Ceanglas ceadúnúcháin

Sonraítear san Acht um Rialáil Iompair Phoiblí 2009 (Acht 2009) nach bhféadfar seirbhís bus phoiblí do phaisinéirí a sholáthar ach amháin de réir ceadúnais.

De réir alt 2 d’Acht 2009, is é an sainmhíniú atá ar “seirbhís bus phoiblí do phaisinéirí” ná bus nó busanna chun paisinéirí a iompar a úsáid ar shlí:

  • Ina bhfuil gach turas oscailte lena úsáid ag daoine den phobal
  • Ina n-íoctar muirear nó muirir i leith gach paisinéara, seachas i gcás go gcinnfidh an tÚdarás a mhalairt
  • Ina soláthraítear an tseirbhís ar bhonn rialta agus sceidealta
  • Ina soláthraítear iompar do phaisinéirí idir pointí cinn scríbe sonraithe nó ar feadh cúrsa shonraithe nó thairis sin de réir amchláir fhoilsithe.

Teastaíonn ceadúnas bus ó gach seirbhís bus phoiblí do phaisinéirí de réir Acht 2009, seachas:

  • Iad sin a sholáthraítear d’aon toisc chun leanaí a iompar chun na scoile nó uaithi (tabhair faoi deara nach bhfuil feidhm ag an eisiamh sin maidir le hinstitiúidí tríú leibhéal)
  • Iad sin atá faoi réir conradh seirbhísí poiblí a ndeachthas isteach ann faoi alt 48 den Acht um Údarás Iompair Bhaile Átha Cliath 2008
  • Seirbhísí idirnáisiúnta (arna n-údarú faoi Rialacháin ón Aontas Eorpach)
  • Seirbhísí príobháideacha ar fruiliú, i gcás go bhfruileofar bus thar ceann grúpa ar tháille a chinntear ar leithligh ón líon paisinéirí a iompraítear.
Cén fáth a mbeadh ort iarratas a dhéanamh ar cheadúnas nó ar leasú ar cheadúnas?

Tá ceithre chúis phríomha ann:

  1. Is cion é faoi Acht 2009:
  • Seirbhís neamhcheadúnaithe a sholáthar
  • Gan coinníollacha ceadúnúcháin aon cheadúnais atá ann cheana a chomhlíonadh
  • Soláthar aon seirbhíse a athrú gan ceadúnas leasaithe a fháil roimh ré

Aon duine a dhéanfaidh cion, dlífear ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €5,000 in aghaidh an chiona a chur air nó uirthi.

Dlífear ionchúiseamh a thabhairt ar aghaidh i gcoinne an duine atá ag déanamh an chiona agus i gcoinne an chomhlachta chorpraithe araon. Féadfaidh an tÚdarás imeachtaí a thabhairt ar aghaidh agus an cion/na cionta a ionchúiseamh.

Aon seirbhís bus phoiblí do phaisinéirí is mian leat a sholáthar agus nach bhfuil ceadúnaithe go follasach, ba cheart í a bheith ina hábhar dóibh seo:

  • Iarratas ar cheadúnas nua, mura bhfuil ceadúnas agat
  • Iarratas ar leasú, má tá ceadúnas agat cheana féin agus más mian leat an tseirbhís atá tú ag soláthar a athrú. Mar shampla: amchlár, bealach, stadanna, fochonraitheoir a ainmniú nó busanna breise a chur leis.

Leis an bpróiseas ceadúnúcháin, cuirtear ar chumas an Údaráis seiceálacha bunriachtanacha a dhéanamh, lena n-áirítear cé acu is sábháilte do phaisinéirí atá an tseirbhís atá beartaithe agat nó nach ea.

  1. Téann sé chun tairbhe do do ghnóthas.

Má chomhlíonann tú an córas ceadúnúcháin go hiomlán, tabharfar rochtain duit ar thionscnaimh éagsúla a soláthraíonn an tÚdarás iad. D’fhéadfadh na tionscnaimh sin do chostais ghnó a laghdú (fógraíocht, mar shampla) agus do bhonn custaiméirí a mhéadú.

