Ceadúnas atá ann cheana a Leasú

Má tá ceadúnas chun seirbhís bus phoiblí do phaisinéirí a sholáthar agat cheana féin, ní mór duit iarratas a dhéanamh ar an gceadúnas a leasú sula bhféadfar aon athruithe ar an tseirbhís a chur chun feidhme.

Áirítear leo sin aon stadanna a chur leis nó a bhaint, nó aon athruithe ar an mbealach.

Le linn dó breithniú a dhéanamh ar iarratas ar cheadúnas a dheonú nó a leasú, cuireann an tÚdarás roinnt critéar san áireamh faoin Acht um Rialáil Iompair Phoiblí 2009 agus faoi na Treoirlínte maidir le Seirbhísí Bus Poiblí do Phaisinéirí a Cheadúnú arna ndéanamh faoina bhun (de réir an dlí). Féach Rannán 5 de na Treoirlínte le haghaidh tuilleadh sonraí.

Molaimid duit eolas a chur ar na critéir sin chun go mbeidh tú in ann an t-iarratas uait a chur i láthair ar an mbealach is fearr is féidir.

Tabhair a oiread faisnéise mionsonraithe is féidir faoin tseirbhís atá sé beartaithe agat a sholáthar. Mar shampla:

  • An margadh a bhfreastalóidh sí air
  • Conas a chruthóidh sí breisluach d’úsáideoirí iompair phoiblí
  • Aon fhaisnéis atá agat maidir leis an líon paisinéirí féideartha.
  • Chun a thaispeáint go bhfuil éileamh ann ar an tseirbhís atá beartaithe agat, ba cheart duit aon doiciméid a thacaíonn leis an iarratas uait a chur ar áireamh, lena n-áirítear ceistneoirí paisinéirí, fianaise ar bhuíonta nua nó méadaitheacha paisinéirí (gnóthais, ollscoileanna, ionaid siopadóireachta, eastáit tithíochta) feadh an bhealaigh atá beartaithe, agus iarrataí ó ghnóthais áitiúla
  • Conas atá sí difriúil le seirbhísí iompair phoiblí atá ann cheana
  • Faisnéis faoi inrochtaineacht d’fheithicle/d’fheithiclí nó do sheirbhísí do dhaoine faoi mhíchumas

Roimh duit iarratas a dhéanamh, beidh na nithe seo ag teastáil uait:

  • Cruthúnas ar do Stádas Imréitigh Cánach ó na Coimisinéirí Ioncaim
  • Ceadúnas Oibritheora Iompair Paisinéirí de Bhóthar atá bailí nó Ceadúnas Comhphobail Eorpaigh bailí, a n-eisíonn an Roinn Iompair an dá cheann díobh

 

Chun gurb iomlán agus bailí atá an t-iarratas ar cheadúnas chun seirbhís bus phoiblí do phaisinéirí a sholáthar a leasú, ní mór duit na nithe seo a sholáthar:

  • Foirm chomhlánaithe ar leasú ón Údarás Náisiúnta Iompair
  • An táille chuí ar leasú
  • Amchlár iomlán le haghaidh na seirbhíse atá beartaithe
  • Tábla táillí iomlán
  • Uimhir fíorúcháin chun do stádas imréitigh cánach a thaispeáint
  • Léarscáil iomlán den bhealach atá beartaithe (má tá an bealach á athrú)
  • Léarscáileanna ina léirítear gach stad aonair nua, má tá stadanna nua á n-iarraidh. Más stadanna de chuid Bhus Átha Cliath nó Bhus Éireann iad, luaigh uimhir an stad, más ann, ar an amchlár.

D’fhéadfá ceann ar bith de na doiciméid seo a leanas a chur ar áireamh freisin.

Géarófar go mór ar luas an phróisis má chuirtear ar áireamh iad ag céim an iarratais. Má thairgtear an ceadúnas, is féidir go n-éileofar iad níos moille sa phróiseas i gcás nach gcuirfear isteach iad.

  • Ceadú le haghaidh an stad ón úinéir talún nó ón údarás bóithre lena mbaineann. Baineann sé sin le gach stad ag a dtéann paisinéirí ar bhord an bhus nó ag a dtuirlingíonn siad de
  • Cóip de dheimhniú Árachais bailí do na feithiclí uile atá beartaithe le haghaidh an tseirbhís a oibriú
  • Cóip de cheadúnas Feithicle Seirbhíse Poiblí bailí do na feithiclí uile atá beartaithe le haghaidh an tseirbhís a oibriú
  • Cur síos ar libhré na feithicle (is leor pictiúr)
  • Cóip den Deimhniú Ródacmhainneachta do na feithiclí uile atá beartaithe le haghaidh an tseirbhís a oibriú.
Cén uair a fhéadfaidh mé tosú?

I gcás go ndéanfar iarratas ar cheadúnas nó ar leasú, ní mór duit fanacht go dtí go ndeonóidh an tÚdarás an ceadúnas nó an leasú ar cheadúnas sula bhféadfaidh tú tosú.

Maidir leis an iarratas ar an gceadúnas nua nó leis an iarratas ar cheadúnas atá ann cheana a leasú, ní dheonófar leo aon chearta chun an tseirbhís bus phoiblí do phaisinéirí a sholáthar le linn iad a bheith faoi athbhreithniú ag an Údarás.

Bheadh sé sin ina shárú ar an Acht um Rialáil Iompair Phoiblí 2009.

Is é sin le rá i bhfocail eile, ní fhéadfaidh tú seirbhís bus phoiblí do phaisinéirí a thosú ná an tseirbhís cheadúnaithe a sholáthraíonn tú cheana féin a athrú gan ceadúnas a bheith á dheonú ag an Údarás.

Má thairgtear ceadúnas, beidh ort fós roinnt doiciméad a sholáthar sula bhféadfaidh tú tosú.

Ní hionann tairiscint agus ceadúnas.

Is féidir nach ionann an rud a thairgeann an tÚdarás duit agus an rud a ndearna tú iarratas air. Míneofar é sin duit ag an gcéim seo, mar shampla amchlár tairgthe. Ní mór an glacadh le ceadúnas a dhéanamh i scríbhinn. Níl i gceist le tairiscint ach tásc agus níl sí ina ceangal dlí, toisc go mbíonn deonú aon cheadúnais ag brath ar aon doiciméid agus/nó íocaíochtaí amuigh. Cuirfear an fhaisnéis sin in iúl d’iarratasóirí.

Féach na Treoirlínte ón Údarás maidir le Seirbhísí Bus Poiblí do Phaisinéirí a Cheadúnú agus an Treoir Achomair maidir le Seirbhísí Bus Poiblí do Phaisinéirí le haghaidh tuilleadh faisnéise.

Is féidir amharc ar an bhFoirm Iarratais agus í a íoslódáil anseo.