An próiseas ceadúnúcháin

Tá sé le do leas a oiread faisnéise mionsonraithe is féidir a thabhairt san iarratas uait chuig an Údarás faoin tseirbhís atá sé beartaithe agat a sholáthar, lena n-áirítear na nithe seo a leanas:

  • An margadh a bhfreastalóidh sí air.
  • Conas a chruthóidh sí breisluach d’úsáideoirí iompair phoiblí.
  • Aon fhaisnéis atá agat maidir leis an líon paisinéirí féideartha. Chun a thaispeáint go bhfuil éileamh ann ar an tseirbhís atá beartaithe agat, ba cheart duit aon doiciméid a chur ar áireamh, lena n-áirítear ceistneoirí paisinéirí, fianaise ar bhuíonta nua nó méadaitheacha paisinéirí (mar shampla, gnóthais, ollscoileanna, ionaid siopadóireachta, eastáit tithíochta) feadh an bhealaigh atá beartaithe, agus iarrataí ó ghnóthais áitiúla a thacaíonn leis an iarratas uait.
  • Conas atá sí difriúil leis na seirbhísí iompair phoiblí atá ann cheana.
  • Faisnéis faoi inrochtaineacht d’fheithicle/d’fheithiclí nó do sheirbhíse/do sheirbhísí do dhaoine faoi mhíchumas.

 

Féach Iarratas a dhéanamh ar cheadúnasCeadúnas atá ann cheana a Leasú chun tuilleadh sonraí a fháil faoi conas is féidir leat iarratas bailí ar cheadúnas a dhéanamh.

A luaithe a athbhreithneoidh an tÚdarás iarratas bailí, tabharfar ceann amháin de na trí chineál breithe seo:

  • Tairiscint na seirbhíse iomláine a ndearnadh iarratas uirthi.
  • Tairiscint pháirteach na seirbhíse a ndearnadh iarratas uirthi – is féidir go n-áireofar leis sin gan ach roinnt seirbhísí a ndearnadh iarratas orthu a thairiscint nó uainiú na seirbhísí a athrú.
  • Diúltú don iarratas.

Ba cheart a thabhairt faoi deara gur rud táscach í tairiscint agus nach bhfuil sí ina ceangal dlí.

Ní hionann tairiscint agus ceadúnas chun seirbhís a oibriú.

Léirítear sa tábla thíos amlíne tháscach maidir le cén uair a thabharfar breith.

Ní thugtar na hamlínte seo ach chun treoir a thabhairt agus ní amlínte críochnaitheacha iad, toisc go mbíonn siad ag brath ar an bhfaisnéis ar fad a iarrtar a bheith á soláthar ag an iarratasóir go tráthúil agus ar chastacht an iarratais.

Catagóir Ceadúnais Iarratas Leasú
Seirbhísí Rialta 56 28
Seirbhísí Spriocdhírithe Sonracha 28 28
Atá Sonrach don Ócáid/ don Ionad 7 n/b
Atá ag Freagairt don Éileamh 56 28
Sealadach 2 n/b

A luaithe a thabharfar breith, cuirfear in iúl í don iarratasóir i scríbhinn.

Féadfaidh an t-iarratasóir ansin:

  • Glacadh leis an mbreith.  Ní mór é sin a dhéanamh i scríbhinn tráth nach déanaí ná 21 lá tar éis an dáta ar ar cuireadh an bhreith in iúl dó/di.
  • Achomharc a dhéanamh i gcoinne na breithe.  Ní mór é sin a dhéanamh i scríbhinn tráth nach déanaí ná 21 lá tar éis an dáta ar ar cuireadh an bhreith in iúl dó/di. Féach an rannán Achomharc a dhéanamh i gcoinne Breithe chun tuilleadh faisnéise a fháil.

I gcás go nglacfaidh iarratasóir leis an tairiscint, ní mór dó/di aon doiciméid amuigh agus/nó aon íocaíochtaí amuigh a sholáthar laistigh de shé seachtaine tar éis an dáta ar ar cuireadh an bhreith in iúl dó/di.  Tabharfar eolas don iarratasóir faoi aon doiciméid amuigh agus/nó faoi aon íocaíochtaí amuigh a theastaíonn.

