Iarratas a Dhéanamh ar Cheadúnas Feithicle Beagfheithiclí Seirbhíse Poiblí (BFSP)

Sracfhéachaint ar iarratas a dhéanamh ar cheadúnais bheagfheithiclí seirbhíse poiblí
Catagóir Ceadúnais Forbhreathnú (líon nach mó ná ochtar paisinéirí) Aois* Brandáil Táille cheadúnais Táille na Cigireachta ar Oiriúnacht Tosaigh
Tacsaí atá Oiriúnach do Chathaoir Rothaí Freastal ar dhuine amháin ar a laghad atá ina shuí/suí i gcathaoir rothaí agus ar phaisinéir aosach amháin eile ar a laghad nó ar thriúr paisinéirí aosacha nach bhfuil cathaoir rothaí áitithe acu Faoi bhun 6 bliana Is ea €125 €45
Fruilcharr atá Oiriúnach do Chathaoir Rothaí Freastal ar dhuine amháin ar a laghad atá ina shuí/suí i gcathaoir rothaí agus ar phaisinéir aosach amháin eile ar a laghad nó ar thriúr paisinéirí aosacha nach bhfuil cathaoir rothaí áitithe acu Faoi bhun 6 bliana Ní hea €125 €45
Limisín Ócáidí searmanais agus gradaim – féach an Treoir maidir le Feithiclí Limisín a Roghnú Ceann ar bith Ní hea €1,000 €45
Fruilcharr Limistéir Áitiúil Tá sé beartaithe chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh iompair nach dtabharfaí aghaidh orthu ar shlí eile i limistéir thuaithe áirithe. Féach liosta d’fheithiclí oiriúnacha anseo. Faoi bhun 10 mbliana Ní hea €50  –

Ceanglais ar Iarratasóirí:

Ní dheonaítear ceadúnais feithicle BFSP ach amháin do dhaoine:

  1. A bhfuil a ngnóthaí cánach cothrom le dáta

Tá cúig chéim i gceist le ceadúnas BFSP a fháil

Céim 1 – An Fheithicil Cheart a Fháil
Déan cinnte de go roghnaíonn tú feithicil oiriúnach ródacmhainneach. Léigh ár Liosta Feithiclí Oiriúnacha, ár dTreoir maidir le Feithiclí Limisín a Roghnú, ár mBileog Faisnéise maidir le hAois Beagfheithiclí Seirbhíse Poiblí, agus ár Lámhleabhar Cigireachta ar Oiriúnacht Tosaigh ar an rannán Foirmeacha agus Treoracha chun cabhrú leat feithicil a roghnú. Ní fhéadfar ceadúnas feithicle a eisiúint ach amháin chuig úinéir cláraithe na feithicle nó chuig duine a bhfuil teidlíocht dhlíthiúil aige/aici ar shlí eile le haghaidh an fheithicil a úsáid agus a shealbhú (amhail faoi chomhaontú léasa nó faoi chomhaontú fruilcheannaigh).

Céim 2 – D’iarratas a Dhéanamh
Comhlánaigh an t-iarratas ar cheadúnas BFSP, rud is féidir a íoslódáil ónár rannán Foirmeacha agus Treoracha. Cuimhnigh nach ionann Tairiscint Choinníollach agus ceadúnas chun an fheithicil a oibriú mar bheagfheithicil seirbhíse poiblí.
Maidir le hiarratas a bhaineann le feithicil atá oiriúnach do chathaoir rothaí nó le ceadúnas limisín a bhaineann le feithicil mhodhnaithe, ní mór cóip den Tuarascáil Iomlán ón Measúnóir Teicniúil agus sonraí tástála tacaíochta a bheith ag gabháil leis.
I gcás go gceadófar an t-iarratas, seolfaidh an tÚdarás litir Tairisceana Coinníollaí chugat. I gcás tacsaithe, teastaíonn an uimhir cheadúnais shealadaigh ar an litir sin le haghaidh an tacsaiméadar a ríomhchlárú agus an comhartha dín agus an bhrandáil tacsaí a ghabhann léi a cheannach. Baineann an Tairiscint Choinníollach go sonrach leis an bhfeithicil a aithnítear san iarratas agus tá sí bailí ar feadh tréimhse 90 lá, ar lena linn nach mór duit na céimeanna eile den phróiseas ceadúnúcháin a chur i gcrích.

Tabhair faoi deara: Ní hionann an Tairiscint Choinníollach agus ceadúnas chun feithicil a oibriú mar bheagfheithicil seirbhíse poiblí.

Céim 3 – An fheithicil a threalmhú de réir na Rialachán um Beagfheithiclí Seirbhíse Poiblí
Is ceanglas é an trealamh sábháilteachta agus cumarsáide paisinéirí seo a leanas a bheith ag gach beagfheithicil seirbhíse poiblí i gcónaí: múchtóir dóiteáin, fearas garchabhrach, triantán réamhghuaise, tóirse, agus peann agus páipéar. Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin gceanglas thuas agus faoi nithe eile, léigh ár Lámhleabhar Cigireachta ar Oiriúnacht Tosaigh. Ní mór tacsaiméadar agus printéir atá suiteáilte agus calabraithe, comhartha dín oifigiúil agus an bhrandáil tacsaí cheadaithe a bheith ag tacsaithe.

Céim 4 – Ullmhú don Chigireacht ar Oiriúnacht Tosaigh
Is é an chéad chéim eile ná a chinntiú go bhfuil na doiciméid riachtanacha uile agat agus an Chigireacht ar Oiriúnacht Tosaigh ar an bhfeithicil a chur in áirithe.
Leagtar na critéir chigireachta amach sa Lámhleabhar Cigireachta ar Oiriúnacht Tosaigh.
Beidh na doiciméid seo a leanas ag teastáil uait chun an próiseas ceadúnúcháin a chur i gcrích:
Deimhniú bunaidh árachais in ainm cruinnlitrithe an tsealbhóra ceadúnais ionchasaigh, ina sonraítear gur clúdaithe lena húsáid mar bheagfheithicil seirbhíse poiblí atá an fheithicil
Deimhniú Tástála Náisiúnta Gluaisteán (TNG) don fheithicil atá sé beartaithe agat a cheadúnú, ar deimhniú é a eisíodh laistigh de 90 lá ó dháta do choinne cigireachta
Tuarascáil ón Measúnóir Teicniúil, má bhaineann

Céim 5 – An fheithicil a chur isteach le haghaidh a Cigireachta ar Oiriúnacht Tosaigh
Seiceálfar do stádas imréitigh cánach an athuair ar lá na cigireachta, agus seiceálfar do chlúdach árachais ach féachaint ar do dhiosca árachais agus ar do dheimhniú árachais. Cuir do Chigireacht ar Oiriúnacht Tosaigh in áirithe ach glao a chur ar an Líne Faisnéise Tionscail ag 0818 064 000. Ní mór don duine atá ag déanamh iarratas ar an gceadúnas an áirithint a dhéanamh. Cuirfear ceisteanna slándála ort chun d’aitheantas a dheimhniú. Léigh an Lámhleabhar Cigireachta ar Oiriúnacht Tosaigh sula rachaidh tú chuig do chigireacht agus tabhair na doiciméid uile ó chéim 4 leat.  Ní gá don sealbhóir ceadúnais bheith i láthair ag an gcigireacht ar an bhfeithicil.

Is cion coiriúil é oibriú gan ceadúnas feithicle reatha BFSP a bheith agat. Féadfar pionós atá suas le €5,000 a ghearradh as ciontú sa chion seo.