Ceanglais Tacsaí

Sracfhéachaint ar thacsaithe
Méid agus Oiriúnacht Seiceáil an nglactar nó nach nglactar leis an bhfeithicil ar an Liosta Feithiclí Oiriúnacha, féach an leathanach Foirmeacha agus Treoracha le haghaidh dhéanamh, mhúnla, stíl chabhlach agus bhliain na feithicle agus tabhair ar aird aon srianta maidir leis an líon áiteanna do phaisinéirí (is féidir nach gceadúnófar gach suíochán).
Doirse Éilítear ceithre dhoras.
Imir Ghloine Ní cheadaítear gloine dhorcha, seachas taobh thiar den phaisinéir. Fágann sé sin dáiríre nach gceadaítear gloine phríobháideachta ach amháin sa scáileán cúil don chuid is mó de shalúin, fiú i gcás go soláthrófar í go caighdeánach ón monaróir. Féach an Lámhleabhar Cigireachta ar Oiriúnacht Tosaigh chun a fháil amach conas is féidir é sin a sheiceáil.
Feithiclí modhnaithe I gcás nach mbeidh na suíocháin ina suíocháin bhunaidh, éileofar an Tuarascáil Iomlán ón Measúnóir Teicniúil agus sonraí tástála infheithicle tacaíochta. Féach an treoir maidir leis an Tuarascáil Iomlán ón Measúnóir Teicniúil.

Tabhair faoi deara go bhfuil méid mór ceanglas mionsonraithe ag gabháil le haon fheithicil neamhchaighdeánach agus tá an baol ann nach mbeidh tú in ann an fheithicil a cheadúnú choíche mura mbíonn an cruthúnas ar fad a theastaíonn agat. Tabhair faoi deara: ní mór gach Tuarascáil ón Measúnóir Teicniúil a bheith níos lú ná 60 lá d’aois.

Tiontuithe GPL Glactar le GPL ach éilítear an Tuarascáil shimplí LPG ón Measúnóir Teicniúil.
Aois Faoi bhun 10 mbliana d’aois, arna ríomh ó dháta an chéad chlárúcháin, beag beann ar cén áit ar cláraíodh an fheithicil ar dtús. Féach bosca “B” sa Deimhniú Clárúcháin Feithicle nó féach bosca “I” nó bosca “B” má tá bosca “B” folamh. Féach na Rialacha Aoise

Ceanglais

Chuir an tÚdarás Náisiúnta Iompair liosta feithiclí le chéile, ar liosta é atá miondealaithe de réir déanaimh agus múnla agus ina léirítear cé acu a chomhlíonfaidh nó nach gcomhlíonfaidh feithicil na ceanglais reachtúla. Tugtar an ‘Liosta Feithiclí Oiriúnacha’ ar an liosta sin. Sula gceannaíonn tú aon fheithicil lena húsáid mar thacsaí nó mar fhruilcharr, ní mór duit an Liosta Feithiclí Oiriúnacha agus an Lámhleabhar Cigireachta ar Oiriúnacht Tosaigh a léamh chun a bheith deimhin de gur dóigh don fheithicil bheith oiriúnach. Mura bhfuil aon fhaisnéis ann faoin bhfeithicil a bhfuil tú ag smaoineamh uirthi, nó má tá an chuma ar an iontráil sa Liosta Feithiclí Oiriúnacha nach bhfuil sí iomlán, ba cheart duit glao a chur ar Líne Faisnéise an Tionscail ag 076 1064 000.

Méid na feithicle

  • Ní mór limistéar bagáiste arb ionann é agus 420 lítear ar a laghad agus atá daingnithe ag sciath nó ag cumhdach, lena n-áirítear spás do chathaoir rothaí fillte, a bheith ar áireamh san fheithicil.
  • Ní mór é a bheith ar fáil le haghaidh bagáiste.
  • Ní mór nach mbeidh aon mhíreanna neamhdhaingnithe eile ann agus nach mbeidh sé salach ná tais. Féadfar ceanglas an toillte bagáiste a laghdú i gcás feithiclí áirithe, amhail feithiclí leictreacha nó hibrideacha, agus níl feidhm aige maidir le feithiclí atá bainteach le ceadúnais fruilchairr limistéir áitiúil.

Fuinneoga

Ní mór a bheith in ann 70 faoin gcéad ar a laghad de sholas infheicthe a tharchur tríd an ngaothscáth tosaigh. Féadfaidh an gaothscáth banda níos dorcha nach mó ná 125 mm ar doimhneacht a bheith aige ag an mbarr.
Ní mór gach fuinneog (taoibh) paisinéara a bheith glan agus inoibrithe go réidh.

Chun go bhféadfar feithicil a úsáid mar thacsaí (caighdeánach agus oiriúnach do chathaoir rothaí), ní mór a bheith in ann 70 faoin gcéad ar a laghad de sholas infheicthe a tharchur trí na fuinneoga taoibh in aice na bpaisinéirí. Fágann sé sin dáiríre nach bhféadfaidh ach an ghloine taobh thiar den limistéar paisinéirí bheith níos dorcha. Seiceáil an uimhir ceadaithe ar an ngloine. Más ann d’uimhir Rómhánach V in aice na huimhreach ceadaithe Eorpaí, is ródhorcha atá an ghloine agus ní éireoidh léi sa Chigireacht ar Oiriúnacht Tosaigh.

Glaineacht

Ní mór bail mhaith ghlan a bheith ar an bhfeithicil. Ní mór na suíocháin a bheith cumhdaithe go cuí agus glan agus ní mór bail shláinteach a bheith orthu. Ní mór an phéint sheachtrach a bheith comhsheasmhach. Ní mór nach mbeidh deisiúcháin phéinte ná deisiúcháin chabhalra á ndéanamh ar an bhfeithicil.

Tacsaiméadar

Ní mór tacsaiméadar atá calabraithe agus fíoraithe leis an Ordú Náisiúnta reatha um Tháillí Uasta agus atá nasctha le printéir atá ag obair a bheith ag an bhfeithicil.

Comhartha dín

Ní mór comhartha dín oifigiúil a bheith feistithe leis an bhfeithicil.

Brandáil

Ní mór brandáil fhorordaithe tacsaí atá curtha lena doirse tosaigh a bheith ag an bhfeithicil.

Do chomhartha dín a úsáid

Ní mór do chomhartha dín a bheith feistithe le linn duit do thacsaí a oibriú agus ní mór duit an comhartha a bhaint nuair atá an fheithicil i limistéar poiblí agus nach bhfuil sé á oibriú mar thacsaí. Coinnigh solas an chomhartha dín curtha air nuair atá d’fheithicil ar fáil le fruiliú (lena n-áirítear le linn seasamh i láthair feithimh), agus coinnigh é curtha as nuair nach bhfuil an fheithicil ar fáil le fruiliú (mar shampla, le linn paisinéir a iompar nó le linn tiomáint chun custaiméir réamháirithinte a ghlacadh).

Dioscaí ceadúnais crioscaíldíonacha

Sonraítear mionsonraí ceadúnais agus feithicle ar na dioscaí ceadúnais crioscaíldíonacha. Áirítear leo sin: uimhir cheadúnais na feithicle agus dáta éaga an cheadúnais; uimhir chlárúcháin, dath agus cineál na feithicle; agus cá mhéad paisinéir atá an fheithicil ceadúnaithe le hiompar. Cuirtear na dioscaí sin ar fhuinneog thosaigh agus fhuinneog chúil na feithicle nuair atá sí ceadúnaithe agus fanann siad faoi úinéireacht an Údaráis Náisiúnta Iompair i gcónaí.