Ceadúnas Feithicle Beagfheithiclí Seirbhíse Poiblí (BFSP) a Athrú nó a Mhalartú

Sracfhéachaint ar fheithicil BFSP a athrú
Cineál Ceadúnais Aois Brandáil Méid Costas Athraithe Feithicle Costas Athraithe Feithicle Dhéanaigh
Tacsaí Féach na rialacha aoise Is ea Féach an Liosta Feithiclí Oiriúnacha €195 €545
Tacsaí atá Oiriúnach do Chathaoir Rothaí Féach na rialacha aoise Is ea Tiománaí, cathaoir rothaí amháin agus paisinéir amháin €120 €545
Fruilcharr Féach na rialacha aoise Ní hea Féach an Liosta Feithiclí Oiriúnacha €195 €545
Fruilcharr atá Oiriúnach do Chathaoir Rothaí Féach na rialacha aoise Ní hea Tiománaí, cathaoir rothaí amháin agus paisinéir amháin €120 €545
Limisín Ceann ar bith Ní hea Féach Feithiclí Limisín a Roghnú €195 €545
Fruilcharr atá Oiriúnach do Chathaoir Rothaí Féach na rialacha aoise Ní hea Tiománaí, cathaoir rothaí amháin agus paisinéir amháin €120 €545
Fruilcharr Limistéir Áitiúil Faoi bhun 10 mbliana Ní hea Féach an Liosta Feithiclí Oiriúnacha €120 €545

Tá cúig chéim i gceist leis an bhfeithicil atá ar cheadúnas BFSP a athrú

Céim 1 – Forbhreathnú
Féadfaidh tú an fheithicil atá bainteach le ceadúnas BFSP a athrú ar choinníoll go bhfuil an fheithicil athsholáthair ródacmhainneach, oiriúnach chun úsáid mar bheagfheithicil seirbhíse poiblí agus trealmhaithe go cuí. Seiceáil an Liosta Feithiclí Oiriúnacha, Treoir Faisnéise G9 agus an Lámhleabhar Cigireachta ar Oiriúnacht Tosaigh inár rannán Foirmeacha agus Treoracha le haghaidh tuilleadh sonraí.

Céim 2 – Cad ba cheart duit a dhéanamh leis an bhfeithicil atá á hionadú
Roimh duit fáil réidh leis an bhfeithicil atá á hionadú agat ar an gceadúnas, ba cheart duit na nithe seo a dhéanamh:

  1. Na dioscaí crioscaíldíonacha a bhaint d’fhuinneoga tosaigh agus cúil na feithicle
  2. An comhartha dín a bhaint (más ann)
  3. An tacsaiméadar agus an printéir a bhaint (más ann)
  4. An bhrandáil tacsaí a bhaint de dhoirse tosaigh na feithicle (más ann)

Cuimhnigh nach mór duit na dioscaí crioscaíldíonacha a thabhairt leat chuig an gCigireacht ar Oiriúnacht Tosaigh ar an bhfeithicil ionaid.

Céim 3 – Na doiciméid riachtanacha
Ní mór duit na nithe seo a leanas a bheith ar láimh agat agus tú ag glaoch chun an Chigireacht ar Oiriúnacht Tosaigh a chur in áirithe don fheithicil ionaid toisc go mbeidh ort na mionsonraí a thabhairt ar an bhfón:
D’uimhir PSP;
Deimhniú árachais don fheithicil ionaid; agus
Deimhniú Tástála Náisiúnta Gluaisteán (TNG) don fheithicil ionaid.
Ní bheidh tú in ann Cigireacht ar Oiriúnacht Tosaigh a chur in áirithe murab amhlaidh gur bailí atá do dhoiciméid agus gur féidir iad a fhíorú ar líne.
Cuir coinne in áirithe ach glao a chur ar 0818 064 000. Is é an sealbhóir ceadúnais an t-aon duine a fhéadfaidh coinní a dhéanamh. Cuirfear ceisteanna slándála ar an nglaoiteoir chun aitheantas an ghlaoiteora a dheimhniú. Bailíochtaíonn an tÚdarás Náisiúnta Iompair (an tÚdarás) na doiciméid uile ar líne tráth d’áirithinte, agus fíoraíonn sé gur tusa úinéir na feithicle nó go bhfuil ceart dlíthiúil agat chun í a úsáid agus a shealbhú.
Agus tú ag cur do choinne in áirithe, beidh ort freisin na táillí ceadúnais agus cigireachta a íoc ach cárta creidmheasa nó cárta dochair a úsáid.

Céim 4 – An fheithicil a chur isteach le haghaidh a Cigireachta ar Oiriúnacht Tosaigh
Déantar an Chigireacht ar Oiriúnacht Tosaigh ag ceann amháin de na hionaid cheadúnúcháin feithiclí ar fud na tíre.

A luaithe a chomhlíonfaidh tú coinníollacha ceadúnúcháin an Údaráis agus a gheobhaidh d’fheithicil pas sa Chigireacht ar Oiriúnacht Tosaigh, athrófar na sonraí ceadúnais chun dáta agus cuirfidh an Cigire Ceadúnúcháin dioscaí ceadúnais crioscaíldíonacha le fuinneoga tosaigh agus cúil na feithicle ionaid. Tosaíonn an tréimhse ceadúnais le haghaidh na feithicle ionaid ar dháta a Cigireachta ar Oiriúnacht Tosaigh, beag beann ar dháta éaga an cheadúnais don fheithicil roimhe.

Ní ceadmhach duit tús a chur leis an bhfeithicil ionaid a oibriú mar bheagfheithicil seirbhíse poiblí go dtí go bhfuil an próiseas ceadúnúcháin athraithe feithicle curtha i gcrích agat.

Is féidir cigireachtaí a athsceidealú nó a chealú saor in aisce am ar bith roimh an lá oibre deiridh roimh an gcigireacht. Is féidir cigireachtaí a athsceidealú nó a chealú ar an lá oibre deiridh roimh an gcigireacht ach táille €45 a íoc. Ní féidir cigireachtaí a chealú ná a athsceidealú ar lá na cigireachta. I gcás go dteipfidh ort freastal ar do choinne sceidealta, caillfidh tú 100% den táille áirithinte. 

Céim 5 – Fíorú agus séalú an tacsaiméadair (tacsaithe agus tacsaithe atá oiriúnach do chathaoir rothaí amháin).
A luaithe a gheobhaidh an fheithicil pas sa Chigireacht ar Oiriúnacht Tosaigh agus a eiseofar an ceadúnas, ba cheart duit coinne a dhéanamh leis an tSeirbhís Méadreolaíochta Dlíthiúla chun fíorú agus séalú an tacsaiméadair a eagrú. Ba cheart duit aon litir coinne fíorúcháin a choinneáil san fheithicil go dtí go bhfuil an tacsaiméadar fíoraithe agus séalaithe.

Is cion coiriúil é oibriú gan ceadúnas feithicle reatha BFSP a bheith agat. Féadfar pionós atá suas le €5,000 a ghearradh as ciontú sa chion seo.