Iarratas a dhéanamh ar cheadúnas

Roimh duit iarratas a dhéanamh, beidh na nithe seo ag teastáil uait:

  • Uimhir fíorúcháin arna heisiúint ag na Coimisinéirí Ioncaim chun do stádas imréitigh cánach a thaispeáint
  • Ceadúnas Oibritheora Iompair Paisinéirí de Bhóthar atá bailí nó Ceadúnas Comhphobail Eorpaigh bailí, a n-eisíonn an Roinn Iompair an dá cheann díobh

 

Tabhair a oiread faisnéise mionsonraithe is féidir faoin tseirbhís atá sé beartaithe agat a sholáthar.

Mar shampla:

  • An margadh a bhfreastalóidh sí air
  • Conas a chruthóidh sí breisluach d’úsáideoirí iompair phoiblí
  • Aon fhaisnéis atá agat maidir leis an líon paisinéirí féideartha.
  • Chun a thaispeáint go bhfuil éileamh ann ar an tseirbhís atá beartaithe agat, ba cheart duit aon doiciméid a thacaíonn leis an iarratas uait a chur ar áireamh, lena n-áirítear ceistneoirí paisinéirí, fianaise ar bhuíonta nua nó méadaitheacha paisinéirí (gnóthais, ollscoileanna, ionaid siopadóireachta, eastáit tithíochta) feadh an bhealaigh atá beartaithe, agus iarrataí ó ghnóthais áitiúla
  • Conas atá sí difriúil le seirbhísí iompair phoiblí atá ann cheana
  • Faisnéis faoi inrochtaineacht d’fheithicle/d’fheithiclí nó do sheirbhísí do dhaoine faoi mhíchumas

 

Chun iarratas iomlán bailí a dhéanamh ar cheadúnas nua chun seirbhís bus phoiblí do phaisinéirí a sholáthar, ní mór duit na nithe seo a leanas a sholáthar:

  • Foirm iarratais comhlánaithe, agus í sínithe agus dátaithe
  • An táille chuí
  • Uimhir fíorúcháin chun do stádas imréitigh cánach a thaispeáint
  • Amchlár iomlán le haghaidh na seirbhíse atá beartaithe. Ní mór gach stad a liostú ar an amchlár
  • Léarscáil iomlán den bhealach atá beartaithe
  • Léarscáileanna ina léirítear gach stad aonair. Más stadanna de chuid Bhus Átha Cliath nó Bhus Éireann iad, luaigh uimhir an stad, más ann, ar an amchlár
  • Tábla táillí iomlán

Tabhair faoi deara na ceanglais seo a leanas maidir le léarscáileanna:

Ba cheart na léarscáileanna a chuirtear isteach i dteannta d’iarratais cur ar chumas an Údaráis an bealach a úsáideann an tseirbhís a leanúint i gcónaí, ar an mbealach amach agus ar an mbealach ar ais araon.

Más gá, tabhair cur síos téacsúil ar an mbealach i gcás nach mbeifear in ann léarscáileanna mionsonraithe a thabhairt. Ceadaítear úsáid a bhaint as léarscáileanna ar líne amhail Osi.ie, GoogleMaps agus BingMaps mar chuid den iarratas.

D’fhéadfá ceann ar bith de na doiciméid thíos a chur ar áireamh freisin. Géarófar go mór ar luas an phróisis má chuirtear ar áireamh iad ag céim an iarratais.

Má thairgtear an ceadúnas, is féidir go n-éileofar iad níos moille sa phróiseas i gcás nach gcuirfear isteach iad.

  • Ceadú le haghaidh an stad ón úinéir talún nó ón údarás bóithre lena mbaineann (le haghaidh gach stad ag a dtéann paisinéirí ar bhord an bhus nó ag a dtuirlingíonn siad de)
  • Cóip de dheimhniú Árachais bailí do na feithiclí uile atá beartaithe le haghaidh an tseirbhís a oibriú
  • Cóip de cheadúnas Feithicle Seirbhíse Poiblí bailí do na feithiclí uile atá beartaithe le haghaidh an tseirbhís a oibriú
  • Cur síos ar libhré na feithicle (is leor pictiúr)
  • Cóip den Deimhniú Ródacmhainneachta do na feithiclí uile atá beartaithe le haghaidh an tseirbhís a oibriú
Cén uair a fhéadfaidh mé tosú?

I gcás go ndéanfar iarratas ar cheadúnas nó ar leasú, ní mór duit fanacht go dtí go ndeonóidh an tÚdarás an ceadúnas nó an leasú ar cheadúnas sula bhféadfaidh tú tosú.

Maidir leis an iarratas ar an gceadúnas nua nó leis an iarratas ar cheadúnas atá ann cheana a leasú, ní dheonófar leo aon chearta chun an tseirbhís bus phoiblí do phaisinéirí a sholáthar le linn iad a bheith faoi athbhreithniú ag an Údarás.

Bheadh sé sin ina shárú ar an Acht um Rialáil Iompair Phoiblí 2009.

Is é sin le rá i bhfocail eile, ní fhéadfaidh tú seirbhís bus phoiblí do phaisinéirí a thosú ná an tseirbhís cheadúnaithe a sholáthraíonn tú cheana féin a athrú gan ceadúnas a bheith á dheonú ag an Údarás.

Má thairgtear ceadúnas, beidh ort fós roinnt doiciméad a sholáthar sula bhféadfaidh tú tosú.

Ní hionann tairiscint agus ceadúnas.

Is féidir nach ionann an rud a thairgeann an tÚdarás duit agus an rud a ndearna tú iarratas air. Míneofar é sin duit ag an gcéim seo, mar shampla amchlár tairgthe. Ní mór an glacadh le ceadúnas a dhéanamh i scríbhinn. Níl i gceist le tairiscint ach tásc agus níl sí ina ceangal dlí, toisc go mbíonn deonú aon cheadúnais ag brath ar aon doiciméid agus/nó íocaíochtaí amuigh. Cuirfear an fhaisnéis sin in iúl don iarratasóir.

Féach na Treoirlínte ón Údarás maidir le Seirbhísí Bus Poiblí do Phaisinéirí a Cheadúnú agus an Treoir Achomair maidir le Seirbhísí Bus Poiblí do Phaisinéirí le haghaidh tuilleadh faisnéise.

Is féidir amharc ar an bhFoirm Iarratais agus í a íoslódáil anseo.