Ceadúnas a Aistriú

Foráiltear do cheadúnas a aistriú leis an Acht um Rialáil Iompair Phoiblí 2009.

Chun go ndéanfar aistriú, ní mór don duine a bhfuil sé beartaithe ceadúnas a aistriú chuige nó chuici iarratas a dhéanamh chuig an Údarás ar aistriú úinéireachta ach an fhoirm iarratais chuí a úsáid.

I gcás sealbhóir ceadúnais d’fháil bháis, féadfaidh a ionadaí pearsanta nó a hionadaí pearsanta an tseirbhís bus phoiblí do phaisinéirí lena mbaineann an ceadúnas, a sheoladh faoin gceadúnas sin, go dtí go rachaidh an ceadúnas in éag. Féadfaidh ionadaí pearsanta sealbhóra ceadúnais iarratas a dhéanamh chun an ceadúnas a athnuachan (mar atá leagtha amach sna Treoirlínte), agus is é nó í an sealbhóir ceadúnais ar an gceadúnas a athnuachan.

Ní ann d’aon mhodhanna eile chun ceadúnas a aistriú agus, i gcás go dtiocfaidh an tÚdarás ar an eolas go ndearnadh ceadúnas a aistriú ar shlí seachas mar a fhoráiltear thuas, déanfaidh sé an ceadúnas a chúlghairm le héifeacht láithreach.

Féach na Treoirlínte ón Údarás maidir le Seirbhísí Bus Poiblí do Phaisinéirí a Cheadúnú agus an tAcht um Rialáil Iompair Phoiblí 2009 le haghaidh tuilleadh faisnéise.

Is féidir amharc ar an bhFoirm Iarratais agus í a íoslódáil anseo.