Is féidir go n-áireofar leo sin:

  • Cóip de Cheadúnas Comhphobail/Cheadúnais Chomhphobail nó de Cheadúnas/Cheadúnais Oibritheora Iompair Paisinéirí, lena n-áirítear na busanna uile atá beartaithe le húsáid ar an tseirbhís atá beartaithe.
  • Cóip de dheimhniú árachais bailí le haghaidh an tseirbhís cheadúnaithe/na seirbhísí ceadúnaithe a sholáthar.
  • Cóip de cheadúnas/cheadúnais Feithicle Seirbhíse Poiblí bailí do na feithiclí uile.
  • Cóip de cheadú ón Údarás Áitiúil iomchuí nó ón úinéir talún iomchuí (i gcás maoine príobháidí) le haghaidh na stadanna bus beartaithe ar an mbealach.
  • An táille chuí le haghaidh an cheadúnais/na gceadúnas.
  • Sonraí lena ndeimhnítear toilleadh na bhfeithiclí atá le húsáid.
  • Sonraí lena ndeimhnítear stádas inrochtaineachta na bhfeithiclí atá beartaithe le haghaidh na seirbhíse.
  • Sonraí faoi aon socruithe fochonraitheoireachta atá beartaithe.
  • Sonraí faoi libhré na mbusanna atá beartaithe le húsáid ar an tseirbhís.
  • Aon fhaisnéis ábhartha eile a iarrtar.
  • Cóip den Deimhniú Ródacmhainneachta do na feithiclí uile atá beartaithe le haghaidh an tseirbhís a oibriú.

Aon doiciméid a dteastaíonn comhaontú tríú páirtí ina leith, ní mór iad a bheith fíoraithe ag an tríú páirtí, bíodh sé trí chur isteach na cóipe crua bunaidh den doiciméad nó trí ríomhphost díreach ón tríú páirtí chuig an Údarás. Ní ghlacfar le ríomhphost a sheolfar ar aghaidh ón tríú páirtí ná le fótachóip den doiciméad bunaidh.

I gcás nach gcomhlíonfaidh iarratasóir na ceanglais atá leagtha amach thuas faoin spriocdháta sonraithe, cuirfear deireadh leis an tairiscint shealadach agus cuirfidh an tÚdarás in iúl don iarratasóir nach mbreithneofar an t-iarratas tuilleadh.

Féadfaidh iarratasóir a iarraidh go bhfadófaí an dáta deiridh le haghaidh doiciméid a chur isteach (mar shampla, moilleanna ar cheadú le haghaidh stad a fháil). Ní mór iarraidh den sórt sin a dhéanamh roimh an dáta deiridh le haghaidh cur isteach agus féadfaidh an tÚdarás í a dheonú ina hiomláine, í a cheadú le modhnuithe nó diúltú di.

Cén uair a fhéadfaidh mé tosú?

I gcás go ndéanfar iarratas ar cheadúnas nó ar leasú, ní mór duit fanacht go dtí go ndeonóidh an tÚdarás an ceadúnas nó an leasú ar cheadúnas sula bhféadfaidh tú tosú.

Maidir le hiarratas ar cheadúnas nua nó iarratas ar cheadúnas atá ann cheana a leasú a bheith ann, thabharfar leo aon chearta chun an tseirbhís bus phoiblí do phaisinéirí a sholáthar le linn iad a bheith faoi athbhreithniú ag an Údarás. Bheadh sé sin ina shárú ar an Acht um Rialáil Iompair Phoiblí 2009.

Is é sin le rá i bhfocail eile, ní fhéadfaidh tú seirbhís bus phoiblí do phaisinéirí a thosú ná an tseirbhís cheadúnaithe a sholáthraíonn tú cheana féin a athrú gan ceadúnas a bheith á eisiúint ag an Údarás.

Féach na Treoirlínte ón Údarás maidir le Seirbhísí Bus Poiblí do Phaisinéirí a Cheadúnú agus an Treoir Achomair maidir le Seirbhísí Bus Poiblí do Phaisinéirí le haghaidh tuilleadh faisnéise.