Comhpháirtíocht nua idir IMMA agus Líonra Transport for Ireland (TFI) ina dtugtar Ealaín chuig sráideanna Bhaile Átha Cliath

 Ealaín ar a Gluaiseacht - Art in Motion: Roots and Routes

28 April 2026

Áras Nua-Ealaíne na hÉireann (IMMA) agus an tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI), faoina bhranda Transport for Ireland (TFI), ag súil go mór le comhpháirtíocht nua a fhógairt ina dtabharfar ealaín shoghluaiste inspioráideach go díreach isteach i dturais laethúla mhuintir Bhaile Átha Cliath..

Art in Motion group 900x620

Ealaín ar a Gluaiseacht

Is saothar leis an ealaíontóir Alberta Whittle é Art in Motion: Roots and Routes a forbraíodh i gcomhoibriú leis an bhfile Dagogo Hart agus leis an ngrúpa scríbhneoireachta phobail, The Poetry Vigilantes le Grúpaí Aontaithe Fatima.

Is le chéile atá siad tar éis saothar bríomhar ealaíne a dhéanamh a chlúdóidh bus de chuid TFI, rud a dhéanfaidh canbhás gluaisteach den ghnáthfheithicil iompar poiblí.

collaboration Art in Motion 1

Rud a thabharfaidh splanc cruthaitheachta chuig an bpríomhchathair

Seolfar an bus Art in Motion: Roots and Routes an samhradh seo agus oibreoidh sé mórthimpeall líonra TFI i mBaile Átha Cliath, rud a thabharfaidh splanc cruthaitheachta chuig an bpríomhchathair. Gach lá, tiocfaidh na mílte paisinéir agus go leor eile, a fheicfidh an bus feadh an líonra, ar ealaín i mbealach nua nach mbeifí ag súil leis. Is mar gheall ar an gcomhoibriú sin a bheidh an ealaín chomhaimseartha ina cuid fheiceálach sho-aimsithe de ghluaiseacht laethúil na cathrach agus sroichfidh sí pobail ar fud Bhaile Átha Cliath.

Dagogo Hart Alberta Whittle and Richie Keane 900x600

Ceiliúradh ar ghuthanna an phobail agus ar an gcumhacht

Forbraíodh an saothar ealaíne le haghaidh an bhus i sraith ceardlanna filíochta agus is iad na téamaí a pléadh in Fisherwoman, Fisherwoman, taispeántas atá ar siúl faoi láthair ag IMMA, a spreag í. Sa taispeántas, tugtar le chéile obair an ealaíontóra chomhaimseartha Alberta Whittle (a rugadh in 1980) agus obair an phéintéara cháiliúil Camille Souter (1929-2023). Le linn na gceardlann a threoir Whittle agus Hart, chum rannpháirtithe ó The Poetry Vigilantes filíocht nua a bhain leis an taispeántas agus lena dtaithí saoil féin. Beidh na píosaí filíochta sin le feiceáil ar fud an tsaothair ealaíne clúdaigh ar an bhus, rud a dhéanann ceiliúradh ar ghuthanna an phobail agus ar an gcumhacht atá ag an bhfilíocht agus ag an ealaín chun nascadh agus chun spreagadh.

collaboration Art in Motion 2

 

NTA agus IMMA

Ag labhairt di maidir le fógra na comhpháirtíochta, bhí le rá ag Anne Shaw, POF ÚNI: “Tá lúcháir ar Transport for Ireland oibriú le IMMA chun an tionscadal inspioráideach seo a thabhairt isteach inár líonra, áit ar féidir le daoine teacht ar an ealaín mar chuid dá dturais laethúla. Ceanglaíonn líonra TFI pobail ar fud Bhaile Átha Cliath agus taispeántar sa tionscadal seo an chaoi ar féidir le hiompar poiblí muid a nascadh lena chéile trí chruthaitheacht, trí chultúr agus tríd an eispéireas coiteann.”

