Deimhnítear i Suirbhéanna Siopaeirí na Gaillimhe agus Phort Láirge a foilsíodh, go bhfuil formhór na ndaoine atá ag tabhairt cúirt ar lár ár gcathracha ag taisteal ar iompar inbhuanaithe agus ar thaisteal gníomhach

Sraith iomlán na Suirbhéanna Siopaeirí maidir leis na cúig chathair is mó in Éirinn ar fáil anois

7 May 2026

D’fhoilsigh An tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) an 2 Suirbhé dheiridh sa tsraith Suirbhéanna Siopaeirí Cathrach. Soláthraíonn na Suirbhéanna nua sin tuilleadh léargais do Ghaillimh agus do Phort Láirge maidir le hiompraíocht taistil agus le patrún caiteachais i gcroílár miondíola sa da chathair agus cuireann siad le suirbhéanna a foilsíodh roimhe seo i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh agus i Luimneach. Ó thaobh foilseachán an lae inniu de, ciallaíonn sé sin go bhfuil sraith iomlán de thorthaí Suirbhéanna Siopaeirí anois ag an ÚNI den chéad uair, torthaí a chlúdaíonn na cúig chathair mó in Éirinn.

Tugann foilseacháin an lae inniu an ról lárnach atá ag iompar inbhuanaithe agus ag taisteal gníomhach chun tacú le geilleagar lár na gcathracha chun solais. Fuarthas amach sna suirbhéanna is déanaí sin gur ar an mbus, ar an traein, ag siúl nó ar rothar, a chuaigh 67% de na daoine i nGaillimh a bhí ag taisteal chuig croílár miondíola na cathrach ach i bPort Láirge bhí an figiúr comhfhreagrach cothrom le 57%. Leis na torthaí nua a foilsíodh do Ghaillimh agus do Phort Láirge, is féidir a dheimhniú den chéad uair, i ngach ceann de na 5 Suirbhéanna Siopaeirí Cathrach, go bhfuil formhór na ndaoine atá ag teacht isteach go croílár miondíola ár gcathracha ag úsáid modhanna taistil inbhuanaithe.

Nuair a cuireadh ceist orthu faoina bpríomh-mhodh iompair agus iad ag teacht isteach go croílár miondíola na cathrach, thuairiscigh 40% de dhaoine i nGaillimh go mbíonn siad ag taisteal ar an mbus, go mbíonn 4% ar an traein, agus go mbíonn 23% ag taisteal go gníomhach (ag siúl agus ag rothaíocht), agus go mbíonn 30% ag taisteal i gcarr. I bPort Láirge, thaisteal 31% ar an mbus, 1% ar an traein, 25% trí thaisteal gníomhach, agus 40% ag taisteal i gcarr.

Léirítear sna suirbhéanna is déanaí sin, arna ndéanamh in 2025, go bhfuil an tsiopadóireacht fós ina príomhchúis le cuairt a thabhairt ar lár na gcathracha, cúis a lua 44% de chuairteoirí chroílár miondíola na Gaillimhe agus 38% de chuairteoirí chroílár miondíola Phort Láirge. I nGaillimh luaigh 11% de chuairteoirí, bia nó deochanna mar a bpríomhchúis le cuairt a thabhairt, i gcomparáid le 15% i bPort Láirge.

I bPort Láirge, cuireadh agallamh ar 612 duine‑le‑duine, agus iad 16 bliana d’aois agus níos sine agus ba chónaitheoirí in Éirinn iad. Rinneadh na hagallaimh ar an tSráid Leathan, ar Apple Market, agus ar an Quay Front. I nGaillimh, rinneadh 605 agallamh ar an bhFaiche Mhór, ar an tSráid Ard, ar Shráid na Siopaí agus ar Shráid na Céibhe. Rinneadh na hagallaimh le linn mhí Mheán Fómhair 2025 agus dearadh iad chun sampla ionadaíoch láidir de na cuairteoirí a chur ar fáil, thar amanna éagsúla den lá agus thar laethanta éagsúla na seachtaine.

Mar chuid den suirbhé, fiafraíodh de na cuairteoirí cé mhéad ama a raibh i gceist acu a chaitheamh le linn a gcuairte chuig lár na cathrach. I lár chathair na Gaillimhe, b’ionann úsáideoirí iompair inbhuanaithe agus 49% den chaiteachas measta iomlán, i gcomparáid le 47% ó úsáideoirí carranna. I bPort Láirge, b’ionann úsáideoirí iompair inbhuanaithe agus 41% den chaiteachas measta iomlán, i gcomparáid le 53% ó úsáideoirí carranna.

Ina dteannta a rannchuidiú eacnamaíoch, den chuid is mó fanann na daoine a úsáideann iompair poiblí agus taisteal gníomhach níos faide, rud a dhéanann lár na cathrach níos bríomhaire.

