Foilsíonn an tÚdarás Náisiúnta Iompair Ráiteas Straitéise 2023 – 2025

Tá sé sin ar an gcúigiú ráiteas den sórt sin ón Údarás, agus leagtar amach ann ár misean, ár bhfís agus ár bpríomhchuspóirí don chéad trí bliana eile.

22 February 2023

D’fhoilsigh an tÚdarás Náisiúnta Iompair an Ráiteas Straitéise is déanaí uaidh inniu, ina leagtar amach cuspóirí na heagraíochta don tréimhse 2023 go 2025.  Tá sé sin ar an gcúigiú ráiteas den sórt sin ón Údarás, agus leagtar amach ann ár misean, ár bhfís agus ár bpríomhchuspóirí don chéad trí bliana eile.

Beartaítear leanúint ar aghaidh le príomhthionscadail bhonneagair iompair, amhail BusConnects, Éire a Nascadh agus Taisteal Gníomhach, agus teicneolaíochtaí tacaíochta, amhail Ticéadú na Chéad Ghlúine Eile, a sholáthar le linn thréimhse na straitéise, agus é mar mhisean ag an Údarás:

“muintir agus áiteanna na hÉireann a nascadh lena chéile trí bhonneagar agus seirbhísí iompair inbhuanaithe a sholáthar agus trí fhéachaint leis an éileamh iompair a laghdú, agus an obair sin ar fad ag cabhrú le hastaíochtaí carbóin a laghdú”

Leagtar amach sa straitéis na príomhchuspóirí atá againn don chéad trí bliana eile, lena n-áirítear:

  • Tacú le tionscnaimh i réimse an ghníomhaithe ar son na haeráide, lena n-áirítear an flít iompair phoiblí a aistriú ina fhlít astaíochtaí nialasacha
  • Leanúint le comhionannas a chur chun cinn, le hidirdhealú a chosc agus le cearta an duine a chosaint dár gcuid fostaithe, custaiméirí agus úsáideoirí seirbhíse
  • Pleanáil iompair a stiúradh inár gcathracha agus gréasáin seirbhísí BusConnects a sholáthar
  • Tacú le comhpháirtithe MetroLink, DART+ agus taisteal gníomhach a sholáthar ar fud na tíre

Dúirt Anne Graham, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin an Údaráis Náisiúnta Iompair: “Ag teacht sna sála ar thréimhse a bhí dúshlánach don iompar poiblí mar thoradh ar phaindéim Covid-19, chonaiceamar go díreach cé chomh ríthábhachtach atá córas feidhmiúil iompair phoiblí maidir le sinn a chumasú ár ngnáthshaol laethúil a chaitheamh agus maidir lenár n-astaíochtaí carbóin a laghdú.

“Imreoidh an earnáil iompair phoiblí ról lárnach maidir leis an bPlean Gnímh don Aeráid ón Rialtas a chomhlíonadh, rud a bhfuil mar aidhm leis astaíochtaí carbóin ón earnáil iompair a laghdú faoi 50% faoin mbliain 2030.  Bainfear é sin amach trí úsáid an taistil ghníomhaigh agus an iompair phoiblí a mhéadú, tríd an éileamh iompair a laghdú, trí charranna leictreacha a ghlacadh agus tríd an bhflít iompair phoiblí a aistriú ina fhlít astaíochtaí nialasacha.

“Imreoidh an tÚdarás ról lárnach maidir leis an bPlean Náisiúnta maidir le Soghluaisteacht Inbhuanaithe ón Roinn Iompair a chomhlíonadh freisin, ar beartas é ina leagtar amach gníomhartha mionsonraithe chun bonneagar agus seirbhísí níos fearr iompair inbhuanaithe a sholáthar.

“Tháinig fás ollmhór ar an Údarás le cúpla bliain anuas freisin, agus tá sé tábhachtach go gcoinneoimis ár gcroíluachanna agus ár gcultúr cuimsitheachta agus éagsúlachta ar bun de réir mar a fhorbraímid an eagraíocht tuilleadh thar an gcéad trí bliana eile.”.

Tuilleadh eolais

Ráiteas Straitéise 2023 – 2025