Straitéis um Chomhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsiú (CÉI) 2025-2027

Beidh tabhairt isteach ár Straitéise CÉI 2025-2027 mar bhonn agus mar thaca ag ár ngníomhartha i réimse CÉI

Straitéis CÉI 2025-2027

Réamhrá

Is comhlacht reachtúil neamhthráchtála é an tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) a fheidhmíonn faoi choimirce na Roinne Iompair. Is í an phríomhfhreagracht atá orainn straitéisí a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm a sholáthraíonn iompar ardchaighdeáin, inrochtana, inbhuanaithe ar fud na hÉireann. Is é ÚNI an t-údarás ceadaithe freisin do na trí mhórthionscadal iompair phoiblí, arna thacú ag an bPlean Forbartha Náisiúnta 2021-2030 reatha, Bus Connects Baile Átha Cliath, MetroLink agus Clár DART+.

Tá lúcháir orainn ár gcéad Straitéis um Chomhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsiú (CÉI) a fhoilsiú don tréimhse 2025-2027.

Agus a fhreagrachtaí á gcomhlíonadh aige faoi dhualgas comhionannais agus cearta daonna na hearnála poiblí atá leagtha amach in alt 42 den tAcht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014, oibríonn an tÚdarás go réamhghníomhach chun comhionannas a chur chun cinn, cosc a chur ar idirdhealú agus cearta daonna a chuid fostaithe, custaiméirí, úsáideoirí seirbhíse agus gach duine a ndéanann beartais agus pleananna an Údaráis difear dóibh a chosaint.

Beidh tabhairt isteach ár Straitéise CÉI 2025-2027 mar bhonn agus mar thaca ag ár ngníomhartha i réimse CÉI agus cuirfidh sé ar ár gcumas ár gcur chuige CÉI a leabú níos mó ar fud gach réimse eagraíochtúil agus cinntí thar an dá bhliain atá romhainn. Cé gurb í seo ár gcéad Straitéis CÉI, táimid ag díriú ar CÉI agus ag déanamh dul chun cinn sa réimse seo le roinnt blianta anuas. Tá na gníomhartha atá leagtha amach sa straitéis seo ag tógáil ar iompar agus ar ghníomhaíochtaí reatha. Bhíomar uaillmhianach inár bpleananna agus beidh cur i bhfeidhm agus oiriúnú ríthábhachtach do rath na Straitéise seo.

Comhthéacs: Misean, Fís agus Luachanna ÚNI

Creidimid go gcuirfidh fórsa saothair éagsúil feabhas ar an Údarás agus go dtacóidh sé leis chun a mhisean agus a fhís a bhaint amach. Is é misean ÚNI muintir agus áiteanna na hÉireann a nascadh trí bhonneagar agus seirbhísí iompair inbhuanaithe a sholáthar, chomh maith le hobair a dhéanamh chun éileamh ar iompar príobháideach a laghdú, rudaí a chuideoidh le chéile le hastuithe carbóin a laghdú.

Chun an misean a bhaint amach, is gné amháin d’fhís ÚNI go mbeidh aithne air mar eagraíocht a thugann deis dár ndaoine a n-acmhainneacht a bhaint amach agus gairmeacha sásúla a thógáil, agus iad ag mothú go bhfuil meas orthu i dtimpeallacht a thacaíonn le héagsúlacht agus ionchuimsiú.
Is iad seo a leanas ár gcroíluachanna:

Ár gcroíluachanna

Is iad seo a leanas ár gcroíluachanna:

  • Inbhuanaitheacht:
    Tuigimid an aeráid agus cinnteoimid go mbeidh ár ngníomhaíochtaí chomh hinbhuanaithe agus is féidir.
  • Díriú ar chustaiméirí:
    Díreoimid go leanúnach ar ár gcustaiméirí, ag freastal orthu trí ardchaighdeáin a choinneáil agus úsáid á baint againn as teicneolaíocht agus nuálaíocht chun réitigh iompair chomhtháite inrochtana a sheachadadh.
  • Ceannaireacht trí chomhoibriú:
    Leanfaimid le bheith inár gceannairí san earnáil iompair phoiblí, dírithe ar na torthaí is fearr a bhaint amach don phobal trí obair foirne agus trí chomhoibriú lenár bpáirtithe leasmhara.
  • Muinín:
    Tógfaimid muinín agus cuirfimid luach ar airgead ar fáil trí ionracas, trédhearcacht, dea-rialachas agus freagracht.

