Beagfheithicil Seirbhíse Poiblí a Oibriú

Leis na Rialacháin um Beagfheithiclí Seirbhíse Poiblí (BFSP), ceadaítear do shealbhóir ceadúnais feithicle an fheithicil árachaithe a ligean ar cíos do dhuine eile. Maidir leis an duine atá ag ligean na feithicle ar cíos, ní mór gur leis/léi í nó ní mór dó/di bheith i dteideal í a úsáid agus ní mór an fheithicil a bheith ina sheilbh/seilbh, le linn dó/di a bheith ar shealbhóir an cheadúnais feithicle. Chomh maith leis sin, ní mór dó/di árachas cuí a bheith aige/aici ar feadh na tréimhse atá an fheithicil ar cíos.

Ní mór don duine atá ag soláthar na feithicle fógra a thabhairt don Údarás Náisiúnta Iompair (an tÚdarás) faoin bhfeithicil ar cíos ach úsáid a bhaint as córas ar líne an Údaráis nó glao a chur ar an Líne Faisnéise BFSP ag 0818 064 000. Ní mór dó/di sonraí a thabhairt don Údarás faoi thréimhse an tsocraithe, faoi uimhir cheadúnais tiománaithe BFSP an chíosaí agus faoi uimhir chlárúcháin na feithicle. Ní mór dó/di taifead a choinneáil den cheadúnas feithicle a bhaineann leis an gcomhaontú cíosa.

Dualgais ar shealbhóir an cheadúnais feithicle

Ní mór d’úinéir an cheadúnais feithicle na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • a chinntiú gur láncheadúnaithe chun an fheithicil a thiomáint mar bheagfheithicil seirbhíse poiblí atá an duine atá ag tiomáint
  • árachas cuí BFSP a sholáthar agus a choinneáil
  • taifead a choimeád d’ainm, seoladh agus uimhir theagmhála gach duine atá ag tiomáint na beagfheithicle seirbhíse poiblí agus dá sonraí ceadúnais tiománaithe BFSP
  • na taifid sin a choimeád agus iad a chur ar fáil lena n-iniúchadh ag an Údarás ach é a iarraidh

Toirmisctear sa dlí ceadúnas BFSP ina aonair a ligean ar cíos (gan an fheithicil). Is cion coiriúil é oibriú gan ceadúnas reatha BFSP a bheith agat. Féadfar pionós atá suas le €5,000 a ghearradh as ciontú coiriúil sa chion seo.

Ionaid tacsaithe

Tá freagracht ar údaráis áitiúla (i gcomhairle leis an nGarda Síochána) as láthair agus dearadh na n-ionad tacsaithe a phleanáil, as a méid agus a n-uaireanta oibre a chinneadh, as iad a thógáil agus a chothabháil, agus as a n-úsáid a bhainistiú. Tá ról an Údaráis ina leith sin teoranta do chomhairle, treoirlínte agus cistiú a thairiscint do na húdaráis áitiúla.

Agus ionad tacsaithe á úsáid agat, ní mór duit bheith ar an eolas faoi na nithe seo a leanas:

  • Ní mór tacsaithe atá ag seasamh ag ionad tacsaithe oifigiúil a bheith ar fáil le fruiliú
  • Níor cheart do thiománaithe an tacsaí a choinneáil gan aon duine ina bhun ag ionad tacsaithe
  • Tá sé de cheart ag custaiméirí chun an tacsaí a fhruilíonn siad a roghnú – ní gá dóibh an chéad tacsaí sa scuaine a fhruiliú
  • Féadfaidh custaiméir atá i gcóngar ionad tacsaithe tacsaí a stopadh agus a fhruiliú
  • Ní ceadmhach do fhruilcharranna agus do limisíní seasamh le fruiliú ag ionad tacsaithe
  • Ní gá do chustaiméirí aon mhuirear breise nó áirithinte a íoc as tacsaí a fhruiliú ó ionad tacsaithe
  • Tá freagracht ar an nGarda Síochána agus ar an Údarás Áitiúil as feithiclí príobháideacha a bhaint d’ionad tacsaithe.

Lánaí bus

Leis na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre, 1997, ceadaítear do thacsaithe sa ghnáthchúrsa gnó úsáid a bhaint as gnáthlánaí bus (comhghluaiseachta).

Ní fhéadfaidh tacsaí úsáid a bhaint as gnáthlána bus (comhghluaiseachta) ach amháin i gcás go mbeidh sé ag oibriú mar bheagfheithicil seirbhíse poiblí – mar shampla, paisinéir a iompar, a bheith ag taisteal chun custaiméir réamháirithinte a ghlacadh, nó bheith ar tairiscint le fruiliú. Níor cheart do thacsaithe úsáid a bhaint as lánaí bus i gcás nach mbeidh siad ag oibriú mar bheagfheithicil seirbhíse poiblí – mar shampla, a bheith ag tiomáint abhaile ag deireadh seala, a bheith ag taisteal ar ghnó pearsanta, nó gan ach earraí, agus ní paisinéirí, a iompar.

Ní cheadaítear do thacsaithe úsáid a bhaint as lánaí bus in aghaidh an tsrutha (ina dtaistealaíonn trácht i malairt treo ón trácht in aice leis) in imthosca ar bith.

Ní ceadmhach do fhruilcharranna ná do limisíní úsáid a bhaint as lánaí bus.