipeanna Apple, rud a fhágann go mbeidh úsáideoirí Chárta Leap a bhfuil gléasanna Apple acu in ann a n-iarmhéid a sheiceáil, breisiú creidmheasa a chur leis de réir mar a théitear agus ticéid réamhcheannaithe a bhailiú, lena n-áirítear ticéid TaxSaver.

Is féidir le húsáideoirí Chárta TFI Leap a bhfuil iPhone 7 nó leagan níos nuaí acu an aip ‘Leap Top-Up’ a íoslódáil ó Shiopa Aipeanna Apple agus ní bheidh orthu a thuilleadh dul chuig siopa ná meaisín ticéad chun breisiú creidmheasa nó táirgí ticéid a ceannaíodh ar líne roimhe sin a lódáil.

Cé go bhfuil an chuid is mó d’úsáideoirí ghléasanna Android in ann breisiú creidmheasa a chur leis tríd an aip ó bhí an bhliain 2016 ann, níor chuir Apple cead d’aipeanna tríú páirtí an chumarsáid neasréimse ar bord a rochtain le haghaidh ghléasanna iPhone 7 agus gléasanna níos nuaí ach amháin i mí Dheireadh Fómhair 2019, tráth a eisíodh iOS 13.

Dúirt Anne Graham, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin an Údaráis Náisiúnta Iompair:

“Tá sé mar uaillmhian againn ón tús aip breisithe creidmheasa Chárta TFI Leap a chur ar fáil do chohórt níos leithne úsáideoirí iompair phoiblí. Tá ríméad orainn go bhfuilimid in ann an tseirbhís seo a leathnú chuig gléasanna Apple anois.

“Táimid ag súil leis go mbeidh an tóir ar aip Leap ar ghléasanna Apple chomh mór is atá an tóir ar an aip ar ghléasanna Android. I láthair na huaire, tá breisithe creidmheasa Android freagrach as 30% de na breisithe creidmheasa a chuirtear le Cártaí TFI Leap. Bunaithe ar na figiúirí sin, ba cheart go mbeadh 60% d’úsáideoirí Chárta TFI Leap ag cur breisiú creidmheasa lena gcárta ach aip mhóibíleach a úsáid.

“I bhfianaise Covid-19, is feidhm a gcuirfidh úsáideoirí iompair phoiblí ar fud ghréasán TFI fáilte roimpi é an cumas breisiú creidmheasa a lódáil in áit ar bith ag am ar bith agus ó chompord a dtí féin. Is é táillí a íoc ach Cárta TFI Leap a úsáid an modh is sábháilte is féidir le daoine taisteal de réir mar a mhaolaítear na srianta.”

Dúirt Eamon Ryan, an tAire Iompair:

“Tá sé go hiontach seoladh na haipe breisithe creidmheasa ar iOS inniu a fheiceáil. Is é an toradh atá ar Chárta TFI Leap agus an aip breisithe creidmheasa go dtí seo gur fusa do chách turais a dhéanamh ar fud ghréasán TFI.

“Beidh an t-iompar poiblí ina rogha níos tarraingtí do dhaoine mar thoradh ar an ngné bhreise seo d’úsáideoirí ghléasanna Apple. Tá coigiltí móra suas le 31% á ndéanamh cheana féin ag custaiméirí Leap, i gcomparáid leis an méid a bheadh caite acu ach íocaíochtaí airgid thirim a úsáid.

“Táim ag súil le hamharc ar úsáideoirí iompair phoiblí ar fud na tíre agus iad ag baint leas as an modh éasca seo le breisiú creidmheasa a chur le Cárta Leap. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don obair atá á déanamh ag an Údarás Náisiúnta Iompair chun freagairt do riachtanais chustaiméirí trí tháirgí nuálacha dá leithéid seo a chur i bhfeidhm ach an teicneolaíocht fóin chliste is déanaí a úsáid.”

Chun an aip a úsáid, níl le déanamh agat ach Cárta Leap a bhrú in aice d’fhóin.

Tá tástáil bheo custaiméirí á déanamh ar an aip ar iOS le roinnt míonna anuas agus deir an tÚdarás Náisiúnta Iompair gurb an-dearfach go dtí seo atá an t-aiseolas a fuarthas.

Is féidir an aip ‘Leap Top-Up’ a íoslódáil ó Shiopa Aipeanna Apple agus ó Shiopa Aipeanna Android agus is féidir leat teacht anseo ar fhaisnéis bhreise faoi conas is féidir leat an ghné a úsáid.