D’fhéadfadh go n-áireofaí leo sin:

  • Do sheirbhís a chur le Pleanálaí Turais Náisiúnta TFI. Déantar thart ar aon mhilliún cuardach turais gach mí. Foilsítear é ar shuíomh Gréasáin Transport for Ireland agus tá sé nasctha le Google Transit agus le seirbhísí eile Gréasáin
  • An cumas chun iarratas a dhéanamh ar scéim Cártaí Léime TFI (ticéadú comhtháite). Tá feidhm tuairisciúcháin ar áireamh le scéim Cártaí Léime TFI, rud is féidir leat a úsáid chun faireachán a dhéanamh ar do ghnóthas.

Tabhair faoi deara, áfach, nach mbreithneoidh an tÚdarás ach seirbhísí iompair phoiblí ceadúnaithe lena gcur ar áireamh sna tionscnaimh thuas ach amháin i gcás gur deimhin leis gur lánchomhlíontach atá na seirbhísí sin agus go gcomhlíonann siad na critéir le haghaidh na dtionscnamh.

  1. Mura gcomhlíonann tú an dlí, is féidir go ndéanfar difear d’iarratais a dhéanfaidh tú sa todhchaí ar cheadúnais, ar leasuithe nó ar athnuachan do cheadúnais/cheadúnas reatha.

Faoi Acht 2009, ní fhéadfaidh an tÚdarás breithniú a dhéanamh ar iarratas ar cheadúnas a dheonú mura suífidh an t-iarratasóir chun sástacht an Údaráis go bhfuil reachtaíocht náisiúnta agus idirnáisiúnta maidir le hiompar ar bhóithre comhlíonta aige nó aici.

Ar iarratas a dhéanamh ar cheadúnas a athnuachan, ní mór ráiteas comhlíontachta sínithe a chur isteach chun a dheimhniú gur cloíodh le gach ceann de choinníollacha an cheadúnais.

Le linn dó breithniú a dhéanamh ar iarratas ar cheadúnas atá ann cheana a athnuachan, cuireann an tÚdarás san áireamh a mhéid a rinneadh an tseirbhís bus phoiblí do phaisinéirí a sholáthar ar aon dul le coinníollacha an cheadúnais.

  1. Is féidir go ndéanfaidh oibritheoir eile iarratas agus go ndeonófar ceadúnas dó nó di sula ndeonófar ceadúnas duit.

Le linn dó a chinneadh cé acu a dheonóidh sé ceadúnas do sheirbhís bus phoiblí do phaisinéirí ar leith nó nach ndeonóidh, ní mór don Údarás an t-éileamh nó an t-éileamh féideartha ar an tseirbhís ar leith sin a chur san áireamh. Ní mór dó a chur san áireamh freisin conas atá na seirbhísí iompair phoiblí ceadúnaithe nó conraithe atá ann cheana ag freastal ar an éileamh sin.

Ní fhéadfaidh an tÚdarás aon seirbhísí atá neamhcheadúnaithe nó nach gcuirtear ar áireamh go follasach ar cheadúnas atá ann cheana a chur san áireamh.

Ní áirithítear eisiachas an bhealaigh le ceadúnas. Mar sin féin, áirithítear leis go ndéanfaidh an tÚdarás an tseirbhís atá tú ag soláthar a chur san áireamh mar chuid den chinneadh uaidh ar an éileamh nó ar an éileamh féideartha ar sheirbhísí breise.

Féach an tAcht um Rialáil Iompair Phoiblí 2009, na Treoirlínte ón Údarás maidir le Seirbhísí Bus Poiblí do Phaisinéirí a Cheadúnú agus an Treoir Achomair maidir le Seirbhísí Bus Poiblí do Phaisinéirí le haghaidh tuilleadh faisnéise.