Treoir maidir le Sráideanna Scoile

Slite Sábháilte chun na Scoile

Lucht Spéise don Treoir seo

Tá an Doiciméad Smaointe maidir le Sráideanna Scoile deartha chun tacú le húdaráis áitiúla maidir le Sráideanna Scoile a sholáthar ar fud na hÉireann agus chun pobail scoile agus baill tofa a chur ar an eolas. Féadfaidh an treoir seo a bheith i bhfeidhm maidir le scoileanna lasmuigh den chlár Slite Sábháilte chun na Scoile freisin, ach níl oifigigh bhonneagair SSCS ar fáil ach le bheith ag obair le scoileanna laistigh den chlár SSCS.

Ní chlúdaíonn an treoir seo gach cás, agus beidh ar údaráis áitiúla moltaí maidir le Sráideanna Scoile a oiriúnú do gach comhthéacs.

Cad atá i gceist le Sráideanna Scoile?

Is bóthar lasmuigh de scoil í sráid scoile ina bhfuil srian sealadach ar thrácht feithiclí ginearálta le linn amanna áirithe den lá (de ghnáth le linn amanna fágála agus bailithe scoile) chun timpeallacht níos sábháilte agus níos sláintiúla a chruthú do leanaí. Mar shampla, i gcás bunscoile a bhfuil tús á chur léi ag 09:00 agus críoch á cur léi ag 13:30 do na ranganna sóisearacha agus críoch á cur léi ag 14:30 do na ranganna sinsearacha, d’fhéadfaí rochtain ar an tsráid a shrianadh idir 08:30 – 09:15 agus 13:00 – 14:45. Cinnfidh an t-údarás áitiúil na hamanna cruinne i gcomhairle leis an scoil bunaithe ar an gcomhthéacs áitiúil.

Cé nach mbíonn mórán tráchta feithiclí ar fhormhór Shráideanna Scoile, is gnách go gceadaítear díolúintí ar Shráideanna Scoile maidir le rochtain feithiclí i gcás:

  • Rochtain chónaithe agus rochtain ghnó, agus oibrithe cúram sláinte a fhreastalaíonn ar mhaoin laistigh de cheantar na Sráide Scoile
  • Páirceáil do dhaoine faoi mhíchumas
  • Feithiclí éigeandála, trucailí dramhaíola, feithiclí seirbhíse poist, cuideachtaí fóntais a fhreastalaíonn ar obair éigeandála
  • Busanna Scoile
  • Díolúintí eile atá sonrach do shuíomhanna sonracha

Tá sráideanna scoile difriúil ó Chriosanna Scoile nach gcuireann srian ar fheithiclí. Faigh tuilleadh eolais faoin difríocht idir Sráideanna Scoile agus Criosanna Scoile inár Sraith Straitéisí.

Tráth na foilsitheoireachta seo, tá seacht sampla in Éirinn de Shráideanna Scoile buana oibríochtúla i gCathair Luimnigh, Cathair na Gaillimhe, Fine Gall, Baile Átha Cliath Theas agus Cathair Bhaile Átha Cliath, agus trí Shráid Scoile trialach – ceann amháin in Inis, Contae an Chláir, agus dhá cheann i gCathair na Gaillimhe. Tá cás-staidéir mhionsonraithe ar fáil sa chuid Cás-Staidéir ag
deireadh an doiciméid seo.
Cé nach bhfuil ach cúpla Sráid Scoile in Éirinn faoi láthair, táthar ag súil go méadóidh a líon – moladh 19 mar chuid den chlár Slite Sábháilte chun na Scoile in 2024 amháin. Tá tóir ag méadú ar Shráideanna Scoile sa Ríocht Aontaithe. Ó mhí Iúil 2024, bhí beagnach 700 Sráid Scoile bunaithe i Londain, ó 80 in 2019, agus thart ar 200 eile ar fud an chuid eile de Shasana.

 

Na Buntáistí le Sráideanna Scoile

  1. Tosaíocht a dhéanamh de Shábháilteacht Leanaí:
    Cruthaíonn sráideanna scoile spás saor ó fheithiclí ag tosach scoileanna rud a laghdaíonn torann, strus, truailliú agus an baol díobhála.
  2. Taisteal Gníomhach a chur chun cinn:
    Spreagann sráideanna scoile leanaí agus tuismitheoirí/caomhnóirí chun siúl, dul ar rothar nó rothaíocht (le húsáid scútair láimhe nó áiseanna soghluaisteachta) a dhéanamh ar scoil rud a fhágann go bhfuil buntáistí sláinte mar thoradh air.
  3. Timpeallacht Feabhsaithe don Phobal:
    Téann Sráideanna Scoile chun tairbhe don phobal áitiúil trí fheabhas a chur ar cháilíocht an aeir agus níos mó spáis le stopadh agus comhrá a dhéanamh.
  4. Brú níos lú ar Fhoireann na Scoile:
    Cuidíonn Sráideanna Scoile freisin le foireann na scoile díriú ar a róil, rud a laghdaíonn an rannpháirtíocht i mbainistíocht tráchta lasmuigh den scoil.

School Streets Guidance Final Sept 2025

File type
PDF
File size
- 10 MB