Achomharc a dhéanamh i gcoinne Breithe

Maidir le sealbhóir ceadúnais, i gcás go gcúlghairtear ceadúnas, nó le hiarratasóir ar cheadúnas a dheonú, a leasú, a athnuachan, nó a aistriú, féadfaidh siad achomharc i scríbhinn a dhéanamh chuig an Údarás i gcoinne breithe nó cuid de bhreith arna tabhairt ag an Údarás laistigh de 21 lá ó dháta fhógra na breithe sin.

Roimh dóibh achomharc a dhéanamh i gcoinne aon bhreithe, moltar d’Oibritheoirí na Treoirlínte ón Údarás a léamh.

Ceapfaidh Príomhoifigeach Feidhmiúcháin an Údaráis oifigeach don Údarás atá ar chéim atá comhionann le céim an oifigigh breithiúnachta a thug an bhreith a bhfuil achomharc á dhéanamh ina choinne, nó níos airde. Fónfaidh an t-oifigeach sin mar oifigeach achomhairc neamhspleách chun an t-achomharc a bhreithniú agus breith a thabhairt air. Athbhreithneoidh an t-oifigeach achomhairc an bhreith ina hiomláine.

Féadfaidh an t-oifigeach achomhairc faisnéis a iarraidh ón achainíoch nó ó thríú páirtí.

Déanfar fógra i scríbhinn faoin mbreith a thabharfaidh an t-oifigeach achomhairc agus faoi na cúiseanna ar tugadh an bhreith sin a thabhairt don achainíoch laistigh de 42 lá / 6 seachtaine tar éis na doiciméid ábhartha uile a fháil.

Is breith chríochnaitheach dhochloíte í an bhreith ón oifigeach achomhairc, ach amháin i gcás go ndéanfar achomharc i gcoinne na breithe chuig an gCúirt Chuarda.

Achomhairc chuig an gCúirt Chuarda

Féadfaidh an t-achomharcóir, laistigh de 14 lá ó dháta fhógra na breithe ón oifigeach achomhairc, achomharc a dhéanamh chuig an mbreitheamh den Chuairt Chuarda ar ina Chuaird nó ina Cuaird a chónaíonn an t-achomharcóir nó ina seolann sé nó sí gnó go príomha.

I gcás go ndéanfaidh achomharcóir achomharc chuig an mbreitheamh den Chúirt Chuarda, ní mór don achomharcóir fógra i scríbhinn i dtaobh an achomhairc sin a thabhairt don Údarás an tráth céanna agus beidh an bhreith ón oifigeach achomhairc ar fionraí go dtí go gcinnfear an t-achomharc chuig an gCúirt Chuarda nó go dtarraingeofar siar é.