B’ionann an meánchaiteachas beartaithe agus €51 i nGaillimh, le beagán níos mó ná beirt as cúigear ag beartú ar níos mó ná €50 a chaitheamh. I bPort Láirge, b’ionann an meánchaiteachas beartaithe agus €58, le beagán níos mó ná leath de na cuairteoirí ag súil le níos mó ná €50 a chaitheamh.

Cuireann na torthaí sin leis na Suirbhéanna Siopaeirí a rinneadh níos luaithe i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh in 2022, agus i Luimneach in 2024, lenar féidir Tuairisc Siopaeirí 5 Cathair a fhoilsiú – ag léiriú:

Thar cúig chathair na hÉireann uile, tháinig formhór na ndaoine isteach go lár na gcathracha trí mhodhanna inbhuanaithe: Baile Átha Cliath 83%, Corcaigh 64%, Luimneach 60%, Gaillimh 67% agus Port Láirge 57%.

I gceithre de na cúig chathair, sháraigh sciar an chaiteachais bheartaithe a ghin daoine a bhí ag taisteal ar iompar inbhuanaithe sciar an chaiteachais bheartaithe a ghin daoine a bhí ag taisteal i gcarr:

  • 74% i gcomparáid le 24% i mBaile Átha Cliath;
  • 52% i gcomparáid le 43% i gCorcaigh;
  • 49% i gcomparáid le 46% i Luimneach; agus
  • 49% i gcomparáid le 47% i nGaillimh.

Cuirtear fianaise láidir ar fáil i Suirbhéanna Siopaeirí an ÚNI, chun bonn eolais a chur faoi chinntí maidir le pleanáil agus infheistiú iompair, agus tugtar chun suntais an tábhacht gheilleagrach a bhaineann le tús áite a thabhairt d’iompar inbhuanaithe agus d’fheabhsúcháin réimse phoiblí atá ar ardchaighdeán i gcathracha na hÉireann.

Cuireann Darragh O’Brien, TD, Aire Iompair, “fáilte roimh an 2 Suirbhé dheiridh sa tsraith Suirbhéanna Siopadóirí Cathrach – do Ghaillimh agus do Phort Láirge.Ó thaobh foilseachán an lae inniu de, ciallaíonn sé sin go bhfuil sraith iomlán de thorthaí Suirbhéanna Siopaeirí anois ag an ÚNI den chéad uair, torthaí a chlúdaíonn na cúig chathair mó in Éirinn

Dúirt Anne Shaw, POF an ÚNI: “Den chéad uair anois, le Gaillimh agus Port Láirge mar chuid dár sraith Suirbhéanna Siopaeirí, tá tuairisc chuimsitheach againn ar an gcaoi a dtaistealaíonn daoine isteach is amach as croílár miondíola ár gcúig chathair is mó. Is mór an t-údar misnigh dúinn é go bhfuil an oireadh sin daoine ann a roghnaíonn modhanna taistil inbhuanaithe agus gníomhacha do na turais, chomh maith le caiteachas measta beartaithe na gcuairteoirí sin.”

NTA Active Travel Shopper Surveys – National Transport

Tuilleadh

  1. Tá an tuairisc aonair agus an Tuairisc Siopaeirí 5 Chathair atá curtha le chéile ar fáil anseo
  2. Bhain Lamháil Earráide 95% de Leibhéal Muiníne +/- 3 le Baile Átha Chliath agus +/- 4 ag 95% Leibhéal Muiníne de na torthaí iomlána do Chorcaigh, do Luimneach, do Phort Láirge agus do Ghaillimh.
  3. Cuireadh agallaimh duine le duine le haosaigh os cionn 16 bliana d’aois a chónaíonn in Éirinn
  4. Líon na n-agallamh agus na suíomhanna a clúdaíodh i ngach ceann de na cathracha a bhí san áireamh:
  • Baile Átha Cliath (2022) – 1,477 agallamh san iomlán a rinneadh ar Shráid Grafton agus ar Shráid Anraí
  • Corcaigh (2022) – 621 agallamh san iomlán a rinneadh ar Shráid Phádraig agus ar Shráid Oilibhéir Pluincéid
  • Luimneach (2024) – 621 agallamh san iomlán a rinneadh ar Shráid Uí Chonaill agus ar Shráid Thomáis
  • Port Láirge (2025) – 612 agallamh san iomlán a rinneadh ar an tSráid Leathan, Apple Market agus Quay Front.
  • Gaillimh (2025) – 605 agallamh san iomlán a rinneadh ar An bhFaiche Mhór, ar an tSráid Ard, ar Shráid na Siopaí agus ar Shráid na Céibhe.