Dualgas um Chomhionannas agus Cearta Daonna na hEarnála Poiblí

Mar chomhlacht poiblí, tá freagracht ar ÚNI as comhionannas a chur chun cinn, idirdhealú a chosc agus cearta daonna ár bhfostaithe, ár gcustaiméirí, ár n-úsáideoirí seirbhíse agus gach duine a ndéanann ár mbeartais agus ár bpleananna difear dóibh a chosaint. Is oibleagáid dhlíthiúil é seo dúinne, ar a dtugtar Dualgas um Chomhionannas agus Cearta Daonna na hEarnála Poiblí, a thagann faoi Alt 42 den Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014.
Le hAcht 2014, ceanglaítear ar chomhlacht poiblí, ag féachaint dá fheidhmeanna, dá chuspóir, dá mhéid agus dá acmhainní atá ar fáil dó:

  • Measúnú a dhéanamh – a leagan amach ina phlean straitéiseach measúnú ar na saincheisteanna cearta daonna agus comhionannais a chreideann sé a bheith ábhartha d’fheidhmeanna agus d’aidhm an chomhlachta;
  • Aghaidh a thabhairt – a leagan amach ina phlean straitéiseach na beartais, na pleananna agus na gníomhartha atá i bhfeidhm nó atá beartaithe a chur i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin;
  • Tuairisciú – tuairisc a thabhairt ar fhorbairtí agus ar a bhfuil bainte amach ina thuarascáil bhliantúil.

Is sainordú leathan é an Dualgas um Chomhionannas agus Cearta Daonna na hEarnála Poiblí agus tabharfar aghaidh ar roinnt de na saincheisteanna a chlúdaítear faoi tríd an Straitéis CÉI seo.

Forais Chomhionannais

Tugadh isteach na hAchtanna um Stádas Comhionann 2000 – 2018 chun comhionannas a chur chun cinn agus chun cosc a chur ar idirdhealú i gcoinne naoi bhforas sainithe. Is iad na naoi bhforas ná:

  • Inscne – cuimsítear leis fireannach, baineannach, trasinscneach agus neamh-dhénártha
  • Stádas sibhialta – cuimsítear leis singil, pósta, idirscartha, colscartha, baintreach, páirtnéir sibhialta nó páirtnéir sibhialta roimhe seo
  • Stádas teaghlaigh – a bheith i do thuismitheoir de dhuine faoi 18 mbliana d’aois nó i do phríomhchúramóir cónaitheach nó i do thuismitheoir duine faoi mhíchumas
  • Aois– aois duine atá os cionn 16 bliana d’aois (de réir na reachtaíochta)
  • Míchumas – cuimsítear leis daoine faoi mhíchumas fisiciúil, intleachtúil, foghlama, cognaíoch nó mothúchánach
  • Claonadh gnéis – cuimsítear leis aerach, leispiach, déghnéasach agus heitrighnéasach
  • Cine – cuimsítear leis cine, dath craicinn, náisiúntacht nó bunús eitneach
  • Creideamh – creideamh reiligiúnach, cúlra, dearcadh, nó gan aon cheann
  • Ballraíocht den Lucht Siúil

Cuireann an reachtaíocht cosc ar idirdhealú, gnéaschiapadh, ciapadh agus íospairt, agus cuireann sí gníomhartha dearfacha chun cinn lena n-áirítear socruithe réasúnta a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas. Cuireann an reachtaíocht sin bonn eolais faoin Straitéis CÉI  (Chomhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsiú).

Sonraí Eagrúcháin Reatha

Bailítear sonraí CÉI ar bhealaí éagsúla chun tuiscint níos fearr dár bhfostaithe a sholáthar. I measc na modhanna sin tá:

  • Bailiú Acmhainní Daonna de shonraí inscne
  • Suirbhé bliantúil foirne ón Údarás Náisiúnta Míchumais
  • Suirbhéanna foirne rialta, suirbhéanna ar aigne na foirne, iniúchtaí cultúir tréimhsiúla

Mar is léir ó shonraí fostaithe féintuairiscithe trí shuirbhé i R4 2023, aithníonn 9.6% díobh siúd a d’fhreagair mar chuid den phobal LADTIA+, tá 12% neamhgheal, agus dúirt 15.6% a ndearnadh suirbhé orthu go bhfuil siad néara-éagsúil. Tá miondealú aoise éagsúil againn freisin le hionadaíocht ó ghlúin an bhabaíbhorrtha go Glúin Z, cé gur Glúin X agus mílaoisigh formhór ár bhfostaithe.

Ina theannta sin, is é miondealú inscne ár bhfostaithe ná 38% baineann agus 62% fireann, agus féintuairiscíonn 8% dár bhfostaithe go bhfuil siad faoi mhíchumas mar chuid dár ndaonáireamh bliantúil is déanaí ón Údarás Náisiúnta Mhíchumais. Tá méadú tagtha ar líon na bhfostaithe a nocht míchumas le blianta beaga anuas, agus tá roinnt gníomhartha tugtha isteach ag an Údarás chun cabhrú lenár meánbhearna pá idir na hinscní a dhúnadh, bearna atá ag 8.69% faoi láthair.

