Ceanglais Fruilchairr

Sracfhéachaint ar fhruilcharranna
Méid agus Oiriúnacht Seiceáil an nglactar nó nach nglactar leis an bhfeithicil ar an Liosta Feithiclí Oiriúnacha, féach an leathanach Foirmeacha agus Treoracha le haghaidh dhéanamh, mhúnla, stíl chabhlach agus bhliain na feithicle agus tabhair ar aird aon srianta maidir leis an líon áiteanna do phaisinéirí (is féidir nach gceadúnófar gach suíochán).
Doirse Éilítear ceithre dhoras.
Imir Ghloine Ní cheadaítear gloine dhorcha, seachas taobh thiar den phaisinéir. Fágann sé sin dáiríre nach gceadaítear gloine phríobháideachta ach amháin sa scáileán cúil don chuid is mó de shalúin, fiú i gcás go soláthrófar í go caighdeánach ón monaróir. Féach an Lámhleabhar Cigireachta ar Oiriúnacht Tosaigh chun a fháil amach conas is féidir é sin a sheiceáil.
Feithiclí modhnaithe I gcás nach mbeidh na suíocháin ina suíocháin bhunaidh, éileofar an Tuarascáil Iomlán ón Measúnóir Teicniúil agus sonraí tástála infheithicle tacaíochta. Féach an treoir maidir leis an Tuarascáil Iomlán ón Measúnóir Teicniúil.

Tabhair faoi deara go bhfuil méid mór ceanglas mionsonraithe ag gabháil le haon fheithicil neamhchaighdeánach agus tá an baol ann nach mbeidh tú in ann an fheithicil a cheadúnú choíche mura mbíonn an cruthúnas ar fad a theastaíonn agat. Tabhair faoi deara: ní mór gach Tuarascáil ón Measúnóir Teicniúil a bheith níos lú ná 60 lá d’aois.

Tiontuithe GPL Glactar le GPL ach éilítear an Tuarascáil shimplí LPG ón Measúnóir Teicniúil.
Aois Faoi bhun 10 mbliana d’aois, arna ríomh ó dháta an chéad chlárúcháin, beag beann ar cén áit ar cláraíodh an fheithicil ar dtús. Féach bosca “B” sa Deimhniú Clárúcháin Feithicle nó féach bosca “I” nó bosca “B” má tá bosca “B” folamh. Féach na Rialacha Aoise

Ceanglais:

Méid na feithicle
Ní mór limistéar bagáiste arb ionann é agus 420 lítear ar a laghad agus atá daingnithe ag sciath nó ag cumhdach, lena n-áirítear spás do chathaoir rothaí fillte, a bheith ag an bhfeithicil. Ní mór é a bheith ar fáil le haghaidh bagáiste.
Ní mór nach mbeidh aon mhíreanna neamhdhaingnithe eile ann agus nach mbeidh sé salach ná tais. Féadfar ceanglas an toillte bagáiste a laghdú i gcás feithiclí áirithe, amhail feithiclí leictreacha nó hibrideacha, agus níl feidhm aige maidir le feithiclí atá bainteach le ceadúnais fruilchairr limistéir áitiúil.

Chuir an tÚdarás Náisiúnta Iompair liosta feithiclí le chéile, ar liosta é atá miondealaithe de réir déanaimh agus múnla agus ina léirítear cé acu a chomhlíonfaidh nó nach gcomhlíonfaidh feithicil na ceanglais mhéide. Tugtar an ‘Liosta Feithiclí Oiriúnacha’ ar an liosta sin. Sula gceannaíonn tú aon fheithicil lena húsáid mar thacsaí nó mar fhruilcharr, ba cheart duit an Liosta Feithiclí Oiriúnacha agus an Lámhleabhar Cigireachta ar Oiriúnacht Tosaigh a léamh chun a bheith deimhin de gurb oiriúnach atá an fheithicil. Mura bhfuil aon fhaisnéis ann faoin bhfeithicil a bhfuil tú ag smaoineamh uirthi, nó más neamhiomlán atá an iontráil sa Liosta Feithiclí Oiriúnacha, ba cheart duit glao a chur ar an Líne Faisnéise ag 076 1064 000.

Fuinneoga
Ní mór a bheith in ann 70 faoin gcéad ar a laghad de sholas infheicthe a tharchur tríd an ngaothscáth tosaigh. Féadfaidh an gaothscáth banda níos dorcha nach mó ná 125 mm ar doimhneacht a bheith aige ag an mbarr.
Ní mór gach fuinneog (taoibh) paisinéara a bheith glan agus inoibrithe go réidh.

Chun go bhféadfar feithicil a úsáid mar fhruilcharr (caighdeánach agus oiriúnach do chathaoir rothaí), ní mór a bheith in ann 70 faoin gcéad ar a laghad de sholas infheicthe a tharchur trí na fuinneoga taoibh in aice na bpaisinéirí. Fágann sé sin dáiríre nach bhféadfaidh ach an ghloine taobh thiar den limistéar paisinéirí bheith níos dorcha. Seiceáil an uimhir ceadaithe ar an ngloine. Más ann d’uimhir Rómhánach V in aice na huimhreach ceadaithe Eorpaí, is ródhorcha atá an ghloine agus ní éireoidh léi sa Chigireacht ar Oiriúnacht Tosaigh.

Díon
Ní mór díon docht buan a bheith ag feithiclí le haghaidh ceadúnais fruilchairr (caighdeánach agus oiriúnach do chathaoir rothaí). Ceadaítear díon gréine atá feistithe go cuí.

Suíocháin

Sonraítear go beacht toisí íosta na suíochán paisinéirí, a n-airde ón urlár agus an fad eatarthu – féach an Lámhleabhar Cigireachta ar Oiriúnacht Tosaigh chun tuilleadh sonraí a fháil.

Ní cheadaítear suíocháin a bhfuil a n-aghaidh i dtreo an taoibh.

Ní mór suíocháin, ancaireachtaí suíocháin, meicníochtaí suíocháin, ceannbhaic, criosanna tarrthála agus ancaireachtaí creasa a bheith ag comhlíonadh na gcaighdeán iomchuí agus na rialachán iomchuí a leagtar amach sa Lámhleabhar Cigireachta ar Oiriúnacht Tosaigh.

Glaineacht
Ní mór bail mhaith ghlan a bheith ar an bhfeithicil. Ní mór na suíocháin a bheith cumhdaithe go cuí agus glan agus ní mór bail shláinteach a bheith orthu. Ní mór an phéint sheachtrach a bheith comhsheasmhach. Ní mór nach mbeidh deisiúcháin phéinte ná deisiúcháin chabhalra á ndéanamh ar an bhfeithicil.

Soilse inmheánacha
Ní mór na soilse inmheánacha caighdeánacha a bheith inoibrithe.

Rialú teochta
Ní mór an fheithicil a bheith in ann teocht urrann phaisinéirí 20° C a choinneáil ar bun agus an teocht lasmuigh cothrom le -5° C.

Túsbharraí cosanta
Is é is túsbharra cosanta ann ná tuairteoir breise nó struchtúr leithleach comhchosúil ar aghaidh na feithicle. I gcás go bhfeisteofar trealamh den sórt sin, ní mór é a bheith ag comhlíonadh Rialachán (CE) Uimh. 78/2009/CE.