Ceadúnas a Athnuachan

Ní mór iarratais ar cheadúnas a athnuachan a chur isteach chuig an Údarás 42 lá / sé seachtaine ar a laghad roimh an dáta éaga ar an gceadúnas.

Ní fhéadfar ach na catagóirí ceadúnais seo a athnuachan: Ceadúnais Seirbhísí Rialta, Ceadúnais Seirbhísí Spriocdhírithe Sonracha agus Ceadúnais Seirbhísí atá ag Freagairt don Éileamh.

I gcás nach mbeidh seirbhís bus phoiblí do phaisinéirí ag obair go díreach mar atá ceadúnaithe, ní mór iarratas ar leasú a chur isteach 10 seachtaine ar a laghad roimh an dáta éaga ar an gceadúnas.

De réir alt 16(3) den Acht um Rialáil Iompair Phoiblí 2009, féadfaidh an tÚdarás diúltú do cheadúnas a athnuachan más rud é:

  • Go ndearnadh mionsáruithe arís is arís eile
  • Go ndearnadh sárú tromaí amháin nó níos mó ar choinníollacha an cheadúnais
  • Gur ciontaíodh an sealbhóir ceadúnais i gcion a bhaineann le seirbhísí bus a sholáthar faoin Acht um Rialáil Iompair Phoiblí 2009 nó faoi reachtaíocht ábhartha eile

I gcás nach ndéanfar iarratas ar athnuachan i gcomhréir leis na ceanglais thuas go hiomlán, tabharfaidh an tÚdarás fógra don sealbhóir ceadúnais i dtaobh an dáta dheireanaigh ar a nglacfar leis an iarratas comhlánaithe ar athnuachan.

Ní bhreithneoidh an tÚdarás an t-iarratas ar athnuachan i gcás nach bhfaighfear an t-iarratas iomlán ar an dáta sin nó roimh an dáta sin, agus rachaidh an ceadúnas in éag ar an dáta.

Conas do cheadúnas a athnuachan:

Seicliosta le haghaidh athnuachan:

Déanfar an Athnuachan Ceadúnais de réir na dTreoirlínte ón Údarás maidir le Seirbhísí Bus Poiblí do Phaisinéirí a Cheadúnú agus de réir alt 16 den Acht um Rialáil Iompair Phoiblí 2009 a luaithe a fhaightear na doiciméid ábhartha uile i leith an cheadúnais, eadhon:

  1. Foirm Athnuachana chomhlánaithe.
  2. An táille athnuachana chuí.
  3. Cóip de Cheadúnas Oibritheora Iompair Paisinéirí de Bhóthar bailí/de Cheadúnas Comhphobail bailí.
  4. Cóip de cheadúnais Feithicle Seirbhíse Poiblí bailí do na feithiclí uile atá á n-úsáid chun an tseirbhís a sholáthar (gach fochonraitheoir san áireamh).
  5. Cóip de dheimhniú árachais bailí do na feithiclí uile atá á n-úsáid chun an tseirbhís a sholáthar (fochonraitheoirí san áireamh).
  6. Cóip de shonraí fíorúcháin bailí Imréitigh Cánach (fochonraitheoirí san áireamh).
  7. Cóip de Dheimhniú Ródacmhainneachta do na feithiclí uile atá á n-úsáid chun an tseirbhís a sholáthar (fochonraitheoirí san áireamh).
  8. Deimhniú gur comhionann leis an tseirbhís atá á hoibriú faoi láthair atá an tseirbhís atá le hathnuachan.
  9. Fianaise á léiriú go bhfuil an tseirbhís i mbun oibre faoi láthair (e.g. suíomh Gréasáin atá cothrom le dáta, litir ón nGarda Síochána sa dúiche ina bhfuil an tseirbhís á hoibriú, etc.).
  10. Foirm comhlíontachta chomhlánaithe lena ndeimhnítear gur chomhlíon an sealbhóir ceadúnais gach ceann de na coinníollacha atá ceangailte leis an gCeadúnas – Tabhair faoi deara: is féidir go n-éileoidh an tÚdarás tuilleadh cruthúnais ar chomhlíonadh e.g. sonraí uathaimsithe feithicle mar chruthúnas ar uainiúcháin oibríochtaí.

Má tá fochonraitheoireacht i gceist, cuir na nithe seo ar áireamh freisin:

  1. Cóip shínithe bhailí den chomhaontú fochonraitheoireachta
  2. Cóip de Cheadúnas Oibritheora Iompair Paisinéirí de Bhóthar bailí/de Cheadúnas Comhphobail bailí don fhochonraitheoir
  3. Cóip de shonraí fíorúcháin bailí Imréitigh Cánach don fhochonraitheoir

TABHAIR FAOI DEARA: Tá sé ríthábhachtach gur bailí atá na doiciméid uile a sholáthraíonn tú i dteannta d’iarratais ar athnuachan. Is é sin le rá nach bhfuil siad as dáta. I gcás gur neamhbhailí tráth dháta éaga do cheadúnais a bheidh ceann ar bith de na doiciméid a sholáthraítear, ní mór duit doiciméid atá cothrom le dáta agus bailí a sholáthar roimh dháta éaga do cheadúnais.

Íoslódálacha:

Nótaí ginearálta i dtaca le hAthnuachan Ceadúnais

  • Is bailí ar feadh trí bliana a bheidh ceadúnais athnuaite;
  • Ní fhéadfar seirbhísí nach bhfuil comhionann leis an gceadúnas roimhe a athnuachan;
  • Ní mór iarratas a dhéanamh ar leithligh ar aon leasuithe riachtanacha agus is ina leith sin a ghearrfar táille ar leasú atá ar leithligh ón táille ar athnuachan;
  • Ní mór an t-amchlár uait a bheith san fhormáid cheart;
  • Tá sé ríthábhachtach gur bailí atá na doiciméid uile a sholáthraíonn tú i dteannta d’iarratais ar athnuachan. Is é sin le rá nach bhfuil siad as dáta. I gcás gur neamhbhailí tráth dháta éaga do cheadúnais a bheidh ceann ar bith de na doiciméid a sholáthraítear, ní mór duit doiciméid atá cothrom le dáta agus bailí a sholáthar roimh dháta éaga do cheadúnais. I gcás nach soláthrófar iad, ní athnuafar do cheadúnas;
  • Ní phróiseálfar iarratais neamhiomlána ar athnuachan agus seolfar ar ais iad;
  • I gcás nach n-athnuafar ceadúnas nó nach soláthrófar doiciméid iomlána athnuachana laistigh den tréimhse ar thug an tÚdarás fógra duit ina thaobh, rachaidh an ceadúnas in éag de réir alt 16(2)(b) den Acht um Rialáil Iompair Phoiblí 2009. Ní chuirfidh sé sin cosc ar aon Oibritheoir iarratas a dhéanamh ar an mbealach céanna nó ar bhealaí cosúla sa todhchaí.
  • I gcás go mbeidh ceadúnas éagtha mar chuid den Scéim Saorthaistil, bainfear é ón Scéim Saorthaistil agus is féidir nach mbeidh aon iarratais ina dhiaidh sin incháilithe lena gcur ar áireamh sa Scéim. Ba cheart aon cheisteanna faoi oibriú na Scéime Saorthaistil a chur chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas: FreeTravelQueries@welfare.ie