Bhí le rá ag Annie Fletcher, Stiúrthóir IMMA: “Tá lúcháir ar IMMA a bheith i gcomhpháirtíocht le branda Transport for Ireland ÚNI. Is beart atá Poiblí ó Bhonn í an chomhpháirtíocht iontach seo a chuireann fáilte roimh chách, cibé áit ina bhfuil siad,caidreamh a bhunú leis an gcruthaitheacht ina saol laethúil. Is pointe cumhachtach teagmhála í idir bonneagar poiblí, an fhís ealaíne agus spiorad an phobail.”

Don rochtain ar an ealaín a fhorbairt

Leagtar béim le Art in Motion: Roots and Routes ( Ealaín ar a Gluaiseacht ) ar thiomantas IMMA don rochtain ar an ealaín a fhorbairt agus do cheangal le pobail thar bhallaí an Mhúsaeim. Mar gheall ar an gcomhoibriú seo le Transport for Ireland, éiríonn an ealaín chomhaimseartha fite fuaite le rithim laethúil na cathrach, rud a chuireann brí, teanga, agus samhlaíocht i sráideanna Bhaile Átha Cliath.

Art in Motion Dagogo Hart - Poet, Daryl Daniels - NTA, Rachael Gilbourne - IMMA, Richie Keane - Fatima Groups - Alberta Whittle - Artist

 

Nótaí Breise d’Eagarthóirí

Maidir le Alberta Whittle

Rugadh 1980; Bridgetown, Barbadós; ina cónaí agus ag obair i nGlaschú, Albain. Barbadach-Albannach. Baineann cleachtadh ilghnéitheach Whittle le freagra pearsanta a thabhairt ar oidhreachtaí trádála sclábhaithe an Atlantaigh, agus í ag cíoradh a ceangal leis an gciníochas institiúideach, le forlámhas na ndaoine geala agus leis an éigeandáil aeráide san am faoi láthair. I bhfianaise cúlra leatromaigh polaitíochta, tá sé mar aidhm ag Whittle an dóchas a chur chun cinn agus dul i dtaithí ar chineálacha éagsúla frithbheartaíochta. Fuair Whittle a Máistreacht sna Mínealaíona ó Scoil na hEalaíne, Glaschú (2011); PhD ó Ollscoil Dhún Éideann (2024); agus is Comhlach Taighde í faoi láthair ag Ollscoil Johannesburg. Ghlac sí páirt i dtaispeántais éagsúla aonair agus grúpa ar bhonn idirnáisiúnta agus bhí a saothar ar taispeáint iontu chomh maith. Ghlac sí páirt sa 59ú Biennale sa Veinéis ar son na hAlban (2022). Tá a lán duaiseanna faighte aici lena n-áirítear Duais Margaret Tait (2018/19); Sparánacht Turner, Duais Ealaíne Frieze agus Duais Ealaíne na Fondúireachta Henry Moore (2020); agus Duais Paul Hamlyn d’Ealaíontóirí (2022).

Maidir le Dagogo Hart

Scríbhneoir, file, agus amharclannóir Nigéarach-Éireannach atá bunaithe in Éirinn is ea Dagogo Hart. Cuimsítear filíocht, amharclannaíocht, scannánaíocht agus oideachas ina shaothar – tá sé fréamhaithe i léiriú ach deartha chun tionchar a bheith aige thar an ardán. Bhí páirt aige i ngach rud idir an teilifís agus an scannánaíocht agus íoslaigh bheáir, threoir sé ceardlanna filíochta agus bíonn a shaothar ar taispeáint ar fud na hÉireann agus na hAfraice Thiar, agus is eisean údar Lantern Smoke, 2025, leabhar do pháistí le Gill Books. Pléitear an brón agus an fhéiniúlacht chultúrtha ina dhráma mór le rá MMANWU, agus ina dhráma nua PALMFIST, leantar ar a cheistiú cumhachtach den fhearúlacht, den fhoréigean, agus den leochaileacht. Is comhbhunaitheoir é Hart freisin de WeAreGriot, comharghrúpa atá tiomanta do ghuthanna Dubha Éireannacha a chur chun cinn trí thaibhfhilíocht, trí sheanchas agus trí chomhoibriú.

