Tá daoine cumasacha díograiseacha á lorg againn chun bheith mar chuid dár bhfoireann de ghairmithe tiomanta, agus iad ag cabhrú le todhchaí iompar poiblí na hÉireann a mhúnlú agus a fhíorú.
Is eagraíocht spleodrach shíorathraitheach atá ag dul i méid é an tÚdarás Náisiúnta Iompair. Táimid i mbun roinnt mórthionscadail iontacha a chur i bhfeidhm, a bhfuil clár BusConnects, MetroLink, DART+ agus seirbhísí nua iompair phoiblí ina measc, in éineacht le teicneolaíocht a thacaíonn le Cártaí Leap, Eolas Fíor-ama do Phaisinéirí agus an t-athrú chuig íocaíochtaí gan airgead tirim le haghaidh seirbhísí.
Eagraíocht ionchuimsitheach lena mbaineann réimse leathan sochar fostaithe, amhail beartais a thacaíonn le baill foirne cothromaíocht oibre is saoil a bhaint amach, is ea an ÚNI. Táimid ag earcú daoine cumasacha, díograiseacha agus tiomanta faoi láthair do na poist seo a leanas:
- Ceannaire um Thuairisciú Airgeadais, Anailísíocht Sonraí agus Faisnéis Ghnó
- Anailísí Sinsearach um Rialachas agus Bainistíocht Riosca
Na leabhráin a íoslódáil
Is féidir leis na hiarrthóirí rathúla a bheith ag dúil le hobair atá dúshlánach ach tairbheach, mar aon le scoth na hoiliúna agus na ndeiseanna forbartha.
Chun na leabhráin a íoslódáil, lena n-áirítear foirmeacha iarratais, agus chun tuilleadh a fháil amach faoinár sochair fostaíochta, tabhair cuairt ar ár suíomh gréasáin https://www.nationaltransport.ie/ga/about-us/careers/.
Dáta deiridh le haghaidh iarratais a fháil: 12pm Dé hAoine, an 6 Samhain 2026.
