TAIRISCINTÍ Á LORG AG AN NTA LE hAGHAIDH 600 BUS HIBRIDEACH

12 July 2019

 

Beifear ag súil go gcomhlíonfaidh busanna nua diancheanglais ‘feithicil ghlan’ Threoir athbhreithnithe AE maidir le Feithiclí Glana atá le teacht

Tá próiseas tairisceana tionscanta ag an NTA le haghaidh suas le 600 bus hibrideach dhá urlár, mar ghné lárnach den chlár BusConnects. Tá sé ar intinn ag an NTA Creat-chomhaontú Soláthróra Aonair a dhéanamh maidir leis na busanna.

Tá sé beartaithe leis an gCreat-chomhaontú go gceadófar busanna hibrideacha díosail-leictreacha dhá urlár a cheannach ón Soláthróir le linn thréimhse an Chreata-chomhaontaithe.

Meastar go bhféadfaí suas le 600 bus a cheannach faoin gCreat-chomhaontú sin thar tréimhse de thart ar chúig bliana. D’fhéadfaí na chéad bhusanna a sheachadadh roimh dheireadh 2020.

Cé go bhfuiltear ag súil leis nach dtiocfaidh Treoir athbhreithnithe an AE maidir le cur chun cinn fheithiclí bóthair iompair atá glan agus tíosach ar fhuinneamh (ar a dtugtar an ‘Treoir maidir le Feithiclí Glana’) i bhfeidhm go dtí am éigin le linn 2021, tá sé mar aidhm ag an NTA a chinntiú go mbeadh gach bus cathrach nua a sheachadfar ón mbliain seo chugainn ar aghaidh i gcomhréir leis an treoir.

Dá réir sin, beifear ag súil leis go gcomhlíonfaidh aon bhus arna mholadh ag déantóir le bheith mar chuid den tairscint seo an sainmhíniú ar ‘feithicil ghlan’ dá bhforáiltear sa Treoir athbhreithnithe.

Dúirt urlabhraí de chuid an NTA: “Táthar ag súil leis go mbeidh na busanna nua hibrideacha 30% níos tíosaí ar fhuinneamh, ar a laghad, ná mar atá na busanna reatha a úsáideann díosal amháin, agus laghdófar astaíochtaí díobhálacha gás ceaptha teasa mar thoradh ar sin.

“Tá sé i gceist ag an NTA freisin go mbeidh na busanna nua in ann feidhmiú gan astaíochtaí sceithphíopa.

“Cuirfidh an cumas sin, chomh maith leis an laghdú iomlán ar ídiú fuinnimh, feabhas ar chaighdeán an aeir i gcathracha na hÉireann ar a mbeidh na busanna seo ag freastal.”

Táthar ag súil leis go gcomhlíonfaidh na busanna a chuirfear ar fáil faoin gCreat-chomhaontú na rudaí seo a leanas:

  • feithiclí dhá urlár a bheidh iontu, ag a mbeidh 40 suíochán ar a laghad ar an urlár uachtarach, 17 suíochán ar a laghad (gan suíocháin fad-infhillte san áireamh) ar an urlár íochtarach agus áit do 70 paisinéirí nó níos mó (paisinéirí ina seasamh san áireamh) ar an iomlán, de réir fhad na feithicle nach faide ná 11.50 méadar;
  • beidh fonnadh ag a mbeidh cuid urláir ísil acu agus beidh na gnéithe seo a leanas mar chuid de:
    • doras tosaigh leathan feistithe le dhá chomhla agus mótar-rampa oiriúnach chun rochtain neamhchuidithe a chur ar fáil do chathaoireacha rothaí;
    • spás do chathaoir rothaí amháin, ar féidir rochtain a fháil air go éasca ó rampa an dorais thosaigh;
    • spás do bhugaí amháin, ar féidir rochtain a fháil air go éasca ó rampa an dorais thosaigh; agus
    • doras amach leathan sa lár feistithe le dhá chomhla;
  • cloífidh siad le Catagóir Feithiclí M3 EU/UNECE agus beidh siad mar chuid d’Aicme I UNECE;
  • beidh siad ceaptha do phaisinéirí ina suí agus ina seasamh araon;
  • beidh siad oiriúnach lena n-úsáid ar bhealaí cathracha agus fo-uirbeacha ar a mbeidh stadanna rialta do phaisinéirí;
  • beidh siad oiriúnach le haghaidh taistil ar bhóithre measctha, ar luasanna suas le 65 ciliméadar in aghaidh na huaire;
  • comhlíonfaidh siad an sainmhíniú ábhartha ar ‘feithicil ghlan’ a thugtar i dTreoir athbhreithnithe an Aontais Eorpaigh (AE) maidir le cur chun cinn fheithiclí bóthair iompair atá glan agus tíosach ar fhuinneamh (ar a dtugtar an ‘Treoir um Fheithiclí Glana’) atá le teacht, a bhfuiltear ag súil leis go dtiocfaidh sí i bhfeidhm ó lár 2021 ar aghaidh;
  • beidh siad in ann feidhmiú gan astaíochtaí sceithphíopa, ar mhaithe le tionchar na mbuntáistí maidir le caighdeán an aeir a bhaineann le feithiclí nach mbíonn astaíochtaí astu a threisiú roimh chur i bhfeidhm céimneach an bhonneagair a bheidh ag teastáil chun tacú lena dtabhairt isteach ar bhonn forleathan;
  • beidh siad feistithe le gléasra cumhachta a chuimseoidh inneall díosail a chomhlíonfaidh Euro VI;
  • comhlíonfaidh siad reachtaíocht na hÉireann maidir le hoiriúnacht úsáide ar bhóithre poiblí;
  • feithiclí tiomána deasóige a bheidh iontu; agus
  • beifear ag súil leis go mbeidh saolré oibríochtúil éifeachtúil acu de 12 bhliain ar a laghad.

Tá tuilleadh sonraí le fáil ag etenders.gov.ie:

https://irl.eu-supply.com/app/rfq/publicpurchase_frameset.asp?PID=147642&B=ETENDERS_SIMPLE&PS=1&PP=ctm/Supplier/publictenders