Tá ár bhfórsa saothair éagsúil ar go leor bealaí, agus tuigimid go gcaithfimid iarracht a dhéanamh freastal ar riachtanais na bhfostaithe go léir ionas go n-éireoidh linn mar eagraíocht. Cé go bhfuil na sonraí atá ann faoi láthair faisnéiseach, beidh sé tábhachtach leanúint de mhonatóireacht a dhéanamh ar dhéimeagrafaic ár bhfostaithe ar bhonn leanúnach féachaint an bhfuil athruithe leanúnacha bríocha ar an ionadaíocht ar fud na heagraíochta mar thoradh ar ár dtionscnaimh CÉI.

Comhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsiú inár gcuid oibre

  • Clár Inrochtaineachta Iompair Phoiblí

Tugtar aird ar leith ar CÉI cheana féin sa chaoi a n-oibríonn ÚNI. Tá soláthar iompair phoiblí inrochtana do chách leabaithe i straitéisí iompair uile an Údaráis go háitiúil agus go náisiúnta. Tá riachtanais inrochtaineachta na ndaoine ina bpríomhchomaoin ag an gcéim deartha do gach tionscadal bonneagair agus dearadh feithicle nua iompair phoiblí. Soláthraíonn an Clár Inrochtaineachta Iompair Phoiblí cistiú chun aghaidh a thabhairt ar inrochtaineacht an bhonneagair agus an fhlít atá ann cheana féin. Faoin gclár sin, déanann ÚNI maoirseacht ar thionscadail inrochtaineachta le haghaidh gach modh iompair phoiblí chun rochtain a chinntiú do chách. Rinneadh cistiú bliantúil na Scéime um Chúnamh Taistil, a sholáthraíonn cúnamh duine le duine do dhaoine aonair atá ag pleanáil turas inrochtana ar iompar poiblí, a leathadh amach go náisiúnta.

Is ionad nuálach ilfheidhmeach é an tIonad WayFinding a osclaíodh i mí Eanáir 2024 a spreagtar leis an ngá atá le hiompar poiblí a dhéanamh inrochtana do gach earnáil den tsochaí. Soláthraíonn an t-ionad deiseanna do dhaoine a bhfuil riachtanais rochtana ar leith acu leas a bhaint as oiliúint phraiticiúil agus taithí láimhe agus chun gach gné den iompar a fhiosrú i dtimpeallacht shábháilte rialaithe. Ina theannta sin, cuireann sé spás uathúil ar fáil inar féidir le gach páirtí leasmhar iompair comhoibriú chun dearcthaí uathúla a thabhairt, réitigh a chomhchruthú agus dearadh a nuáil lena chinntiú go bhfuil cothromas agus ionchuimsiú chun tosaigh sa chlár oibre forbartha iompair.

  • lTaisteal Gníomhach

I mí na Bealtaine 2024 d’fhoilsigh an tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) doiciméad Treorach um Chomhionannas Bonneagair nua a bhfuil sé mar aidhm aige bonneagar inrochtana cothrom a chur chun cinn laistigh de scéimeanna taistil ghníomhaigh ar fud na hÉireann.
Aithníonn ÚNI an tábhacht a bhaineann le bonneagar a chistiú lena bhfreastalaítear ar riachtanais gach duine den tsochaí agus tá sé tiomanta do chomhionannas a chinntiú laistigh den iompar trí dheireadh a chur le gach cineál idirdhealaithe mar a shainítear faoi na hAchtanna um Stádas Comhionann (2000-2018).
Is é cuspóir ÚNI a chinntiú go ndeartar tionscadail bhonneagair ar bhealach a chomhlíonann na hAchtanna sin agus a thugann aghaidh ar riachtanais gach duine.
Tá sé mar aidhm ag an Treoir um Chomhionannas Bonneagair treoirlínte soiléire a sholáthar do pháirtithe leasmhara a bhfuil baint acu le tionscadail bhonneagair taistil ghníomhaigh arna gcistiú ag ÚNI. Leis an doiciméad, leagtar amach moltaí chun a chinntiú nach mbíonn drochthionchar ag forbairt bonneagair ar aon cheann de na tréithe cosanta agus cuirtear forbairt chothrom bonneagair chun cinn agus, ar an gcaoi sin, cinntítear gur féidir le gach duine rochtain a fháil ar scéimeanna taistil ghníomhaigh agus leas a bhaint astu ar bhealach cothrom ionchuimsitheach.

