Inniu, tháinig an tAire Iompair Darragh O’Brien le chéile leis an Údarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) agus le Grúpa Indra chun oifig nua Bhaile Átha Cliath Ghrúpa Indra a oscailt go hoifigiúil, a bheidh ina ceanncheathrú oibríochtaí na cuideachta in Éirinn agus beidh ról lárnach aici chun tacú le nuachóiriú leanúnach córas íocaíochta iompair phoiblí ar fud na hÉireann.
Is garsprioc shuntasach do ghnó Soghluaisteachta Indra í an oifig nua atá suite sa Cheantar Theas agus bunaítear láithreacht bhuan léi don chuideachta in Éirinn. Feidhmeoidh an tsaoráid mar mhol oibríochta don chlár don Chéad Ghlúin eile den Ticéadú (CGT), lena n-éascaítear tuilleadh comhoibrithe leis an ÚNI. Feidhmeoidh sí mar lárionad nuálaíochta freisin do phríomhthionscnaimh eile, lena gcumasaítear comhoibriú le páirtithe leasmhara eile agus forbairt réiteach ceannródaíoch a chothú.
In 2024, bhronn an ÚNI an conradh ar Indra chun córas íocaíochta gan tadhall úrscothach a sholáthar, córas a thiocfaidh in ionad bhonneagar Chárta Leap atá ann cheana féin. Cuirfear paisinéirí ar a gcumas leis an tionscadal CGT chun íoc as taisteal trí chártaí bainc, trí ghutháin phóca agus trí ghléasanna cliste a úsáid, agus beidh na turais níos tapa, níos éasca agus níos solúbtha dá bharr.
Chun cur le rath an Chárta Leap, lena bpróiseáladh níos mó ná €2.8 billiún in íocaíochtaí ó 2011, tabharfar isteach ardán néal-óstáilte, Ticéadaithe Cuntasbhunaithe le CGT.
Murab ionann agus a lán clár idirnáisiúnta ticéadaithe gan tadhall a leagtar amach de réir cathrach nó réigiúin, tá réiteach ceann ceann, an-chasta á soláthar ag an ÚNI i gcomhar le Indra agus dearadh í le go bhfeidhmeoidh sí sa deireadh ar fud líonra Transport for Ireland (TFI), lena gcuirfear réiteach comhtháite amháin ar fáil do bhusanna, traenacha, tramanna agus seirbhísí réigiúnacha. Baineann an tionscadal le cur i bhfeidhm íocaíochtaí sábháilte cuntasbhunaithe, lena ríomhtar táillí go cúlghabhálach agus lena ngearrfar na táillí go díreach ar chuntas bainc na gcustaiméirí, óna dteastaíonn na caighdeáin is arda cosanta sonraí, iontaofachta agus iontaoibh na gcustaiméirí, agus cuirfear tús leis i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath. Áirítear sa chlár chomh maith uasghrádú ar thart ar 240 geata stáisiúin traenach, thart ar 1,000 bailíochtóir stáisiúin ar fud LUAS agus Iarnróid Éireann, agus níos mó ná 2,800 bailíochtóir ar bhusanna i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath amháin. Beidh bailíochtóirí nua le feiceáil ó 2027 agus beidh íocaíochtaí gan tadhall ar fáil ó 2028. Le linn an aistrithe, leanfar de thacaíocht iomlán a thabhairt do Chártaí Leap, do Phasanna Saorthaistil agus do tháirgí táille lascainithe chun leanúnachas a chinntiú do gach paisinéir.

Cruthófar thart ar 40 post nua chomh maith mar gheall ar oscailt na hoifige, lena n-áirítear thart ar 30 ról tiomanta don tionscadal CGT agus tá tuilleadh earcaíochta beartaithe de réir mar a leathnaíonn an clár. Áirítear sna róil sin forbairt bogearraí, comhtháthú córas agus tacaíocht oibríochta, lena dtacaítear le córas ticéadaithe gan tadhall na hÉireann ar bhonn náisiúnta a sholáthar.
Dúirt an tAire Darragh O’Brien: “Is comhartha soiléir í oscailt cheanncheathrú nua Indra i mBaile Átha Cliath d’uaillmhian na hÉireann i dtaca le nuálaíocht iompair a stiúradh. Beidh an oifig seo ina croílár den soláthar éifeachtúil córais ticéadaithe gan tadhall ar bhonn náisiúnta, lena bhfeabhsaítear éascaíocht do phaisinéirí agus lena dtacófar le soghluaisteacht inbhuanaithe. Beidh mé ag obair go dlúth leis an bhfoireann lena chinntiú go soláthrófar é laistigh de na hamlínte a gealladh. Tá mé ag tnúth leis an athrú ó bhonn seo a fheiceáil, rud a chuideoidh le hiompar poiblí a dhéanamh níos éasca do gach duine ar fud na tíre.”
Dúirt Anne Shaw, Príomhfheidhmeannach an Údaráis Náisiúnta Iompair:
“Is sprioc thábhachtach inár gcomhpháirtíocht le INDRA í oscailt na hoifige inniu. Cinntítear go soláthrófar an tionscadal den Chéad Ghlúin eile don Ticéadú le saineolas áitiúil agus le taithí dhomhanda leis an bhfoireann tiomnaithe i mBaile Átha Cliath. Léirítear san infheistíocht sin scála an chláir agus ár dtiomantas do chóras íocaíochta comhtháite comhaimseartha a sholáthar do phaisinéirí ar fud na hÉireann.”
Dúirt Raúl Ripio, Leas-Uachtarán Sinsearach Soghluaisteachta ag Grúpa Indra:
“Is údar mór bróid do Indra é an lá inniu. Is sprioc bharrthábhachtach inár dturas í oscailt ár gceanncheathrú nua agus léiríonn sí ár dtiomantas láidir d’fhás inbhuanaithe agus fadtéarmach sa tír seo. Chomh maith leis sin, treisíonn sí ár gcomhghuaillíocht straitéiseach leis an ÚNI agus muid aontaithe ag fís chomhroinnte maidir le dul chun cinn agus nuálaíocht theicneolaíoch. Ag Indra, creidimid i gcumhacht na tallaine áitiúla agus an cumas chun dearcadh domhanda a sholáthar.”
Is ceann de na príomh-chomhpháirtithe le haghaidh soghluaisteachta in Éirinn é Indra agus tá sé ag comhoibriú ar thionscadail soghluaisteachta agus ar réitigh theicneolaíocha sa tír le breis agus 20 bliain anuas agus tionscnaimh chasta á mbainistiú aige amhail an t-ardán lena gcumasaítear íocaíocht ar fud mhótarbhealaí na hÉireann, an teicneolaíocht dola le haghaidh Thollán Bhaile Átha Cliath agus an córas bainistíochta iarnróid le haghaidh líonra iarnróid na hÉireann.
Chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis an tionscadal den chéad ghlúin eile don ticéadú, tabhair cuairt ar: https://busconnects.ie/cities/dublin/next-generation-ticketing-cashless-payment/