Catagóirí ceadúnais

Is ann faoi láthair do chúig chatagóir ceadúnais chun seirbhís bus phoiblí do phaisinéirí a sholáthar.

I gcás nach dtiocfaidh seirbhís go díreach faoi cheann de na catagóirí, ba cheart iarratas a dhéanamh ar cheadúnas faoin gcatagóir is cosúla leis na príomhghnéithe den tseirbhís.

Is amhlaidh go n-ainmneoidh an tÚdarás an chatagóir sa deireadh ar bhonn na faisnéise a sholáthraítear.

  1. Ceadúnais Seirbhísí Rialta:

Foráiltear leis an gcatagóir seo do phaisinéirí a iompar go rialta ar bhealach réamhchinntithe a bhfuil pointí glactha/tuirlingthe réamhchinntithe aige. D’fhéadfadh go n-áireofaí na nithe seo le seirbhísí den chineál sin:

  • Seirbhísí Idiruirbeacha: seirbhísí lena nasctar bailte móra agus cathracha. D’fhéadfaí na seirbhísí sin a chatagóiriú tuilleadh mar seo a leanas:
    • Mearsheirbhísí nach bhfuil aon stadanna idirmheánacha acu nó nach bhfuil ach beagán stadanna idirmheánacha acu ag bailte móra nó cathracha feadh an bhealaigh. Mar shampla: Corcaigh go Luimneach go Gaillimh
    • Seirbhísí ilstad a bhfuil roinnt stadanna idirmheánacha acu idir pointí cinn scríbe
  • Seirbhísí comaitéireachta: seirbhísí chuig ionaid fostaíochta nó oideachais (nach seirbhísí bus iad d’aon toisc chun leanaí a iompar chun na scoile nó uaithi), a sholáthraítear chun teacht le patrúin taistil na gcomaitéirí. Is é sin le rá i bhfocail eile, is sna buaicthréimhsí taistil den chuid is mí a sholáthraítear seirbhísí chuig an gceann scríbe.
  • Seirbhísí tuaithe: seirbhísí lena nasctar dhá cheann nó níos mó de bhailte beaga, de shráidbhailte nó de limistéir thuaithe.
  • Seirbhísí uirbeacha/fo-uirbeacha: áirítear leo sin formhór na seirbhísí a oibríonn i limistéir uirbeacha agus fho-uirbeacha.

Deonófar na ceadúnais uile sa chatagóir seo ar feadh trí bliana agus féadfar iad a athnuachan faoi théarmaí alt 16 den Acht um Rialáil Iompair Phoiblí 2009. Féadfaidh ceadúnais seirbhís ar fud na bliana nó seirbhísí séasúracha a chlúdach. Mar shampla: míonna an tsamhraidh nó téarmaí acadúla.  

  1. Seirbhísí Spriocdhírithe Sonracha (lena n-áirítear turais, ócáidí sóisialta agus araile):

Cuirfear an chatagóir seo i bhfeidhm maidir le hoibríochtaí a sholáthraíonn seirbhísí tiomnaithe atá sonrach do ghrúpaí amhail turasóirí nó freastalaithe ar ócáidí sóisialta.

Is ann do dhá chatagóir seirbhísí spriocdhírithe sonracha:

  • Seirbhísí turasóireachta cathrach nó réigiúnacha léim ann, léim amach
  • Seirbhísí do dhaoine atá ag freastal ar ócáidí sóisialta sonracha, a d’fhéadfadh freastal ar cheann scríbe amháin nó a bhféadfadh stadanna idirmheánacha a bheith ar áireamh leo

Beidh tréimhse bhailíochta trí bliana ag ceadúnais faoin gcatagóir seo agus féadfar iad a athnuachan faoi théarmaí alt 16 den Acht um Rialáil Iompair Phoiblí 2009.

3. Ceadúnais atá Sonrach don Ócáid nó don Ionad:

Tá feidhm ag an gcatagóir seo maidir le seirbhísí a sholáthar dóibh seo:

  • Ócáid: Amhail féile, rásaí capall, ceolchoirm
  • Ionad:Gach ócáid thar thréimhse dhá mhí dhéag in ionad sonrach amhail Páirc an Chrócaigh, an 3 Arena nó an Bord Gáis Energy Theatre. Tráth a dhéanann sé nó sí iarratas ar cheadúnas chun an cineál seirbhíse seo a sholáthar, féadfaidh an t-iarratasóir liosta a thabhairt de na hócáidí in ionad sonrach a bhfuil sé beartaithe aige nó aici seirbhísí a sholáthar dóibh. Liostófar gach ócáid cheadúnaithe ar an gceadúnas. Féadfar ócáidí breise a chur leis an gceadúnas, faoi réir ceadú, ar choinníoll go dtabharfar fógra i scríbhinn don Údarás 15 lá oibre ar a laghad roimh an ócáid.

Ní fhéadfar ceadúnais faoin gcatagóir seo a athnuachan, agus breithneofar gach iarratas sa todhchaí gan aon teidlíochtaí a eascraíonn as ceadúnais roimhe arna sealbhú le haghaidh ócáid ar leith.

Deonófar ceadúnais sa chatagóir seo ar feadh thréimhse na hócáide nó ar feadh dhá mhí dhéag i gcás ionad a bhfuil roinnt ócáidí aige.

4. Seirbhísí sealadacha:

Is catagóir speisialta ceadúnais í seo a chuirfear ar fáil chun úsáid seirbhísí bus a éascú in imthosca eisceachtúla.

5. Seirbhísí atá ag Freagairt don Éileamh:

Is féidir go dtiocfaidh imthosca chun cinn ina n-údarófar seirbhísí chun bealaí roghnacha a bheith acu atá ag teacht le héilimh shonracha.

Sampla den tseirbhís sin is ea seirbhís a fhreastalaíonn ar na riachtanais shonracha atá ag daoine áirithe atá ina gcónaí i láithreacha measartha iargúlta. Is gnách go soláthraítear an cineál seirbhíse sin do phaisinéirí a chuir an tseirbhís in áirithe roimh ré. Beidh tréimhse bhailíochta aon bhliana ag ceadúnais faoin gcatagóir seo agus féadfar iad a athnuachan faoi théarmaí alt 16 den Acht um Rialáil Iompair Phoiblí 2009.