Tá seirbhís nua bus lena nascfar an Caisleán Riabhach le Béal Átha na Sluaighe le seoladh ag Nasc Áitiúil TFI, Gaillimh

2 December 2022

Dé Luain an 5 Nollaig, seolfaidh Nasc Áitiúil TFI, Gaillimh, Bealach 546 ón gCaisleán Riabhach go Béal Átha na Sluaighe. Seirbhís nua a oibreoidh seacht lá sa tseachtain a bheidh sa bhealach. Oibreoidh an tseirbhís trí huaire sa lá sa dá threo. Clúdóidh sí an Caisleán Riabhach, Baile Liam, Gleann na Madadh, Cill Choirín, Maigh Locha, an Creagán, an Chealtrach, Áth Eascrach agus Béal Átha na Sluaighe.

Chomh maith leis sin, soláthróidh an tseirbhís nua seirbhís bhuaic-ama nua a idirmhalartóidh le seirbhísí díreacha ó Bhéal Átha na Sluaighe go Gaillimh agus nascacht fheabhsaithe chuig seirbhísí réigiúnacha bus agus iarnróid sa Chaisleán Riabhach do chomaitéirí.

Cuid de Éire a Nascadh – An Plean Soghluaisteachta Tuaithe is ea Bealach 546. Is é atá sa Phlean nua sin ná mórthionscnamh náisiúnta iompair phoiblí ar fhorbair an tÚdarás Náisiúnta Iompair é d’fhonn nascacht a mhéadú, go háirithe do dhaoine a chónaíonn lasmuigh dár gcuid cathracha agus bailte móra. Tá an bealach nua seo á chistiú ag an Údarás Náisiúnta Iompair mar chuid den ghréasán Transport for Ireland.

Ag labhairt dó roimh an seoladh, dúirt Eamon Ryan TD, an tAire Iompair: “Nascann an Clár Soghluaisteachta Tuaithe ‘Éire a Nascadh’ daoine agus áiteanna i limistéir thuaithe agus i limistéir uirbeacha trí iompar poiblí atá inrochtana agus inbhuanaithe.

“Mar thoradh ar an tseirbhís nua seo a oibreoidh seacht lá sa tseachtain, beidh roghanna minice taistil inbhuanaithe ag daoine ag buaic-amanna. Nascfaidh na roghanna sin le seirbhísí réigiúnacha bus agus iarnróid freisin.

“Is é an cur chuige comhtháite seo i leith an iompair phoiblí an rud díreach a theastaíonn uainn chun cabhrú le níos mó daoine a fheiceáil cé chomh buntáisteach is atá an bus nó an traein le haghaidh taisteal chuig cinn scríbe”.

Dúirt Hildegarde Naughton TD, Aire Stáit sa Roinn Iompair: “Is é an toradh a bheidh ar an mbealach nua seo ná go mbunófar saol na ndaoine a chónaíonn i naoi gcinn de bhailte agus de shráidbhailte i nGaillimh chun feabhais.

“Bíonn seirbhísí iompair phoiblí den chineál seo ríthábhachtach do dhaoine a chónaíonn i gceantair thuaithe na hÉireann, agus seirbhísí minice bus ag cur ar a gcumas taisteal chun na hoibre, chun an oideachais nó chuig gníomhaíochtaí fóillíochta ar dhóigh inbhuanaithe agus ag soláthar rogha eile ar an gcarr.

“Seo é an seoladh bealaí nua is déanaí faoin gclár ‘Éire a Nascadh’, a bhfuil mar aidhm leis gréasáin bus a fheabhsú go mór ar fud cheantair thuaithe na tíre, agus daoine agus áiteanna á nascadh”.

Ag labhairt dó roimh an seoladh, dúirt Joe Greally, Bainisteoir Nasc Áitiúil TFI, Gaillimh: “Cuirfidh sé seo go mór le Gréasán Nasc Áitiúil TFI, Gaillimh, agus cuirimid fearadh na fáilte roimhe.

“Táimid an-tógtha faoi bheith in ann an tseirbhís ríthábhachtach seo a fhógairt tar éis na míonna a caitheadh i mbun comhairliúcháin agus pleanála. Táimid cinnte go gcuirfidh an tseirbhís nua seo feabhas ar shaol an phobail a bhíonn ag taisteal agus go mbeidh sí ina rogha inmharthana eile ar an iompar príobháideach laistigh den réigiún seo”.

Is é atá i seirbhísí iompair tuaithe Nasc Áitiúil TFI ná cuid thábhachtach den saol laethúil, agus daoine á nascadh acu chuig poist agus chuig saoráidí oideachais, cúram sláinte, siopadóireachta agus áineasa/turasóireachta. Bíonn ag bonneagar iompair inbhuanaithe a dhearadh tionchar bunúsach ar shláinte agus folláine daoine sa phobal. Cabhraíonn sé le dul i ngleic le haonrú sóisialta, cuireann sé feabhas ar inrochtaineacht fhoriomlán agus soláthraíonn sé deiseanna le haghaidh gníomhaíocht iompair ghníomhaigh ar bhonn tráthrialta agus le haghaidh gníomhaíocht fhisiciúil laethúil.

Chun faisnéis a fháil faoi bhealaí agus faoi amchláir, cuir glao ar (091) 842 384 nó tabhair cuairt ar locallinkgalway.ie