Táillí

An 1 Eanáir 2019, athraíodh na táillí is infheidhme maidir le Ceadúnais chun Seirbhísí Bus Poiblí do Phaisinéirí a sholáthar.

Is nasctha anois leis an líon seirbhísí a sholáthraítear atá na táillí is infheidhme maidir le hiarratais ar cheadúnais.

Bandaí Táillí:

An líon seirbhísí in aghaidh na bliana:
Banda A 1-624
Banda B 625-3,000
Banda C > 3,001

Conas an Banda Táillí a ríomh

Ríomhtar an líon seirbhísí in aghaidh na bliana mar a leanas:

  • is ionann seirbhís amach agus seirbhís amháin; is ionann seirbhís amach agus fillte agus dhá sheirbhís (feithicil amháin ar a mhéad a bheith á húsáid chun an tseirbhís a sholáthar)
    • i gcás go n-oibreoidh seirbhís cuid den bhealach foriomlán nó leagan mearsheirbhíse den bhealach, áireofar iad mar sheirbhís amháin.
  • i gcás go mbeidh seirbhísí forlíontacha ceadúnaithe ag an tseirbhís, áireofar iad mar 0.5 de sheirbhís (chun a chur san áireamh go bhféadfadh nach n-oibreodh siad).
  • i gcás nach n-oibreoidh seirbhís ach ar feadh an téarma coláiste, áireofar an tseirbhís a bheith ag oibriú ar feadh 35 seachtaine sa bhliain, chun laethanta saoire coláiste, sosanna agus an mhinicíocht níos ísle a theastaíonn le haghaidh scrúduithe, i measc nithe eile, a chur san áireamh.

Táillí de réir catagóir ceadúnais:

Ceadúnas Seirbhísí Rialta Banda A Banda B Banda C
Iarratas €100 €100 €100
Eisiúint Ceadúnais €200 €400 €800
Leasú €50 €100 €200
Aistriú €50 €100 €200
Táille Athnuachana €300 €500 €900
Ceadúnas Seirbhísí Spriocdhírithe Sonracha Banda A Banda B Banda C
Iarratas €100 €100 €100
Eisiúint Ceadúnais €200 €400 €800
Leasú €50 €100 €200
Aistriú €50 €100 €200
Táille Athnuachana €300 €500 €900

 

Ceadúnais atá Sonrach don Ócáid / don Ionad Banda A Banda B Banda C
Iarratas €50 €50 €50
Eisiúint Ceadúnais 0 0 0
Ceadúnas Seirbhísí Sealadacha Banda A Banda B Banda C
Iarratas €100 €100 €100
Eisiúint Ceadúnais 0 0 0

 

Ceadúnas Seirbhísí atá ag Freagairt don Éileamh Banda A Banda B Banda C
Iarratas €100 €100 €100
Eisiúint Ceadúnais €200 €400 €800
Leasú €50 €100 €200
Aistriú €50 €100 €200
Táille Athnuachana €300 €500 €900

 

Táillí ar Údaruithe Idirnáisiúnta:

Iarratas Nua / Athnuachan Údaraithe Idirnáisiúnta atá ann cheana
Táille Iarratais Bhunúsaigh 35.55
Táillí breise: le híoc i leith gach tíre a bhfuil sé beartaithe iad a thrasnú san iompar in iarratas den sórt sin
bhaineann sé sin le hábhar i gcás taisteal chuig an Ríocht Aontaithe amháin (Tuaisceart Éireann san áireamh)
3.81

 

Táillí nach mbeidh le híoc ach amháin i gcás go nDeonófar Údarú Idirnáisiúnta
Ar Údarú Idirnáisiúnta a dheonú 10.16
Le híoc as gach bliain, nó aon chuid di, atá an tÚdarú Idirnáisiúnta bailí (cúig bliana ar a mhéad: €82.55) 16.51
in aghaidh na bliana
Gach cóip dhílis dheimhnithe 2.54

 

Iarratas ar Údarú Idirnáisiúnta atá ann cheana agus iarratas ar athrú ar Údarú Idirnáisiúnta atá ann cheana a dheonú
Iarratas ar Údarú Idirnáisiúnta atá ann cheana agus iarratas ar athrú ar Údarú Idirnáisiúnta atá ann cheana a dheonú 16.51
Gach cóip dhílis dheimhnithe 2.54

Modhanna Íocaíochta:

Is féidir íocaíocht a dhéanamh ach seic nó ordú poist atá déanta amach leis an Údarás Náisiúnta Iompair a sheoladh chuig an seoladh seo:

An tÚdarás Náisiúnta Iompair
An Rannóg um Rialáil Iompair Phoiblí
Dún Scéine
Cúirt Uíbh Eachach
Lána Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
D02 WT20

Más mian leat íocaíocht a dhéanamh ach Ríomhaistriú Airgid (RAA) a úsáid, is mar a leanas atá na sonraí a theastaíonn:

Ainm an Chuntais: An tÚdarás Náisiúnta Iompair – Ioncam Ceadúnú Bus
Uimh. Chuntais: 22535803
Cód Sórtála: 93-10-12
IBAN: IE24 AIBK 9310 1222 5358 03
Cód Swift: AIB KIE 2D

Nuair atá íocaíochtaí RAA á ndéanamh acu leis an gcuntas bainc Ceadúnú Bus de chuid an Údaráis Náisiúnta Iompair, ní mór d’iarratasóirí a n-ainm nó tagairt in-sainaitheanta a lua agus an tagairt sin a sheoladh le ríomhphost chuig buslicensing@nationaltransport.ie

Ní féidir leis an Údarás glacadh le haon íocaíochtaí airgid thirim.