Maidir le Grúpaí Aontaithe Fatima

Is é Ionad Acmhainní Teaghlaigh Ghrúpaí Aontaithe Fatima a dhéanann ionadaíocht thar ceann cónaitheoirí agus tionscadail phobail in Fatima agus in Herberton, Baile Átha Cliath 8. Tugann Grúpaí Aontaithe Fatima tacaíocht d’athnuachan fhisiciúil agus shóisialta na háite ó bhí 1995 ann. Cuireann Grúpaí Aontaithe Fatima seirbhísí sláinte, folláine, oideachais, fostaíochta, ealaíon, cúraim leanaí, comhairleoireachta, tacaíochta teaghlaigh, eolais, comhairle, agus abhcóideachta ar fáil. Is grúpa filíochta é Fatima Poetry Vigilantes a n-eagraíonn Grúpaí Aontaithe Fatima é. Bhuaigh siad Duais Creative Lives na hÉireann in 2022 dá scannán Dance Til Dán – scannán ina ndéantar ceiliúradh ar mhuintearas trí fhilíocht agus trí dhamhsa. Is minic a eagraíonn siad Caiféanna Filíochta agus Traenacha Filíochta.

Maidir le ÚNI/TFI

Is comhlacht reachtúil neamhthráchtála é an tÚdarás Náisiúnta Iompair a oibríonn faoi choimirce na Roinne Iompair. Bunaíodh ÚNI in 2009, agus is é a phríomhfheidhm ná forbairt, pleanáil agus maoiniú modhanna inbhuanaithe iompair – iompar poiblí agus taisteal gníomhach – ar bhonn náisiúnta. Cuimsíonn sainchúram ÚNI freisin rialáil seirbhísí bus tráchtála chomh maith le hearnáil na bhfeithiclí beaga seirbhíse poiblí agus clampáil feithiclí.

Is é Transport for Ireland (TFI) branda poiblí ÚNI, a úsáidtear chun líonra comhtháite iompair phoiblí na hÉireann a sholáthar agus a chur chun cinn thar sheirbhísí bus, iarnróid, Luas agus taistil ghníomhaigh.

Maidir le IMMA

Is é IMMA Institiúid Náisiúnta Chultúrtha na hÉireann le haghaidh na hEalaíne Comhaimseartha agus na Nua-Ealaíne a bunaíodh in 1991 agus atá bunaithe in Ospidéal Ríoga Chill Mhaighneann. Mar chuid dá chlár bríomhar, uaillmhianach agus éagsúil tá taispeántais, coimisiúin, agus tionscadail atá bunaithe ar imeachtaí le mórealaíontóirí Éireannacha agus idirnáisiúnta, chomh maith le clár saibhir rannpháirtíochta agus foghlama a chuireann an deis ar fáil do dhaoine de gach aois nascadh leis an ealaíon chomhaimseartha agus a gcruthaitheacht a nochtadh. Is é IMMA an áit ina bhfuil an Bailiúchán Náisiúnta Nua-Ealaíne agus Ealaíne Comhaimseartha, bailiúchán ina bhfuil de bhreis is 4,700 saothar ealaíne le healaíontóirí Éireannacha agus idirnáisiúnta. Cuireann IMMA an acmhainn náisiúnta sin ar fáil trí thaispeántais ag IMMA agus ag ionaid eile ar bhonn náisiúnta agus idirnáisiúnta, trí rannpháirtíocht agus trí chláir foghlama agus acmhainní digiteacha.  imma.ie