Ráiteas Straitéise an ÚNI (2026-2030)

Foilsíonn an ÚNI Ráiteas Straitéise 2026-2030, ina leagtar amach uaillmhianta don chéad cúig bliana eile

D’fhoilsigh an tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) a Ráiteas Straitéise 2026–2030, ina leagtar amach a uaillmhianta don chéad cúig bliana eile agus ina n-athdhearbhaítear a thiomantas ar son iompar inbhuanaithe ardchaighdeáin a sholáthar do phobail ar fud na hÉireann.

Tá roinnt céimeanna d’Athdhearadh Líonra BusConnects Bhaile Átha Cliath tugtha isteach cheana féin, rud a thugann seirbhísí bus níos minice, níos iontaofa agus níos inrochtana do phaisinéirí. Tá dul chun cinn mór déanta freisin ar Chroíchonair Bhus BusConnects, a thacóidh le turais bus níos tapúla agus níos iontaofa ar phríomhbhealaí comaitéireachta.

Tá infheistíocht ar fud na tíre i dtaisteal gníomhach tar éis dul chun cinn iontach a dhéanamh ar scála mór, ag soláthar bealaí nua siúil agus rothaíochta, naisc fheabhsaithe le scoileanna, bealaí glasa feabhsaithe agus bonneagar níos sábháilte do dhaoine de gach aois agus cumas.

Tá céimeanna tábhachtacha bainte amach freisin ar Chlár DART Plus, atá ag ullmhú na mbunsraitheanna do sheirbhísí iarnróid leictrithe leathnaithe do phobail i gCill Dara, i gContae na Mí, i gContae Lú agus ar fud Thuaisceart Bhaile Átha Cliath.

Ag cur leis na héachtaí seo, leagann an straitéis nua amach misean an ÚNI chun muintir agus áiteanna na hÉireann a nascadh, trí bhonneagar agus seirbhísí iompair inbhuanaithe, ar ardchaighdeán agus atá inrochtana a sholáthar, ag cur le pobail spleodracha atá athléimneach ó thaobh na haeráide de, timpeallacht shláintiúil, forbairt réigiúnach chothrom agus geilleagar láidir. Léiríonn an straitéis tiomantas na heagraíochta bonneagar agus seirbhísí iompair éifeachtacha agus cuimsitheacha a sholáthar, cur leis an mBeartas Náisiúnta maidir le Soghluaisteacht Inbhuanaithe, agus ionad oibre a chothú inar féidir le baill foirne fás, forbairt agus brath go bhfuil cion orthu.

Leagan roimhe: