Comhlíonadh agus Forfheidhmiú

Tá an tÚdarás Náisiúnta Iompair (an tÚdarás) tiomanta do chomhlíonadh na reachtaíochta um beagfheithiclí seirbhíse poiblí (BFSP) a chinntiú chun sábháilteacht an phobail a áirithiú agus dá chinntiú nach mbeidh ar oibritheoirí gairmiúla dlisteanacha dul in iomaíocht le daoine eile atá ag oibriú ar chaighdeáin níos ísle, agus dá chinntiú go mbíonn muinín ag an bpobal i seirbhísí BFSP. Tá foireann oifigeach comhlíonta agus daoine údaraithe ag an Údarás, ar daoine iad a bhfuil sé de chumhacht acu gearáin nó tuairiscí ar neamhchomhlíonadh a imscrúdú i ngach gné den tionscal, lena n-áirítear caighdeáin feithicle, iompraíocht agus aitheantas tiománaithe, agus saincheisteanna a bhaineann le háirithintí agus le táillí. Tá sé de cheart ag an Údarás chun ionchúisimh chúirte a thabhairt ar aghaidh as cionta áirithe, lena n-áirítear tiománaithe neamhcheadúnaithe agus feithiclí neamhcheadúnaithe a bheith ag oibriú mar bheagfheithiclí seirbhíse poiblí. Chomh maith leis sin, féadfaidh oifigigh chomhlíonta pionóis ar an láthair a eisiúint as roinnt cionta sonraithe íocaíochta seasta. Is daoine údaraithe iad gach comhalta den Gharda Síochána freisin. Ní hé amháin go bhforfheidhmeoidh Oifigigh Comhlíonta agus Gardaí an reachtaíocht ach tabharfaidh siad treoir d’oibritheoirí BFSP freisin maidir le conas is féidir leo comhlíonadh a choinneáil ar bun agus dea-sheirbhís do chustaiméirí a thairiscint.

An Fhoireann Comhlíonta

Oibríonn daoine údaraithe agus oifigigh chomhlíonta an Údaráis chun dul chun tairbhe don tionscal agus do dhaoine atá ag taisteal. Tacaíonn siad le formhór mór na n-oibritheoirí BFSP a sholáthraíonn seirbhís phoiblí den chéad scoth agus a chinntíonn go gcoinnítear ardchaighdeáin ar bun ar fud an tionscail. Tá sé de cheart ag oifigigh chomhlíonta dul chun cainte le haon oibritheoir BFSP agus é/í ag obair. De ghnáth, bíonn siad ag iarraidh roinnt seiceálacha bunúsacha a dhéanamh ar an bhfeithicil nó ar an tiománaí. In amanna, is gnáthsheiceálacha iad sin. In amanna eile, is cuid d’imscrúdú ar ghearán iad. Tá sé de chumhacht ag daoine údaraithe doiciméid a iarraidh agus a urghabháil, agus féadfaidh siad freisin dul isteach in áitreabh a bhfuil baint aige le seirbhís BFSP a sholáthar, mar shampla oifig oibritheora seachadta, áit a bhféadfaidh siad fianaise a thógáil ar mhaithe le hionchúisimh fhéideartha.

Mar thiománaí, is amhlaidh, i gcás go rachaidh oifigeach comhlíonta chun cainte leat, gur féidir leat a bheith ag súil leis:

  • Go gcuirfidh an t-oifigeach é/í féin in aithne duit agus go dtaispeánfaidh sé/sí duit an cárta aitheantais barántas ceapacháin atá aige/aici
  • Go mbeidh an t-oifigeach múinte agus béasach
  • Go dtuigfidh an t-oifigeach go bhfuil tú ar obair agus nach gcuirfidh sé/sí moill ort gan ghá
  • Go seiceálfaidh an t-oifigeach comhlíonadh na gcaighdeán feithicle (dioscaí ceadúnais crioscaíldíonacha, faisnéis do phaisinéirí laistigh den fheithicil, trealamh sábháilteachta, glaineacht agus, i gcás gurb iomchuí, comhartha dín, tacsaiméadar agus printéir, agus rampaí do chathaoir rothaí)
  • Go seiceálfaidh an t-oifigeach go bhfuil do chárta taispeána tiománaí ar taispeáint agus go bhfuil an cárta aitheantais i do sheilbh, agus go dtaispeántar an fhaisnéis turais (i dtacsaí). Chun cabhrú lenár n-oifigigh a gcúraimí a chomhlíonadh, agus chun tú féin a chumasú filleadh ar do ghnó a luaithe is féidir, ba cheart duit comhoibriú le haon iarraidh réasúnach a dhéanann an t-oifigeach.

Mar thiománaí, táimid ag súil leis:

  • Go gcoinneoidh tú ar an eolas faoi na hoibleagáidí atá ort faoin reachtaíocht um beagfheithiclí seirbhíse poiblí
  • Go dtabharfaidh tú cúnamh agus faisnéis réasúnach do gach duine údaraithe, lena n-áirítear oifigigh chomhlíonta an Údaráis agus an Garda Síochána
  • Nach ndéanfaidh tú duine údaraithe a bhac ná a chosc, go gcomhlíonfaidh tú iarrataí an duine údaraithe agus nach dtabharfaidh tú faisnéis atá bréagach nó míthreorach dó/di

Freagracht

Ní mór go gcomhlíonfaidh aon fheithicil atá á hoibriú mar bheagfheithicil seirbhíse poiblí na Rialacháin um Beagfheithiclí Seirbhíse Poiblí. I gcás go n-oibreofar feithicil mar bheagfheithicil seirbhíse poiblí gan cheadúnas, féadfar úinéir na feithicle agus an tiománaí araon a chúiseamh sa chion. Mar sin féin, tá sé mar fhreagracht ar an tiománaí i ngach cás as a chinntiú go gcomhlíonann an fheithicil a bhfuil sé/sí ina bun na rialacháin, beag ceann ar cé leis an ceadúnas feithicle nó ar cé leis an fheithicil.

Gníomhaíocht Neamhdhleathach a Thuairisciú

Chun aon ghníomhaíocht neamhdhleathach a thuairisciú, cuir glao ar 0818 064 000 nó seol ríomhphost chuig compliance@nationaltransport.ie

Ní mór duit bheith in ann faisnéis leordhóthanach a thabhairt maidir leis an ngníomhaíocht chun cur ar chumas na Foirne Comhlíonta an tuarascáil a imscrúdú. Ní gá duit d’ainm a thabhairt. Mura féidir an fhaisnéis a fhíorú, áfach, is féidir nach mbeidh an Fhoireann Comhlíonta in ann aon ghníomh a dhéanamh.