Ceanglais le haghaidh Feithiclí atá Oiriúnach do Chathaoir Rothaí

Sracfhéachaint ar fheithiclí atá oiriúnach do chathaoir rothaí
Méid agus Oiriúnacht Ní mór an fheithicil a bheith in ann freastal ar an tiománaí móide duine atá ag taisteal i gcathaoir rothaí móide paisinéir aosach amháin eile ar a laghad agus, i gcás nach mbeidh sí ag iompar duine i gcathaoir rothaí, ní mór an fheithicil a bheith in ann triúr paisinéirí móide an tiománaí a iompar. Tá toisí íosta sonracha ann don spás cathaoir rothaí: fad 1,200 mm agus spás cloiginn 1,350 mm.
Doirse Is riachtanas é rochtain do dhuine atá ina shuí/suí i gcathaoir rothaí, mar aon le hoscailt gan bhac atá 745 mm ar leithead agus 1,250 mm ar airde. Féadfaidh doras den sórt sin a bheith ar an neastaobh nó ar an gcúl, áit a bhfuil doras cúil inghlactha mar phointe iontrála atá oiriúnach do chathaoir rothaí e.g. an stíl feithicle “urláir thite” a bhfuil an-tóir uirthi.
Saintrealamh cathaoir rothaí Áirítear leo sin, mar shampla, rampa nó ardaitheoir, céim sheachtrach rochtana, greamáin inmheánacha, srianta ceadaithe don chathair rothaí agus crios tarrthála don phaisinéir atá ag taisteal sa chathaoir rothaí. Teastóidh ó gach feithicil inrochtana an Tuarascáil Iomlán ón Measúnóir Teicniúil agus sonraí tástála infheithicle tacaíochta. Féach an treoir maidir leis an Tuarascáil Iomlán ón Measúnóir Teicniúil. Tabhair faoi deara: Ní mór gach Tuarascáil ón Measúnóir Teicniúil a bheith níos lú ná 60 lá d’aois. Is scriosach atá na tástálacha nirt infheithicle agus ní féidir iad a dhéanamh go cúlghabhálach. Ní mór iad a bheith bainteach leis an aon chineál scealla cabhlach/dearaidh thiontúcháin agus ní mór iad a bheith taifeadta agus deimhnithe go cuí. I gcás go dtiontófar feithicil mhór ach córas urláir struchtúrach a úsáid, is gnách gur le monaróir an chórais an cruthúnas agus nach le suiteálaí an urláir é. Tabhair faoi deara go bhfuil méid mór ceanglas mionsonraithe ag gabháil leis seo agus tá an baol ann nach mbeidh tú in ann an fheithicil a cheadúnú choíche mura mbíonn an cruthúnas ar fad a theastaíonn agat.
Imir Ghloine Ní cheadaítear gloine dhorcha, seachas taobh thiar den phaisinéir. Fágann sé sin dáiríre nach gceadaítear gloine phríobháideachta ach amháin sa doras cúil, fiú i gcás go soláthrófar í go caighdeánach ón monaróir. Féach an Lámhleabhar Cigireachta ar Oiriúnacht Tosaigh chun a fháil amach conas is féidir é sin a sheiceáil.
Aois Faoi bhun 6 bliana d’aois i gcás ceadúnas nua agus faoi bhun 10 mbliana d’aois i gcás Athrú Feithicle, arna ríomh ó dháta an chéad chlárúcháin, beag beann ar cén áit ar cláraíodh an fheithicil ar dtús. Féach bosca “B” sa Deimhniú Clárúcháin Feithicle nó féach bosca “I” nó bosca “B” má tá bosca “B” folamh. Féach na Rialacha Aoise

Ceanglais:

Ní mór tacsaithe atá oiriúnach do chathaoir rothaí agus fruilchairr atá oiriúnach do chathaoir rothaí a bheith tógtha agus tiontaithe go sonrach chun freastal ar dhuine amháin ar a laghad atá ina shuí/suí i gcathaoir rothaí agus ar phaisinéir aosach amháin eile ar a laghad. I gcás nach n-iomprófar aon chathaoir rothaí, ní mór an fheithicil a bheith in ann freastal ar thriúr paisinéirí aosacha.

