Public Consultation on Proposals for SPSV Fines for the Non-Compliant – Focus on Safety, Consumer Protection and Services for Users with a Disability and SPSV Driver Licence Validity Period

The National Transport Authority (“NTA”) invites written submissions or observations on the proposal “SPSV Fines for the Non-Compliant – Focus on Safety, Consumer Protection and Services for Users with a Disability and SPSV Driver Licence Validity Period”.

Public Consultation Report

Proposed Fines for the Non-Compliant – Focus on Safety, Consumer Protection and Services for Users with a Disability

Pursuant to section 73 of the Act and in order to promote consumer safety and protection NTA is proposing revising the prescribed amount for fixed payment offences in Schedule 8 of the Regulation (Small Public Service Vehicle) Regulations 2015. Along with this, NTA are proposing the introduction of a new fixed penalty (fine) for discrimination against service users with a disability.

This will help to ensure public safety and quality of service delivery, together with compliant operators and consumer protection.

Proposed SPSV Driver Licence Validity Period

The consultation also includes the proposal to amend section 7(3)(a) of the Taxi Regulations (Small Public Service Vehicle) Regulations 2015 in relation to the SPSV Driver Licence Validity Period as requested by An Garda Síochána.

 

 

Submissions in relation to these proposal may be made in one of the two following ways:

Online Submission – Click Here

Post: SPSV Regulatory Consultations, National Transport Authority, PO Box 436, City North Business Park, Tuam Road, Galway.

All postal submissions must include the subject of the submission, the full name of the person making the submission and, where relevant, the name of the body or organisation represented.

The Authority is subject to the provisions of the Freedom of Information Act 2014 and, therefore, must consider any request for information made under that Act. Submissions received to the consultations will be published online. Further information can be found here.

Closing date for receipt of submissions is 12:00pm Sunday 25 September 2022.

 

 

Comhairliúchán Poiblí ar Thograí le haghaidh Fíneálacha Beagfheithicle Seirbhíse Poiblí don Lucht Neamhchomhlíonta – Díriú ar Shábháilteacht, ar Chosaint Tomhaltóirí agus ar Sheirbhísí d’Úsáideoirí faoi Mhíchumas – agus Thréimhse Bhailíochta an Cheadúnais Tiománaí Beagfheithicle Seirbhíse Poiblí

Iarrann an tÚdarás Náisiúnta Iompair (“an tÚdarás”) aighneachtaí nó tuairimí i scríbhinn maidir leis an togra le haghaidh “Fíneálacha Beagfheithicle Seirbhíse Poiblí don Lucht Neamhchomhlíonta – Díriú ar Shábháilteacht, ar Chosaint Tomhaltóirí agus ar Sheirbhísí d’Úsáideoirí faoi Mhíchumas – agus Thréimhse Bhailíochta an Cheadúnais Tiománaí Beagfheithicle Seirbhíse Poiblí”.

 

Fíneálacha Beartaithe don Lucht Neamhchomhlíonta – Díriú ar Shábháilteacht, ar Chosaint Tomhaltóirí agus ar Sheirbhísí d’Úsáideoirí faoi Mhíchumas

De bhun alt 73 den Acht, agus chun sábháilteacht agus cosaint tomhaltóirí a chur chun cinn, tá sé beartaithe ag an Údarás an méid forordaithe a ghearrtar i leith na gcionta íocaíochta seasta atá leagtha amach i Sceideal 8 a ghabhann leis na Rialacháin um Rialáil Tacsaithe (Beagfheithicil Seirbhíse Poiblí), 2015, a leasú. Tá sé beartaithe ag an Údarás freisin pionós seasta nua (fíneáil) a thabhairt isteach i leith idirdhealú a dhéanamh in aghaidh úsáideoirí seirbhíse faoi mhíchumas.

Cabhróidh sé sin le sábháilteacht phoiblí agus cáilíocht an tsoláthair seirbhíse a chinntiú, mar aon lena chinntiú go mbeidh oibritheoirí comhlíontach agus go dtabharfar cosaint do thomhaltóirí.

Tréimhse Bhailíochta Bheartaithe an Cheadúnais Tiománaí Beagfheithicle Seirbhíse Poiblí

Áirítear leis an gcomhairliúchán freisin an togra le haghaidh alt 7(3)(a) de na Rialacháin um Rialáil Tacsaithe (Beagfheithicil Seirbhíse Poiblí), 2015, a leasú i ndáil le Tréimhse Bhailíochta an Cheadúnais Tiománaí Beagfheithicle Seirbhíse Poiblí, bunaithe ar iarraidh ón nGarda Síochána.

 

 

Féadfar aighneachtaí maidir leis na tograí sin a dhéanamh i gceann amháin den dá shlí seo a leanas:

Ar líne

Post: Comhairliúcháin maidir leis na Rialacháin um Beagfheithiclí Seirbhíse Poiblí, An tÚdarás Náisiúnta Iompair, Bosca PO 436, Páirc Gnó Thuaisceart na Cathrach, Bóthar Thuama, Gaillimh.

Ní foláir ábhar na haighneachta, ainm iomlán an duine atá ag déanamh na haighneachta agus, i gcás gurb iomchuí, ainm an chomhlachta nó na heagraíochta a bhfuiltear ag déanamh ionadaíocht dó nó di a chur ar áireamh i ngach aighneacht poist.

Tá an tÚdarás faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise, 2014, agus, dá bhrí sin, ní foláir dó aon iarraidh ar fhaisnéis a dhéantar de bhun an Achta sin a bhreithniú. Déanfar na haighneachtaí a gheofar i leith na gcomhairliúchán a fhoilsiú ar líne. Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil anseo.

Is é an dáta deiridh ar a nglacfar le haighneachtaí ná 12:00pm Dé Domhnaigh an 25 Meán Fómhair 2022.