  • Ag Tacú le hIonchuimsitheacht ar Iompar Poiblí

Tá ÚNI i gcomhpháirtíocht le Bród Átha Cliath le roinnt blianta anuas agus reáchtálann sé feachtais frithchiníochais ar iompar poiblí freisin i gcomhpháirtíocht leis an gComhairle um Inimircigh in Éirinn. Déanann an tÚdarás Measúnuithe Tionchair Comhionannais mar chuid de Phlean Iompair Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath, agus cinntíonn sé go bhfuil oiliúint maidir le Feasacht ar Mhíchumas leabaithe ar fud na n-oibreoirí iompair phoiblí go léir.

  • Comhairliúchán agus Pleanáil do Riachtanais Amach Anseo

Bhunaigh ÚNI an Grúpa Comhairleach Úsáideoirí Iompair in 2022. Tugann sé le chéile raon leathan d’úsáideoirí iompair phoiblí chomh maith leo siúd atá ag gabháil do thaisteal gníomhach ar nós rothaíochta agus siúil chun comhairle agus treoir a sholáthar don Údarás maidir le riachtanais gach úsáideora iompair atá ann anois agus a bheidh ann sa todhchaí. Cabhróidh sé sin leis an Údarás a sprioc a chur chun cinn maidir le hiompar inrochtana inbhuanaithe den scoth a sholáthar ar fud na hÉireann.

Cuspóirí CÉI

Tá ÚNI tiomanta d’oibriú i dtreo na gcuspóirí atá leagtha amach thíos. Tá cúig chuspóir ar leith ann agus tá na gníomhartha atá á ndéanamh againn faoi láthair chun na cuspóirí seo a bhaint amach sonraithe sa chéad chuid eile.

  • Cuspóir 1: Ceannaireacht Ionchuimsitheach
    Cultúr a leabú ina ndéanann ceannairí CÉI a chosaint, a eiseamláiriú agus a leabú san eagraíocht.
  • Cuspóir 2: Sonraí Éagsúlachta
    Feabhas a chur ar eolas agus ar thuiscint an Údaráis ar éagsúlacht a fhórsa saothair trí phróifíl éagsúlachta bunaithe ar fhianaise a fhorbairt d’fhostaithe reatha.
  • Cuspóir 3: Earcaíocht agus Roghnú
    Ár gcleachtais CÉI inár bpróisis earcaíochta a fheabhsú agus iarratasóirí a mhealladh ó raon leathan cúlraí agus taithí..
  • Cuspóir 4: Oiliúint agus Forbairt Ghairmiúil
    Oiliúint a sholáthar ar phríomhábhair do bhainisteoirí agus d’fhostaithe chun feasacht a mhúscailt, comhroinnt eolais a spreagadh, agus cultúr a chur chun cinn ina ndéantar CÉI a phlé agus a thuiscint go forleathan.
  • Cuspóir 5: Struchtúir agus Cultúr
    Feasacht ar CÉI a mhúscailt trí ghníomhartha agus tionscnaimh, lena n-áirítear beartais, oiliúint, grúpa acmhainní fostaithe CÉI agus cumarsáid. Acmhainní Daonna. Leanúint de bheartais a thabhairt isteach agus a chur i bhfeidhm chun tacú le fostaithe ag gach céim dá saol, chun timpeallacht oibre ionchuimsitheach dhearfach a chruthú.

Gníomhartha CÉI

Tá na gníomhartha atá liostaithe thíos aitheanta mar ghníomhartha lárnacha chun na cuspóirí thuasluaite a bhaint amach. Tá roinnt díobh seo críochnaithe nó á bpróiseáil cheana féin, ach táimid tiomanta do leanúint ar aghaidh ag cur lenár ngníomhartha agus iad a fheabhsú chun ár gcuspóirí CÉI a bhaint amach.

Féach Scarbhileog Excel don Phlean Gníomhaíochta (below)

Conclúidí

Táimid bródúil mar eagraíocht, go hinmheánach agus go seachtrach, go bhfuilimid ag tabhairt aghaidh ar ár ndúshláin CÉI, ag lorg deiseanna le foghlaim agus ag cur cultúr tacúil chun cinn. Admhaímid nach bhfuil aon chríochphointe ann, agus nach bhfuil dul chun cinn líneach. Leanfaimid leis an straitéis seo a athbhreithniú agus a fhorbairt de réir mar a fhásann an tÚdarás, agus cinnteoimid go mbeidh comhionannas, éagsúlacht agus ionchuimsiú dár bhfoireann agus dár gcustaiméirí ar fad mar bhunús lenár n-iompraíochtaí agus ár ngníomhartha agus muid ag dul ar aghaidh.

 

Straitéis CÉI 2025-2027-Bealtaine25 - GA

File type
PDF
File size
- 345 KB

NTA EDI Action Plan April 2025 Final_GAE

File type
XLSX
File size
- 13 KB

EDI Strategy & Action Plan-May25 - ENG

File type
PDF
File size
- 304 KB

NTA EDI Action Plan April 2025 (Excel) - ENG

File type
XLSX
File size
- 13 KB