Ní mór feithiclí atá oiriúnach do chathaoir rothaí saintrealamh a bheith acu freisin, lena n-áirítear:

  • Rampaí nó ardaitheoirí do chathaoir rothaí
  • Srianta ceadaithe do chathaoireacha rothaí agus do phaisinéirí atá ag taisteal i gcathaoireacha rothaí
  • An comhartha inrochtaineachta a aithnítear go hidirnáisiúnta ar an gcomhartha dín (tacsaí atá oiriúnach do chathaoir rothaí) nó ar an doras (fruilcharr atá oiriúnach do chathaoir rothaí)

Ceanglais oiriúnachta le haghaidh feithiclí atá oiriúnach do chathaoir rothaí
Tugtar achoimre ar na ceanglais le haghaidh feithiclí atá oiriúnach do chathaoir rothaí i dTreoir Faisnéise G9.

Is feithiclí ‘modhnaithe’ go bunúsach iad gach feithicil atá oiriúnach do chathaoir rothaí, agus teastaíonn deimhniú foirmiúil i leith na n-athruithe struchtúracha. Ní eisítear ceadúnais ach d’fheithiclí a chomhlíonann na caighdeáin a mhínítear sa Lámhleabhar Cigireachta ar Oiriúnacht Tosaigh ón Údarás Náisiúnta Iompair. Ní mór na caighdeáin a bheith deimhnithe ag Measúnóir Teicniúil cáilithe, ar duine é/í nach mór dó/di Tuarascáil Iomlán ón Measúnóir Teicniúil a chomhlánú chun a dheimhniú go gcomhlíonann an fheithicil na caighdeáin riachtanacha. Le linn dó/di an measúnú a dhéanamh, tomhaisfidh an Measúnóir Teicniúil roinnt míreanna, agus beidh sé/sí ag brath ar shonraí tástála foirmiúla arna soláthar ag monaróir na feithicle, ag tiontaire na feithicle, ag an soláthraí comhpháirteanna nó ag an suiteálaí comhpháirteanna i gcás roinnt míreanna eile.
Ní mór an Tuarascáil Iomlán ón Measúnóir Teicniúil a bheith dátaithe tráth nach mó ná 60 lá roimh dháta na Cigireachta ar Oiriúnacht Tosaigh. Measúnóir Teicniúil

Sula gceannaíonn tú feithicil lena húsáid mar bheagfheithicil seirbhíse poiblí atá oiriúnach do chathaoir rothaí, ba cheart duit a sheiceáil go gcomhlíonann an fheithicil na caighdeáin sin agus gur féidir le Measúnóir Teicniúil cáilithe é sin a dheimhniú. Ní mór duit roinnt míreanna doiciméadúcháin ó mhonaróir na feithicle nó ó thiontaire na feithicle a fháil chun tacú leis an iarratas uait. Teastóidh uait deimhniú ón monaróir le haghaidh aon suíochán a cuireadh leis nó a oiriúnaíodh, agus teastóidh uait tuarascálacha tástála nó ceaduithe cineáil le haghaidh nirt infheithicle na suíochán sin, le haghaidh ancaireachtaí ceangail síos na cathaoireach rothaí agus le haghaidh na n-ancaireachtaí creasa tarrthála don phaisinéir atá ag taisteal sa chathaoir rothaí. Ní bheidh an Measúnóir Teicniúil in ann an fheithicil a dheimhniú mura mbíonn na doiciméid sin aige/aici. Tábhachtach: ní féidir na tástálacha nirt infheithicle a dhéanamh go cúlghabhálach.

Maidir leis an Measúnóir Teicniúil a dhéanann feithicil atá oiriúnach do chathaoir rothaí a scrúdú agus a dheimhniú, ní mór dó/di:

  • Cáilíocht innealtóireachta a bheith aige/aici (Leibhéal 7 nó níos airde ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí), tar éis do chúrsa staidéir atá creidiúnaithe ag Innealtóirí Éireann* a dhéanamh, nó bheith creidiúnaithe ag Innealtóirí Éireann mar Innealtóir Cairte nó Innealtóir Comhlach,
  • a bheith ina Bhall/Ball nó ina Bhall/Ball Corpraithe d’Institiúid na Measúnóirí Innealtóireachta Uathghluaisní
  • Taithí cúig bliana ar a laghad a bheith aige/aici ar obair i dtimpeallacht theicniúil oiriúnach (b’fhearr timpeallacht uathghluaisneach nó innealtóireachta)
  • Rochtain a bheith aige/aici ar áiseanna leordhóthanacha chun scrúdú críochnúil a dhéanamh ar fheithicil, agus
  • Árachas slánaíochta gairmiúla cuí a bheith aige/aici