Tugann an Rialtas Solas Glas do BusConnects Bhaile Átha Cliath

8 March 2022

Thug an Rialtas solas uaine go dtí an clár ilbhiliún ‘BusConnects’ I gcomhair Bhaile Átha Cliath inniu, ag ligeadh An tÚdarás Náisiúnta Iompair (An Údaráis) cuir iarratas pleanála i gcomhair ‘Chonair Bhus Lárnacha’ faoi bhráid os comhair An Bord Pleanála.

Tá ‘BusConnects’ chun bunathraigh Bhaile Átha Cliath chun feabhais, ag tabhairt seirbhísí bhus níos tapúla agus níos eifeachtúla ar fáil do chách, co mhaith le seirbhísí rothaíochta agus siúlóid feabhsaithe. Ciallaíonn an clár go bhfeicfidh an chathair méadú beagnach 25% ar sheirbhísí bus.

Dúirt an tAire Eamon Ryan T.D.: ‘Is lá an-suntasach é seo i gcomhair iompar poiblí sa chathair. Beidh seribhís níos tapúla agus níos solúbtha ar fáil do phaisnéirí. Beidh phaisnéirí in ann taisteal timpeall na cathrach i gcomhair scoil, obair, agus pléisiúr níos tapúla. Beidh sráideanna níos glaine agus níos ciúine againn, agus leis an cur i bfeidhm breise de fhlít saor ó aistaíochtaí i gcomhair bealaí BusConnects, is féidir linn bí ag coinne le caighdeán na beatha feabshaithe i gcomhair saoránach agus turasóirí. Tá seo sampla eile den Rialtas ag infheistiú in iompar poiblí chun gealltanas athrú aeráide a bualadh agus cathair níos inbhuanaithe agus sláintiúla a chur ar fáil don chéad ghlúine eile.’

Beidh 230km conair bhus agus 200km lána rothaíochta forbartha faoi 2030 chun iompar sábháilte, insroichte, agus iontaofa a chur ar fáil d’uile agus chun plódú tráchta, truailliú aeir, agus truailliú ó thorann a laghdú.

Tá seo athrú tábhactach i saoráidí rothaíochta, ag cur cóir rothaíochta sábháilte agus scartha ar fáil ar fud na lána is gnóthach sa chathair. Cuirfear líonra nua seirbhísí bus i bhfeidhm ar fud na cathrach le naoi droim ardmhinicíochta nua, seirbhísí fithiseach feabhsaithe agus seirbhísí áitiúla méadaithe ar fud na cathrach i gcomhair sráideanna níos sábhailte agus níos gloine.

Méadófar agus athrófar an flít reatha ina flít saor ó aistaíochtaí faoi 2035 chun freastal ar éileamh méadaithe agus sábháil 85,000 dtonna CO2 in aghaidh na bliana de réir an ‘Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide’. Déanfar busanna agus scáthláin a nuachóiriú chun inrochtaineacht a feabhsú agus seirbhísí sabháilte agus taitneamhach a chur ar fáil do phaisnéirí.

Ligfidh cinneadh an Rialtais inniu an Údaráis tús a chur leis an bpróiseas tairisceana chun teicneolaíocht Ticéadaithe den Chéad Ghlúin Eile a sholáthar, rud a fhágfaidh go mbeifear in ann táillí a íoc go simplí le cártaí creidmheasa agus dochair, rud a ligfidh do níos mó saoránach taisteal níos éasca agus níos éifeachtúla trí iompar poiblí.

Dúirt an tAire Stáit Naughton: ‘Déanfaidh BusConnects taisteal i bhfad níos éasca do go leor daoine. Cuirfear córas éifeachtúil, sábháilte agus iontaofa in ionad líonraí agus táillí casta bus. Oibreoidh seirbhísí bus astaíochtaí nialasacha ardtoillte le minicíocht mhéadaithe, rud a feabhasóidh rochtain ar fhostaíocht, ar oideachas agus ar chúram sláinte do gach úsáideoir. Laghdóidh roghanna feabhsaithe acmhainne bus, minicíochta agus íocaíochta plódú agus feabhsóidh siad cáilíocht na seirbhíse do gach úsáideoir, go háirithe paisinéirí leochaileacha.

Cuirfidh an Údarás BusConnects Bhaile Átha Cliath ar fáil.

D’fháiltigh Anne Graham, Príomhfheidhmeannach an Údaráis roimh chinneadh an Rialtais ag rá ‘Fáiltíonn an tÚdarás cinneadh an comh-aireacht inniu a ligeann do Bus Connects dul ar aghaidh. Creidimid gur feabhas mór é BusConnects agus go spreagfaidh sé daoine chun taisteal le hiompar poiblí.

Is mian linn seirbhís iompair phoiblí a chur ar fáil le minicíocht agus iontaofacht feabhsaithe ionas go mbeidh sé níos úsáidí do níos mó daoine sna blianta amach romhainn, agus ag an am céanna, seirbhís inbhuanaithe a chur ar fáil mar chuid den iarracht dul i ngleic leis an athrú aeráide.

Is dea-scéal í an infheistíocht atá á moladh againn trí BusConnects, ach ní hamháin do phaisinéirí bus. Beimid ag tógáil 200km de lánaí rothar ar shé cinn déag de na conairí bus is gnóthaí isteach agus amach as lár na cathrach, faoinár bpleanna Croíchonair Bus, chun rothaíocht níos sábháilte agus níos tarraingtí ná riamh a chruthú.